Comharthaí Shlí An Atlantaigh Fiáin ag tarraingt conspóide in Iarthar Duibhneach

Is é an chúis atá leis na comharthaí, dar le Fáilte Éireann, ná go dtógfadh turasóirí pictiúir dóibh féin in aice leo chun a chur in iúl dá gcairde cá bhfuil siad go díreach

WWW3aaa

Seachas an t-olltoghchán seo chugainn, ceann de na hábhair is mó cainte is go deimhin cáinte agus caibidil agus, má deirim é, conspóide, in iarthar Duibhneach faoi láthair is ea na comharthaí nua atá curtha in airde le tamall anuas ag  Fáilte Éireann i dtaca le Slí An Atlantaigh Fiáin. ‘Stadanna Pictiúr’ atá á dtabhairt ar a leithéid ag lucht Fáilte Éireann agus tá siad curtha in airde acu i mbaill a bhfuil radharcanna suaithinseacha agus thar a bheith álainn astu,  ar a n-áirítear trí cinn acu i gcomharsanacht Chinn Sléibhe. Is é an chúis atá leis na comharthaí, dar le Fáilte Éireann, ná go dtógfadh  turasóirí pictiúir dóibh féin in aice leo chun a chur in iúl dá gcairde cá bhfuil siad go díreach.

Is cosúil go bhfuil beannacht Chomhairle Contae Chiarraí acu sa chúram seo agus is conraitheoirí príobháideacha a chur i bhfearas iad. Tá dhá chuid sna comharthaí seo – painéal eolais mar leis an  mball atá i gceist agus struchtúr miotail a bhfuil déanamh na croiche air agus an ‘w’ fada, nó logo an WAW, ar an gcuid uachtarach de. Tá ainm an bhaill ina bhfuil an comhartha suite cliathánach leis an struchtúr miotail. Sa phictiúr atá le feiscint thuas tá an comhartha atá curtha i bhfearas ag barr Ché Dhún Chaoin, as a dtéann mórán daoine chun an Bhlascaoid gach bliain. Tuigtear de Tuairisc.ie go bhfuil péint le cur ar na comharthaí go luath.  Ach i láthair na huaire tá cuma na hainnise orthu.

Cáineadh is mó a deineadh ar na comharthaí seo sna tuairimí atá tugtha ina dtaobh ar an suíomh sóisialta Facebook (An Straoisleabhar, mar a deireann cuid acu) tráthnóna Dé hAoine seo.

Orthu siúd a bhfuil tuairimí diúltacha tugtha acu mar gheall ar na comharthaí ar a leathanach Facebook tá Isabel Bennett, iar-Chathaoirleach Chomharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne. Agus níl sí ina haonar leis na tuairimí sin.

Is é tuairim na coitiantachta gur ag lot an radhairc atá na comharthaí seo, seachas a bheith ag cur leis.

Ní thuigtear cad ina thaobh go bhfuil trí cinn de na comharthaí seo suite timpeall ar Cheann Sléibhe is ná fuil aon cheann eile curtha in aon bhall álainn as sin ó thuaidh ar an mbóthar R559 go dtéann an bóthar sin isteach ‘on Daingean arís.

Fág freagra ar 'Comharthaí Shlí An Atlantaigh Fiáin ag tarraingt conspóide in Iarthar Duibhneach'

  • padraig

    Bionn an airithe sin airgid le caitheamh no le cur chun bealaigh acu chun dealramh a chur ar na leabhair chuntais, agus orthu hein, ionas gur feidir leo breis airgid a lorg ina dhiaidh sin don gcead bhliain eile. Bionn orthu, dar leo, cuimhneamh ar ghimici agus ar dheismireachtai ‘madantula mar sin chun an t-airgead sin a ghlanadh amach. Dearg-aifeis agus diomailt airgid e sin ata mar dhluth is inneach i gcoras poibli na tire seo o bhun go barr. ‘Failte Eireann’…mo thoin thiar.

  • Vitaly

    Aontaim le mo chara Isabel ón Musaem Chorca Dhuibhne – ní chuireann na comharthaí seo le háilleacht na háite. Agus ina hoimláine, ceapaim gur togra gan chiall gan bhrí gan leas is ea “Slí an Atlantaigh fhiáin”. Ní féidir liom tuiscint cad é príomhaidhm an togra. Tuilleadh turasóirí a mhealladh? Bhuel, mise an turasóir a thagann go Ciarraí Thiar gach bliain ó 2011. Míle fáilte romham ó Fáilte Éireann agus gach cuid den “Slí” ar fáil dom leis an iompar poiblí ar bhonn laethúil? Go deimhin, níl. Dar le Fáilte Éireann, caithfidh ceadúnas tiomána agus carr ar cíos a bheih ag gach turasóir. Gan iad, is mise agus mo leithéidí inár “second-class turasóirí “ nó “fo-thurasóirí” do Fáilte Éireann. Is cosúil gur iad feidhmeannaigh stáit na Rúise a bhí i mbun an togra seo. Nós céanna atá acu i mo thír féin, airgead phoiblí a chaitheamh gan leasa phobail. N’fheadar cad is brí leis an smaoineamh sin – comharthaí ar nós www a chur don turasóirí san áiteanna ar leith agus gan iompar poiblí a eagrú dóibh chun áiteanna iontacha seo a shroithint.

  • Colmán

    An bhfuil sé ceart go mbeadh fógra i suíomh nuachta ag insint dúinn cé dó ar chóir vóta a chaitheamh. Dar liom go bhfuil rud éigean mí-eiticiúil faoi sin. An páirtí is mó airgead a chuirfear chun cinn ar an suíomh seo, mar sin?