‘Mura bhfuil tú trína chéile, ní thuigeann tú an scéal i gceart.’
Is i mBéal Feirste le linn ré na dTrioblóidí is túisce a chuala scríbhneoir an cholúin seo an ráiteas sin, mar fhainic ar iriseoirí soineanta a shíl go raibh an fhírinne iomlán aimsithe acu.
Bíonn gach scéal níos casta ná mar a shíleann ár bhformhór, agus a chríoch idir dhá cheann na meá fiú nuair a shíltear nach gá é a iniúchadh níos mó.
Tá leagan níos oscailte den ráiteas thuas le cloisteáil i Londain faoi láthair agus gan ach sé seachtaine fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta.
Admhaíonn gach iriseoir agus polaiteoir neamhchlaonta thall nach bhfuil tuairim acu conas ná cén uair a chuirfear deireadh le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach. Admhaíonn a mbunáite freisin nach féidir a bheith lánchinnte fós go gcuirfear deireadh léi.
Ní haon iontas é mar sin gur mó an aird a thug meáin na Breataine le cúpla lá ar thairngreacht státseirbhísigh (a chualathas i ngan fhios dó féin) ná ar scaothaireacht na bpolaiteoirí in Westminster.
Chuala comhfhreagraí ITV sa Bhruiséil Ollie Robbins, príomhchomhairleoir Theresa May sna cainteanna leis an Aontas Eorpach, ag caint i dteach ósta sa chathair oíche Dé Luain. Is éard atá beartaithe ag an bpríomh-aire, a dúirt sé, gan a bheith ar an mbord ag deireadh na míosa seo chugainn ach rogha idir (a) an comhréiteach aistarraingthe, ar dhiúltaigh móramh i dTeach na bhFeisirí dó, agus (b) moill a chur ar an dáta aistarraingthe. Níor séanadh a ráiteas.
Tá ‘fianaise’ luachmhar ó theach ósta eile faighte ag Tuairisc.ie a léiríonn ghnáthchur chuige Theresa May agus í ag déileáil le roghanna crua ag an nóiméad deireanach. Ar chúiseanna nach gá a mhíniú, ní féidir sonraí a thabhairt a léireodh foinse ná dáta an chomhrá mall-san-oíche seo.
THERESA MAY: An mbeadh bord agat do cheathrar?
FREASTALAÍ: Tá, féach ansin é, ach…
MAY: An mbeidh G&T ag gach duine? Go breá. Ceithre G&T led’ thoil.
FREASTALAÍ: Beidh an chistin ag dúnadh i gceann cúig nóiméad.
(Tugann sí biachláir don phríomh-aire agus dá lucht cúnta).
MAY: Ní gá dom breathnú air. Beidh mairteoil agamsa.
FREASTALAÍ: Is bialann í seo d’fheoilséantóirí, mar atá scríofa ar an gcomhartha atá le hais an dorais lasmuigh.
MAY: Ní oireann an coinníoll sin dúinn. Is féidir linn teacht ar réiteach má thugann tú aird orm, is é sin má theastaíonn uait go mbeadh caidreamh réasúnta eadrainn as seo amach. Táim toilteanach breathnú ar an mbiachlár mar sin féin.
(Filleann an freastalaí tar éis trí nóiméad)
FREASTALAÍ: An bhfuil sibh ullamh le hordú?
MAY: Tá réiteach na faidhbe againn. Ceannóimid ceithre stéig sa Waitrose [ollmhargadh Sasanach] trasna an bhóthair. Is féidir libhse iad a réiteach i…
FREASTALAÍ: Ach, mar a dúirt mé leat, is bialann í seo d’fheoilséantóirí. Beidh ort rud éigin atá ar an mbiachlár a ordú.
MAY: Éist liom, led’ thoil. Mar a dúirt mé, tig libh na stéigeanna a chur i bhfriochtáin speisialta, ar féidir iad a ghlanadh le glantach láidir ionas nach mblaisfear aon rian den fheoil ina dhiaidh.
FREASTALAÍ: Dodhéanta. Sháródh a leithéid ár rialacha, agus ár bprionsabail.
MAY: Táim cinnte gur féidir teacht ar chomhréiteach, má tá meas mar ba chóir agat ormsa agus ar mo chomrádaithe.
FREASTALAÍ: Níor iarr custaiméir ar bith riamh socrú mar seo. Agus, mar a dúirt mé leat ar ball, tá an chistin ag dúnadh.
MAY: Murar miste leat, ba mhaith liom seift a shásódh an dá thaobh a phlé leis an bpríomhfhreastalaí, agus leis an chef, agus leis an mbainisteoir, agus leis na stiúrthóirí go léir.
(Cuirtear fios ar an bpríomhfhreastalaí, agus ar an chef, agus ar an mbainisteoir. Ainneoin gach comhrá, ní aimsítear réiteach)
FREASTALAÍ: Tá an chistin dúnta. Tá an chef imithe abhaile.
MAY: Ach dúirt mé leat gur theastaigh bia uainn.
FREASTALAÍ: Ar mhaith libh piseanna talún, b’fhéidir? Nó ológa, nó criospaí?
MAY: Ní mór dom a rá leat go n-imeoimid, mura bhfaighimid béile.
FREASTALAÍ: Níl neart air sin. Mar a dúirt mé…
MAY: Agus ní íocfaimid as na deochanna ach oiread.
FREASTALAÍ: Mura n-íocann, ní chuirfear fáilte romhaibh anseo arís.
MAY: Bhí muid sásta glacadh le comhréiteach, ach ní raibh duine ar bith anseo toilteanach a bheith réasúnta.
FREASTALAÍ: Gabhaim mo leithscéal ach…
BAINISTEOIR (ag caint leis an bhfreastalaí): Ná bac leo. Shíl mé ón uair a d’oscail an dream sin an doras go raibh fonn achrainn orthu. Níl neart air. Beimid slán socair dá n-uireasa.
Des O Murchu
Teastoidh Fry Ultach, Squash Oiraistech, Bushmills Dubalta Fuisce mar leigheas ar chloigeann tinn an maidin ina dhiadh!