Tá cead tugtha ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ABC) comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar an tsráid ‘Woodside Hill’ nó ‘Cnoc Chois Coille’ i bPort an Dúnáin i gcontae Ard Mhacha.
Bhí an t-athbhreithniú breithiúnach, a thug Iris Hagan, duine de chónaitheoirí na sráide, os comhair na hArd-Chúirte, ar siúl le dhá bhliain anuas tar éis don chomhairle diúltú dá hiarratas comhartha dátheangach a chrochadh ann.
Shásaigh Hagan critéir na comhairle féin faoina bpolasaí sráidainmneacha, ach diúltaíodh don iarratas mar sin féin. Is gá go gcuirfeadh 33% de chónaitheoirí na sráide a n-ainm le hachainí le haghaidh ainmchlár dátheangach. Agus an méid sin déanta, cuirfidh an chomhairle suirbhé ar chónaitheoirí uile na sráide, agus caithfidh 66% acu a bheith i bhfách leis an gcomhartha.
Thionscain Hagan an t-athbhreithniú breithiúnach i mí Eanáir 2024 nuair a diúltaíodh dá hiarratas ag cruinniú de chuid Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon ar an 23 Deireadh Fómhair 2023.
Bhí cead ag Hagan iarratas eile a dhéanamh dhá bhliain i ndiaidh don chomhairle an chéad cheann a dhiúltú in 2023, rud a rinne sí. D’éirigh leis an iarratas sin nuair a glacadh leis ag cruinniú de chuid na comhairle níos luaithe i mbliana.
Ceadaíodh an t-iarratas nua sular tháinig aon bhreithiúnas ón Ard-Chúirt agus beartaíodh deireadh a chur leis an athbhreithniú breithiúnach mar gheall nach raibh gá leis a thuilleadh le comharthaíocht dhátheangach a fháil. Dúnadh an cás sin go hoifigiúil inné tar éis don chinneadh nua ón gcomhairle teacht i bhfeidhm.
Dúirt Iris Hagan go bhfuil “áthas an domhain” uirthi go bhfuil an “próiseas fada” tagtha chun críche.
“Mar sheanmháthair daltaí Gaeloideachais cuirfidh an comhartha seo in iúl go soiléir dóibh go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil fáilte roimh a dteanga dhúchais agus nach gcuirfidh aon mhéid moille ná aon mhéid diúltaithe a gcuid ceart as feidhm,” a dúirt sí.
Ghabh sí buíochas lena foireann dlí ó Phoenix Law, Jude Bunting, Karl McGuckin agus le foireann Chonradh na Gaeilge a “thug comhairle agus tacaíocht ollmhór” di.
Mhaígh Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil polasaí sráidainmneacha Chomhairle ABC “deartha chun bac ollmhór a chur roimh an nGaeilge” agus go raibh iompar na comhairle “do-chosanta” le ceithre bliana anuas.
“Cé gur sháraigh cónaitheoirí Chnoc Chois Coille tairseach éagothrom na comhairle go soiléir, agus cé go raibh tromlach ollmhór ar son na comharthaíochta, dhiúltaigh comhairleoirí Aontachtacha don iarratas arís agus arís eile.
“Léiríonn an bua seo, áfach, nach féidir linn géilleadh riamh, nach mór dúinn ár bhfód a sheasamh agus ár gceart a éileamh go soiléir agus go leanúnach,” a dúirt Nic Liam.
Mhol sí “díograis, fuinneamh agus tiomantas” Iris Hagan as a chinntiú go mbeadh “an Ghaeilge curtha in airde go hoifigiúil” ar an tsráid.
Chuir an MLA do Shinn Féin John O’Dowd fáilte roimh an scéala go bhfuil comharthaíocht nua le crochadh ar Chnoc Chois Coille agus mhol Hagan agus cónaitheoirí eile na sráide as a mbua.
“Tá [an bua] seo thar a bheith suntasach ó tharla gur thacaigh formhór na gcónaitheoirí leis an moladh ach gur chuir comhairleoirí aontachtacha bac air. Deir lucht a gcáinte go bhfuil airgead an phobail curtha amú ag an gcomhairle ag iarraidh an cinneadh sin a chosaint, maoiniú a d’fhéadfaí a chaitheamh ar bhealach níos fearr le tacú lenár bpobail.
“Beidh an Ghaeilge faoi bhláth anseo inár gceantar comhairle agus ar fud na hÉireann, agus déanfaidh Sinn Féin gach is féidir le tacú leis an bhfás sin,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Comharthaíocht dhátheangach ceadaithe i bPort an Dúnáin tar éis dhá bhliain'