Comórtas d’amhráin nuachumtha Ghaeilge fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Dhá chatagóir a bheidh sa chomórtas – ceann d’amhránaithe aonair agus ceann do ghrúpaí

Comórtas d’amhráin nuachumtha Ghaeilge fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Tá comórtas d’amhráin nuachumtha Ghaeilge fógartha ag Oireachtas na Gaeilge inniu.

Dhá chatagóir a bheidh sa chomórtas – ceann d’amhránaithe aonair agus ceann do ghrúpaí.

‘Amhrán i nGaeilge amháin nár chualathas go poiblí cheana’ atá ceadaithe sa chomórtas.   Glacfar le hamhrán in aon seánra.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, go raibh “lúcháir” orthu an comórtas a fhógairt.

“Ag an tráth seo den bhliain, is gnách le Gaeil a bheith i mbun cumadóireachta agus ag cleachtadh stéibheanna ag réiteach don Oireachtas. Ba mhór an feall é go ngabhfadh bliain eile thart gan amhráin nua i nGaeilge a bheith againn agus is chuige sin atá an comórtas seo. Táimid ag tnúth go mór le héisteacht leis na hamhráin úrnua ar fad.”

Reáchtálfar an craobhchomórtas ag ócáid i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, an 29 Deireadh Fómhair 2021, le linn Oireachtas na Samhna.

€1,000 a bhronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais aonair agus €1,500 a bheidh ag buaiteoirí chomórtas na ngrúpaí. Má bhíonn ceol “úrnua” leis na hamhráin a n-éiríonn leo bronnfar €500 ar chumadóir an cheoil.

Is é an spriocdháta iontrála ná an 15 Deireadh Fómhair 2021.

Is féidir iontráil a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.

Fág freagra ar 'Comórtas d’amhráin nuachumtha Ghaeilge fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'