Comóradh sollúnta ar Lá an Neamhspleáchais san Úcráin sé mhí ó thús ionradh na Rúise

31 bliain ó fuair an tír a neamhspleáchas ón Rúis cuireadh cosc ar aon slógaí de bharr imní faoi ionsaithe 

Comóradh sollúnta ar Lá an Neamhspleáchais san Úcráin sé mhí ó thús ionradh na Rúise

Lá mór é an lá inniu san Úcráin – Lá an Neamhspleáchais – 31 bliain ó fuair an tír a neamhspleáchas ón Rúis. 

Ach cuireadh cosc ar aon slógaí ná cruinnithe de bharr imní faoi ionsaithe ón Rúis. Ar ndóigh leochaileach go maith atá an neamhspleáchas sin mar sé mhí is an lá inniu a rinne an Rúis an t-ionradh is deireanaí ar an Úcráin. 

D’fhreastail an tUachtarán Volodymyr Zelensky agus a chéile, Olena, ar shearmanas san ardeaglais agus thugadar cuairt ar leacht cuimhneacháin in Kyiv do na saighdiúirí a maraíodh agus leagadar bláthanna gorma agus buí ag ‘Balla Cuimhneacháin na gCosantóirí atá ar Lár’.

Ina fhíseán laethúil inniu, gheall an tUachtarán go bhfaigheadh siad ar ais “críocha uile na hÚcráine, gan géilleadh ná comhréiteach” agus “go dtroidfidís go bás”.

“Ní shuímid chun boird [le haghaidh cainteanna] faoi fhaitíos agus gunna dírithe ar ár gcloigne. Is uafásaí linne geimhle ná diúracáin, aerárthaí agus tanacanna,” a dúirt an tUachtarán. 

Searmanas cuimhneacháin do na saighdiúirí a maraíodh sa troid le sé mhí a eagraíodh freisin i gcathair Lviv in iarthar na tíre, searmanas dá dteaghlaigh agus do lucht údaráis. Eagraíodh searmanas freisin ag uaigheanna saighdiúirí sa reilig in Lychakiv. 

Dúirt Oleksii Reznikov, Aire Cosanta na hÚcráine, gur bheag a cheap éinne riamh go mbeadh sé ina chogadh inniu idir an Úcráin agus an Rúis 31 bliain ó shin nuair a fuair an tír a neamhspleáchas. “Bhíomar cinnte go mbeimis inár gcairde agus inár gcomharsana,” a dúirt Reznikov. “Is cinnte nár cheapamar go mbeadh ár gcomharsa béal dorais chomh dána agus chomh glic.”

Thug Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine, cuairt ar Kyiv inniu agus tacaíocht á léiriú aige don Úcráin. 

“Baineann a dtarlaíonn san Úcráin linn ar fad agus seasfaidh an Ríocht Aontaithe léi,” a dúirt Johnson.

Gheall an tUachtarán Biden luach $3 billiún breise de chúnamh míleata don Úcráin.

Dúirt Ursula von der Leyen, ceannasaí an Choimisiúin Eorpaigh, go raibh an Eoraip “ag seasamh leis an Úcráin inniu agus sa bhfadtéarma”.

Fág freagra ar 'Comóradh sollúnta ar Lá an Neamhspleáchais san Úcráin sé mhí ó thús ionradh na Rúise'