‘Comhairle ghramadaí’ nó ‘comhairle gramadaí’? An séimhiú agus an róshéimhiú…

Rinneadh moltaí stuama roinnt blianta ó shin le go bhféadfaí an róshéimhiú a sheachaint. Ba dheas dá gcuirfí i bhfeidhm iad...

‘Comhairle ghramadaí’ nó ‘comhairle gramadaí’? An séimhiú agus an róshéimhiú…

An té a bhfuil súil ghéar coimeádta aige ar ábhar léitheoireachta Gaeilge le tamall de bhlianta, tabharfaidh sé faoi deara leaganacha ar nós ‘timpiste bhóthair’, ‘scéim mharcála’ agus ‘comhairle ghramadaí’ ag teacht chun barra sa scríobh.

‘Róshéimhiú’ a thugtar ar an bhfeiniméan seo i mbólaí áirithe ach, fearacht cuid de na pointí gramadaí is caolchúisí sa teanga, níltear baileach ar aon fhocal faoina bhfuil i gceist leis nó cathain is ceart é a sheachaint. Bíodh sé ann nó as, is de bharr gur ainmfhocal baininscneach an chéad ainmfhocal i leaganacha mar na cinn thuas a ardaítear ceist an tséimhithe.

Chuir an Coiste Téarmaíochta sraith moltaí stuama le chéile roinnt blianta ó shin le súil is go seachnófaí an róshéimhiú céanna, agus is fiú scagadh a dhéanamh ar an gcuid sin díobh a bhaineann le rud a dtugtar ‘loime’ air i nGaeilge – is é sin, focal a bheith ‘lom’ nó gan séimhiú.

De réir na moltaí céanna, ní shéimhítear an dara hainmfhocal sna cásanna seo a leanas:

  • Nuair atá an chéad ainmfhocal ina thréith nó ina pháirt den dara ceann, e.g. breáthacht mná, uaisleacht meoin, cos capaill, iall bróige, lámh cailín, aghaidh mná. Leis an ngrúpa seo a bhaineann ‘faill comhrá’ freisin.
  • Nuair is ainm briathartha nó ainmfhocal gníomhaíochta an chéad ainmfhocal agus gur ainmní nó cuspóir aige an dara ceann, e.g. admháil creidimh, bainistíocht punainne, buachailleacht bó, foghlaim ceirde, forbairt pobail, géimneach bó, imirt peile;
  • Nuair is méid áirithe nó méid éiginnte atá i gceist, nó nuair is focail a bhfuil ciall mar ‘breis’, ‘cuid’, ‘easpa’ nó ‘iomarca’ leo: acmhainn grinn, aois gadhair, barraíocht plámáis, breis bainne, cuid mhór cainte, díth céille, easpa bia, iomarca cainte, roinnt blianta;
  • Nuair is cnuasainm an chéad ainmfhocal, e.g. buíon ban, foireann cailíní, scuaine gasúr, saithe beach, sraith dánta, táin bó.
  • Nuair is cur síos ar dhuine atá i gceist agus gurb ionann an cur síos sin agus breis eolais faoin duine féin, e.g. baintreach óg mná, bonsach girsí, leibide garsúin, maiseog girsí, óinseach mná;

Le cois na gcásanna thuas, is gnách nach séimhítear i ndiaidh na bhfocal seo a leanas i dteidil oifigiúla: comhairle, oifig, rannóg, roinn, seirbhís, scéim, etc. Sna cásanna sin, braitear an gaol ‘le haghaidh’ a bheith idir an dá ainmfhocal – dála ‘faill comhrá’ thuas – slat tomhais nár mhiste a bhualadh anuas ar leaganacha eile, dar liom.

Maidir leis na focail ar cnuasainm iad – leithéidí ‘uail bhan’ agus ‘grathain pháistí’, tá siad sin curtha de dhroim seoil sa leagan is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil, agus ‘uail ban’, ‘grathain páistí’ agus ‘sábháilteacht paisinéirí’ etc. molta ina n–áit – cé gur dócha go mairfidh ‘clann mhac’ go brách, agus cúis leis.

