Comórtas fógartha le hainm a mholadh d’Ionad Cultúrtha nua ar Inis Meáin

Tá tús curtha le forbairt mhór cultúrtha ar Inis Meáin in Oileáin Árainn agus é beartaithe athchóiriú a dhéanamh ar Óstán Inis Meáin mar ionad cultúrtha. Labhair Tuairisc Úna Ní Fhlannagáin atá i gceannas ar an tionscadal

Comórtas fógartha le hainm a mholadh d’Ionad Cultúrtha nua ar Inis Meáin

As Creachmhaoil, in oirthear chontae na Gaillimhe ó dhúchas, tháinig Úna Ní Fhlannagáin, cláirseoir aitheanta, go hInis Meáin sa mbliain 2020 agus tá sí ina cónaí ann ó shin. Bhí pobal an oileáin, an ciúnas agus an timpeallacht álainn ina spreagadh aici cónaí ann.

“Bhí athrú mór ar mo shaol de bharr na paindéime, agus cuireadh ceist orm saothar a dhéanamh faoi sheanré na nGael agus nuair a chríochnaigh mé é sin, bhí am fágtha agam.

“Ní raibh cead taistil ach ar fud chontae na Gaillimhe ag an am de bharr na srianta a bhain le Covid. Chinn mé dul go hInis Meáin toisc an dúchais láidir ann; chuaigh mé ann ar feadh seachtaine i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus bhí sé draíochtúil.”

Tá moladh mór aici don phobal as an tacaíocht a tugadh di le dul i dtaithí ar an saol ar an oileán.

“Bhí an t-ádh dearg orm, fuair mé go leor tacaíochta ó mhuintir na háite a bhí an-chabhrach agus an-fháiltiúil. Mar shampla, bhí iascaire áitiúil a tháinig chugam agus a dúirt go raibh carr aige nach raibh sé ag baint úsáid as ag an am is thug sé ar iasacht dom é.

“Bhí daoine iontacha ag tabhairt cúnaimh dom maidir leis na rudaí praiticiúla, ceannacht bia, cúrsaí iompair, agus mar sin de, a bhaineann leis an saol ar oileán.”

Chuir sí spéis ón gcéad seachtain sin i bhfoirgneamh Óstán Inis Meáin, a bhí fágtha folamh ón mbliain 2013. Bhí brón uirthi an áit a fheiceáil tréigthe agus mheas sí go bhféadfaí go leor a dhéanamh leis agus go raibh féidearthachtaí maithe ann.

“Ba mhór an peaca nach raibh sé ar oscailt in aon chor, bhí poll sa díon agus mar sin bhí dochar á dhéanamh ag gach braon báistí a chuaigh isteach ann. Go bunúsach beagnach ón gcéad seachtain sin, d’éirigh mé gafa leis an bhfoirgneamh.

“Bhí mé ag caint le daoine, ag léamh faoi agus ag déanamh taighde faoi. Ní raibh sé ar díol ag an am, ach ansin ag deireadh 2023 chuaigh sé ar an margadh.”

Cé go raibh go leor machnaimh déanta aici faoin bhfoirgneamh, níor chuimhnigh sí ar é a cheannacht ar dtús nuair a chuaigh sé ar an margadh. Ach caithfidh go raibh síol na físe ina hintinn mar is gearr gur thosaigh sí ag brionglóidí faoi.

“Dháiríre, thosaigh mé ag brionglóidí faoi! Théis b’fhéidir an tríú, nó ceathrú huair dó sin tarlú dom, thuig mé go raibh orm aird a thabhairt ar an deis. Mar go raibh an oiread sin taighde agus smaointeoireachta déanta agam, bhí mé réidh le plean gnó a chur le chéile.

“Nuair a bhí an plean gnó réitithe agam chuaigh mé ag caint le daoine a bhfuil suim acu sa gcultúr ar an oileán, agus ag lorg infheistíochta, agus sa deireadh d’éirigh liom airgead a thabhairt le chéile agus infheistíocht a chur isteach.”

