Comhlacht i nGaeltacht Dhún na nGall tar éis conradh mór a shíniú le Jaguar Land Rover

Fostaíonn Fáisc Miotail Éireann Teo 70 duine faoi láthair agus tá súil acu suas le 90 post eile a chruthú as seo go ceann cúig bliana

Comhlacht i nGaeltacht Dhún na nGall tar éis conradh mór a shíniú le Jaguar Land Rover

Tá comhlacht Gaeltachta chun táirgí a sholáthar do cheann de na déantóirí carranna is mó sa Bhreatain.

Tá conradh gur fiú na milliúin euro é sínithe ag Fáisc Miotail Éireann Teo (Irish Pressings) le Jaguar Land Rover chun uirlisí agus páirteanna a chur ar fáil.

Is in 2005 a bhunaigh Declan agus Brendan Ward an comhlacht, atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair.

Cuireann Fáisc Miotail Éireann Teo, táirgí ar fáil do leithéidí Honda, BMW agus Volkswagen agus súil ann go dtiocfaidh tuilleadh forbartha ar an gcomhlacht de dheasca an chonartha nua seo.

Fostaíonn Fáisc Miotail Éireann Teo 70 duine faoi láthair agus tá súil acu suas le 90 post eile a chruthú as seo go ceann cúig bliana.

Tá monarcha an chomhlachta dúnta i láthair na huaire de bharr an choróinvíris ach meastar go gcuirfidh an conradh nua le Jaguar Land Rover, a gcuirfear tús leis in 2021, borradh faoi chúrsaí arís nuair a athosclóidh an mhonarcha.

Fág freagra ar 'Comhlacht i nGaeltacht Dhún na nGall tar éis conradh mór a shíniú le Jaguar Land Rover'