Tá an rialtas ag cur brú ar rialtas na Breataine cruinniú den Chomhdháil Idir-Rialtasach a reáchtáil go luath ach níl freagra deimhneach tagtha fós ó Londain. Níor tionóladh cruinniú den Chomhdháil ó 2019.
Ba léir an éiginnteacht maidir leis an gcruinniú atá á iarraidh le tamall ag an rialtas nuair a labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le coiste gnóthaí eachtracha an Oireachtais Dé Máirt.
Dúirt sé go mb’fhéidir go reáchtálfaí cruinniú den Chomhdháil (ar cuid í de struchtúir Chomhaontú Aoine an Chéasta) sna seachtainí nó sna míonna atá romhainn.
Ainneoin na héiginnteachta sin, áfach, tá airí i mBaile Átha Cliath dóchasach go dtuigtear riachtanas an chomhoibrithe i Londain, go háirithe ó díbríodh Arlene Foster as oifig mar cheannaire ar an DUP.
Ar ndóigh ní féidir a bheith muiníneach riamh as an bPríomh-Aire Johnson.
Mar sin féin, tá an chuma ar a ndúirt Johnson faoi Thuaisceart Éireann le tamall go dtuigeann sé gur chóir agus gur fiú cloí le Comhaontú Aoine an Chéasta agus le Prótacal an Tuaiscirt – fiú agus athruithe ar chur i bhfeidhm an Phrótacail á bplé leis an Aontas Eorpach.
Is mó an éiginnteacht maidir le todhchaí an Fheidhmeannais in Stormont.
Táthar dóchasach, áfach, is cuma cé a thoghfar mar cheannaire nua ar an DUP, go mbeidh drogall ar an bpáirtí tarraingt amach as. Dá dteipfeadh ar an bhFeidhmeannas arís, ní fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh aon suim dháiríre ag rialtas na Breataine in iarracht láidir eile é a athbheochan.
Beidh an léargas polaitiúil ar fud an dá oileán níos soiléire, nó níos éiginnte b’fhéidir, tar éis toghchán Pharlaimint na hAlban Déardaoin seo chugainn. Má thoghtar móramh sa Pharlaimint a bheidh i bhfabhar reifreann ar neamhspleáchas na tíre (mar atá á thuar sna pobalbhreitheanna), athróidh an comhthéacs ina mbreithneoidh gach duine sa Ríocht Aontaithe todhchaí an Tuaiscirt.
Má thagann stuaim i réim i measc ionadaithe tofa an DUP (rud nach féidir a chinntiú faoi láthair agus an páirtí ag teannadh le cul de sac polaitiúil) b’fhéidir go neartódh an tuairim ina measc go mb’fhearr an Feidhmeannas a choinneáil ina bheo mar chosaint ar an aontas leis an mBreatain.
Ar an dara dul síos, dhúiseodh vóta i bhfabhar an neamhspleáchais in Albain caint arís abhus ar cheist ar mian leis an rialtas í a sheachaint: nár chóir don rialtas tionól saoránach nó fóram de chineál éigin a reáchtáil chun todhchaí an oileáin a phlé?
Is léir na fáthanna réasúnta go dteastaíonn ón rialtas béim a chur ar roinnt an oileáin agus ar chomhthuiscint a chothú go mall idir an dá chuid de seachas ar athaontú na tíre. Ach tharraingeodh an éiginnteacht ó thuaidh a spreagfadh vóta in Albain i bhfabhar an neamhspleáchais aird ar riachtanas eile.
Abair, mar shampla, go bhfógródh rialtas Johnson reifreann gan choinne ar cheist na teorann. Nó abair, mar shampla eile, go dtoghfaí Michelle O’Neill ó Shinn Féin mar Chéad-Aire tar éis toghchán an Chomhthionóil an bhliain seo chugainn.
Ní dheimhneodh ceachtar cuir i gcás acu sin go vótálfadh móramh ó thuaidh i bhfabhar athaontaithe, ná go mbeadh rialtas na Breataine toilteanach vóta ar cheist na teorann a cheadú. Ach léireodh an dá shampla an easpa ullmhúcháin a chuirfí i leith an rialtais i mBaile Átha Cliath.
B’fhearr todhchaí an oileáin a phlé go staidéarach agus go cuimsitheach i bhfad sula mbeidh socruithe cinniúnacha riachtanach.
Aguisín
Chláraigh an Taoiseach é féin chun vacsaín a fháil i rith na seachtaine. Dúirt Micheál Martin, atá seasca bliain d’aois, go raibh sé ag tnúth go mór le vacsaín a fháil “go luath”.
Nach díol áiféise mar sin féin é nár iarr an Taoiseach ná airí eile sa rialtas vacsaíniú roimhe seo ar fhaitíos go gcuirfí léim chun cinn ar dhaoine eile ina leith.
B’fhearr a dhéanfaidís leas na tíre dá mbeidís vacsaínithe i bhfad roimhe seo ionas go mbeidís ábalta a ndualgais a chomhlíonadh gan víreas a bheith ag cur isteach ar a gcuid oibre ar ár son.
Fág freagra ar 'Comhoibriú idir an dá rialtas de dhíth agus an DUP ag teannadh le cul de sac contúirteach '