Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta le reáchtáil den chéad uair

Tá beartaithe ag Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta a reáchtáil idir an 22-23 Meitheamh

Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta le reáchtáil den chéad uair

Ionad Spórt Thuar Mhic Éadaigh

Reáchtálfar Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta i gcontae Mhaigh Eo den chéad uair riamh an mhí seo chugainn.

Tá cumann liathróid láimhe Thuar Mhic Éadaigh le tús a chur le comórtais aon-bhalla nua do pháistí agus do dhaoine fásta as na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Beidh na comórtais ar súil in Ionad Spórt Thuar Mhic Éadaigh idir 22 agus 23 Meitheamh.

Bunaíodh Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh anuraidh agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2017, a reáchtáladh sa cheantar, a spreag iad chun an comórtas nua a thosú.

“Cheapamar gur deas an rud a bheadh ann dá mbeadh comórtas liathróid láimhe ann do dhaoine as an nGaeltacht,” a deir rúnaí an chumainn Micheál Ó Fhlainn.

“Bheadh sé iontach seans a thabhairt do dhaoine liathróid láimhe a imirt agus Gaeilge a labhairt.”

Deir Ó Fhlainn go raibh comórtas dúbailte ann mar chuid de Chomórtas Peile na Gaeltachta i Maigh Cuilinn in 2014 ach gurb í seo an chéad uair go mbeidh comórtas aon-bhalla ann.

“Tá liathróid láimhe an-láidir i gConamara agus áiteanna mar sin. Labhair muid le cumainn eile, Inis Mór, Inis Oírr, Micheál Breathnach, Maigh Cuilinn, Eanach Cuain. Léirigh siad uile suim sa chomórtas.”

Chomh maith leis na daoine a imríonn do chumann Gaeltachta, tá Ó Flainn ag iarraidh cuireadh a thabhairt d’imreoirí atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht ach arbh as an nGaeltacht ó dhúchas iad agus do dhaoine atá ag obair nó ag staidéar sa Ghaeltacht. Beidh cuireadh á thabhairt freisin do chumainn eile a bhfuil iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe ó thuaidh.

“Bheadh súil againn go dtiocfadh daoine as áiteanna ar nós Thír Eoghain, Aontroma agus an Dúin chomh maith,” a deir sé. Caithfidh aon chumann atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chomórtas plean teanga a bheith acu.

Deir sé go bhfuil súil aige go rachaidh an comórtas ó neart go neart amach anseo.

“Bheadh sé iontach dá mbeadh sé ar nós Chomórtas peile na Gaeltachta, ag dul ó háit go háit. Má bhíonn comórtas maith againn anseo i mbliana, b’fhéidir go mbeadh sé in Indreabhán an chéad bhliain eile nó thuas i dTír Eoghain amach anseo,” arsa Ó Fhlainn.

“Beidh an Comórtas Peile ag ceiliúradh 50 bliain thíos i gCiarraí i mbliana agus níl aon chúis ann nach mbeadh an comórtas liathróid láimhe ann ar feadh blianta fada chomh maith.”

Is é an 10 Meitheamh an spriocdháta chun cur isteach ar na comórtais. Is féidir foirm iontrála a íoslódáil anseo nó clárú ar líne anseo.

Fág freagra ar 'Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta le reáchtáil den chéad uair'

  • Comórtas “Gaeltachta” eile faoi bhrú ón Bhéarla

    Ní teanga beo pobail í an Ghaeilge i dhá thrian den Ghaeltacht Oifigiúil agus dá bhrí sin is beag ciall le teideal “comórtas Gaeltachta”. Is beag maitheas a dhéanann Pleananna Teanga nuair is screadaíl i mBéarla ón taobhlíne agus comhráite i mBéarla sa phb is mó a cloistear le linn Chomórtais Peile na “Gaeltachta”.