Comhaltaí nua á lorg do bhord na Taibhdheirce

Tá plean straitéise nua le fógairt ag an Taibhdhearc go luath agus an amharclann ag súil le ceiliúradh 100 bliain a bunaithe faoi cheann roinnt blianta

Comhaltaí nua á lorg do bhord na Taibhdheirce

Tá comhaltaí boird á lorg ag an Taibhdhearc agus amharclann náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú do cheiliúradh céad bliain a bunaithe.

Sa bhliain 1928 a bunaíodh an amharclann i gcathair na Gaillimhe agus tréimhse thábhachtach amach roimpi idir an cheiliúradh sin agus an plean straitéise nua atá le foilsiú sna míonna amach romhainn.

Tá cuireadh tugtha do dhaoine ar suim leo a bheith mar chomhalta ar bhord deonach stiúrthóirí na hamharclainne iarratas a dhéanamh.

Is den riachtanas é go léireodh iarrthóirí a gcumas an gnó ar an mbord a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh taithí acu ar earnáil na n-ealaíon.

Tá daoine ag a mbeadh taithí mhargaíochta agus chumarsáide, taithí i bhforbairt gnó agus taithí ar an dlí á lorg don bhord. Tá cisteoir don bhord le hearcú chomh maith agus fáilteofar go háirithe roimh iarratas ó dhaoine a mbeadh na scileanna cuí acu sa réimse sin.

Tá an plean straitéiseach na Taibhdheirce, a mhairfidh ó 2025 go 2027, le foilsiú go luath agus iarratas ar mhaoiniú breise á mheas ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair na huaire.

Earcófar beirt chomhaltaí i dtús báire ach cuirfear iarrthóirí eile ar phainéal agus roghnófar tuilleadh comhaltaí ón bpainéal sin amach anseo de réir mar is gá.

Is ceithre bliana téarma na gcomhaltaí boird agus tagann an bord le chéile sé huaire sa bhliain do na cruinnithe Boird.

Cúigear atá ar bhord na Taibhdheirce i láthair na huaire agus dúirt an Cathaoirleach, an Dr Siobhán Nic Fhlannachadha, go mbeadh fáilte roimh bhreis daoine chun an amharclann a stiúradh.

“Áit ar leith atá sa Taibhdhearc a bhfuil an draíocht ina cuid ballaí. Is iontach an phribhléid é agus is freagracht mhór é a bheith i do choimeádaí ar a leithéid d’institiúid chultúir thábhachtach agus táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh níos mó daoine ar an mBord, daoine ar mian leo an phribhléid agus an fhreagracht sin a roinnt linn,” arsa Siobhán Nic Fhlannachadha.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Comhaltaí nua á lorg do bhord na Taibhdheirce'