Fuair sí na heochracha isteach ina lámh le deireanas. Tá sé beartaithe go n-osclófar an t-ionad in 2027 agus go mbeidh réimse  cúrsaí ar fáil ann; sa Ghaeilge, sa cheol, sna healaíona traidisiúnta, san oidhreacht, agus go leor ábhar eile.

D’fhógair sí comórtas oscailte an tseachtain seo caite ag lorg moltaí le hainm nua don ionad cultúrtha. Tá sí ag iarraidh go mbeidh an pobal páirteach ann ón tús agus tá an comórtas seo ina chuid de sin aici.

“Is mian linn gur próiseas comhoibritheach a bheidh sa tionscadal seo, agus go mbeidh deis ag an bpobal a bheith páirteach ann. Mar sin, tá moltaí á lorg againn maidir le hainm don Ionad.

“Tá suim ar leith againn in ainmneacha a bhfuil baint acu leis an oideachas, leis an oidhreacht, leis an timpeallacht, nó le saintréithe Inis Meáin,” a deir sí.

Gheobhaidh an buaiteoirí dearbhán €1,000 le húsáid san ionad nuair a osclófar é.

Togra pobail é seo, a deir Úna Ní Fhlannagáin.

“Tá sé seo á chur chun siúil ar son an phobail, agus tá súil agam go mbeidh an pobal páirteach ón tús ar fad. Sin é an fáth go bhfuil mé ag reáchtáil an chomórtais seo, d’fhéadfainn dul ag iarraidh comhairle ó chomhlacht margaíochta, ach ní hé sin an cur chuige atá ar intinn agam don togra seo.”

Beidh an ceol i gcroíláir obair an ionaid nua freisin.

“Níl aon áit in Éirinn a bhíonn ag déanamh cúrsaí a bhaineann leis an gceardaíocht agus an saol traidisiúnta, an ceol agus an Ghaeilge in aon áit amháin.

“Tá mé ag iarraidh go mbeidh na cúrsaí seo ag plé leis an gceardaíocht agus na scileanna eile taobh leis chomh maith. D’fhéadfá bheith ag dul amach ag iascach ar maidin agus san ardtráthnóna thaispeánfaí duit cén chaoi leis an ronnach a rug tú air ar maidin a ghlanadh is a chócaireáil go traidisiúnta. Níl ansin ach sampla amháin.”

Beidh an ceol go mór chun tosaigh sna cúrsaí a chuirfear ar fáil freisin. Tá 22 ceoltóir aitheanta dearbaithe le teacht in 2027 agus as an ngrúpa sin tá Gradam Ceoil TG4 bronnta ar sheisear acu.

“Beidh ranganna le fáil ó dhaoine nach múineann ranganna de ghnáth. Beidh na cúrsaí an-fhairsing agus iad ag cur blaiseadh de shaol an oileáin ar bhonn iomlánaíoch ar fáil. Chomh maith leis sin beidh réalta ceoil dochreidte linn freisin.”

Fág freagra ar 'Comórtas fógartha le hainm a mholadh d’Ionad Cultúrtha nua ar Inis Meáin'

  • Séamus Ó Coscair

    meitheal mara:

  • Pádraig Ó Flannabhra

    IONAD IONTAS NA N-IONTAS .

    Ionad Iontas na n-Iontas.
    ======================
    Iontad na n-Iontas
    ======================
    Iontas na n-Iontas
    ====================
    Rosc Iontais Inis Meáin
    ======================
    Torann na n-Iontas .
    ====================
    Ionad Úna .
    =====================

    IONAD UAITHNE .
    ================

    UAITHNE ÚNA.
    =====================
    UAITHNE INIS MEÁIN
    =======================

  • Pádaí Rua

    Ceist agam? Cá háit ar chóir na moltaí a chur – ainm nua? nó an bhfuil an comórtas seo eagraithe go rúnda le haghaidh phobal Inis Meáin?