Cé is moite de na leaganacha thuasluaite, tarlaíonn uaireanta gur gá idirdhealú a dhéanamh idir loime agus séimhiú de réir brí. Tugtar, mar shampla, ‘cos chrainn’ ar chos adhmaid; ní hionann agus ‘cos crainn’, is é sin, ‘bun crainn’. Mholfainn do dhaoine súil a chaitheamh ar na cásanna lena mbaineann séimhiú, agus beagán staidéir a dhéanamh orthu. Dá mhéid áitimh a dhéantar ar son na loime, áfach, is ea is fearr é, dar liom, má fhágtar go leataobh roinnt leaganacha séimhithe atá sioctha i gcaint agus i litríocht na Gaeltachta agus atá cnuasaithe ag togha na scoláirí. Chífeá cuid acu sin i nGealas Phádraig Uí Chíobháin nó i ngearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain. Briseann cuid de na leaganacha canúnacha sin na ‘rialacha’ thuas, agus is faoin eagarthóir atá sé ansin géilleadh do nósanna dlisteanacha an scríbhneora. Tharlódh a leithéid agus eagarthóir ag géilleadh do ‘roinnt bhlianta’, mar shampla, leagan a chloistear ó dheas.

Má fhágtar go leataobh an deacracht bheag sin, is féidir a rá ar an mórgóir gur moltaí tairbheacha atá déanta thuas, agus gurbh fhiú iad a chur i bhfeidhm a oiread agus is féidir, óir is deacair teacht ar mhórán fianaise go bhfuil aon aird á tabhairt orthu. Go minic, is a mhalairt de rosc catha na gcosantóirí sacair – If in doubt, put it out – a fheictear á chur i bhfeidhm sa chás go mbíonn téarmaí nua-aimseartha á gcumadh agus ainmfhocal baininscneach á cháiliú ag ainmfhocal eile. Feictear, leis, é, á bhualadh anuas ar roinnt seanleaganacha. Tá caint le tamall, mar shampla, ar an nGaeilge a bheith ina ‘teanga phobail’ – nílim féin saor ina thaobh seo ná baol air. Mar sin féin, ‘teanga pobail’ is nádúrtha, déarfainn, ar an ábhar gur leis an bpobal an teanga.

Is fusa réiteach a fháil ar cheist seo an tséimhithe agus DeNTaLS sa treis, faoi mar a fheictear i leaganacha ar nós ‘áilleacht datha’, mar shampla, ach ní gá gurb é an nós céanna a bheadh ag daoine ó thaobh séimhiú de dá gcuirfí ‘áilleacht’ agus ‘craiceann’ le chéile, mar shampla. Gan amhras, is féidir an cheist a sheachaint trí dhul i muinín an réamhfhocail ‘de’ ó am go ham. D’fhéadfaí, mar shampla, ‘ginideach d’ainmfhocal’ a rá seachas ‘ginideach ainmfhocail’, ach is gá a thuiscint gur le comhthéacsanna ar leith a bhaineann úsáid an réamhfhocail ‘de’ nuair a thagann an crú ar an tairne.

Is é dul stairiúil na teanga ainmfhocal cáilíochta a chur sa tuiseal ginideach, seachas gaisneas a bhaint as aidiacht, nuair atá aidiacht sa leagan Béarla a bhfuil an Ghaeilge ag freagairt dó. Fágann an méid sin duine taobh le ‘áiseanna oideachais’, seachas ‘áiseanna oideachasúla’, (dá dhlisteanaí an tráchtaireacht sa bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge ina thaobh). Nuair nach dtagann a leithéid i gceist, is é dul nádúrtha na teanga leithéid ‘punt plúir’ a rá, ach ‘punt de phlúr bán’. Is mar gheall ar an nós seanbhunaithe sin is gá comhairle stuama a chur ar dhaoine faoin séimhiú agus liosta cuimsitheach a chur ar fáil don phobal a bheidh ina threoir acu.

Mar fhocal scoir, chloífinn féin le leithéidí ‘timpiste bóthair’, ‘bileog marcála’, ‘scéim marcála’, ‘gainne plúir’ agus ‘An Chomhairle Múinteoireachta’ dá mbeadh cead mo chinn agam, agus, mar atá ráite agam thuas, cé is moite de roinnt leaganacha séimhithe atá sioctha i gcaint agus i litríocht na Gaeltachta, mholfainn gurb é cosán na loime agus na simplíochta a thabharfaimis orainn féin. D’éascódh sé cúrsaí go mór dúinn agus d’fhágfadh sé gur teanga ábhairín níos sofhoghlama an Ghaeilge, dar liom. Bheadh ardú meanman agus misniú sa mhéid sin d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais araon.

Fág freagra ar '‘Comhairle ghramadaí’ nó ‘comhairle gramadaí’? An séimhiú agus an róshéimhiú…'

  • Antóin

    Aon seans go bhféadfadh comhairle gramadaí comhairle ghramadaí a thabhairt dúinn!

  • Ciarán Ó Coigligh

    Tá difear caol-chúiseach idir an dhá smaoineamh éagsúla atá dá gcur in iúl ag an dá leagan: ‘comhairle ghramadaí’ (pointe áirithe a bhfuil comhairle dá tabhairt ina thaobh) agus ‘comhairle gramadaí’ (comhairle i dtaobh na gramadaí trí chéile). Tá ‘teanga pobail’ ceart i dtaobh gur daoine an pobal. Tá ‘roinnt bhlianta’ lena aireachtáil i gConnachta freisin. Is ciorrú é ar ‘roinnt de bhlianta’. Is nádúrtha dúchasaí ‘timpiste ar an mbóthar’ ná ‘timpiste b(h)óthair’ (nár airigh mise riamh). Tá difear idir ‘obair baile’ a thugas an máistir nó an mháistreás don rang agus ‘obair bhaile’ a sholáthraíoss an rang. Mar a chéile le ‘scéim (le h-aghaidh) marcála’ agus ‘scéim mharcála’ a sholáthrófaí ar páipéar no go leictreonach don mharcálaí.

  • Tá mo chloigeann ag gabháil thart!

    Ní ‘cosán na loime agus na simplíochta’ is inmholta ach cosán na soiléireachta.

    ‘…óir is deacair teacht ar mhórán fianaise go bhfuil aon aird á tabhairt orthu’ – ní hiontas sin ó tharla gur tacar rialacha iad atá saorga gan bheith soiléir, teicniúil gan bheith feidhmiúil, le cois nach bhfuil siad loighciúil ná nádúrtha agus dá réir sin nach bhfuil siad sofhoghlama ná so-úsáidte.

    Ní chuirfidh i bhfeidhm iad ach daoine (scríbhneoirí oifigiúla) a bhfuil an ríomhaire os a gcomhair amach agus an leagan inchuardaigh den Chaighdeán Oiigiúil á sheiceáil acu gach uair a chastar ainmfhocal éiginnte orthu ar lorg ainmfhocal baininscneach, agus a chuireann na rialacha i bhfeidhm ar mhodh ‘meicniúil’. Ansin féin bíonn ceisteanna eolaíochta agus fealsúnachta le sárú acu e.g. an dúil bheo an ‘crann’ i gcos c(h)rainn. An beo don chrann i bhfad i ndiaidh a ghearrtha? An cuid den ‘chos’ an ‘crann’, nó an cuid den chrann an chos? Amaidí!

  • Seán Mag Leannáin

    Comhairle an-mhaith anseo, dar liom. An rud is giorra is géire… An rud is loime is géire.

  • jpmorley0@gmail.com

    Aontaím!

  • Antóin

    Maidir leis an difear idir ‘obair baile’ agus ‘obair bhaile’ Deir Micheál Ó Murchú in alt a scríobh sé, ‘Séimhiú nó Loime ar Cháilitheoir Neamhchinnte Ainmfhoclach’
    ‘Sa Ghaeltacht aithnítear idir: obair baile [ obair scoile a dhéanfadh páiste sa bhaile] agus obair bhaile [ obair tí ].’

    Seans go bhfuil cloigeann ‘Tá mo chloigeann ag gabháil thart’ réidh le lainseáil anois!

  • Niall Ó Máirtín

    Tá na diabhail rialacha ag athrú arís?? Nach aoibhinn beatha an scoláire iarchéime sa Ghaeilge? . . . . Ní hea!!