Nuair a chastar ceannairí rialtais ar a chéile bíonn na hábhair a phléitear leagtha amach roimh ré, de ghnáth.
Fiú mura mbíonn siad ar aon intinn, deimhníonn caidreamh idir státseirbhísigh roimh ré go gcuirfear réiteach eatarthu chun cinn más féidir. Sin nó deimhníonn ar a laghad nach mbeidh an bhearna eatarthu níos leithne i ndiaidh an chruinnithe ná mar a bhí sé roimh ré.
Faraor tá sé chomh maith againn na focail ‘de ghnáth’ a chur i leataobh agus cruinniú ar bith leis an Uachtarán Donald Trump á phlé.
Tá an t-ádh ar an tír go mbeidh beirt a bhfuil taithí fhada acu ar ‘iomáint shinsir’ – an Taoiseach agus Geraldine Byrne Nason, an t-ambasadóir thall ó 2022 – suite ar ár son sa Seomra Ubhchruthach Dé Céadaoin (in ionad Lá le Pádraig toisc go mbeidh Comhthionól na Stát ar atráth an tseachtain dár gcionn).
Ní gan dua ná éiginnteacht a chuirfear comhairle ar an Taoiseach faoin tslí inar chóir déileáil leis an mbulaí taghdach a bhaineann sásamh nach beag as achrainn a shíleann sé a oireann dá leas.
Mar sin féin, is féidir ábhair thábhachtacha áirithe a chíoradh. Seo buille faoi thuairim faoi ábhair ar chóir do Mhicheál Martin labhairt fúthu, faoin dóigh ar chóir dó labhairt más gá faoi ábhair eile, agus faoi ábhair ar chóir dóibh a sheachaint, más féidir:
Comhairle dhearfach
Bí san airdeall ó thaobh cúrsaí trádála de, go háirithe. Ní gá mórán a rá leat maidir leis an ábhar seo, ach tá an baol aighnis méadaithe ag místuaim an Tánaiste.
Nuair a shéan Simon Harris Déardaoin gur pléadh an éagothroime trádála (breis agus €50m i bhfabhar na hÉireann anuraidh) le linn a chomhrá teileafóin leis an Stát-Rúnaí Marco Rubio, tharraing sé aird chiotach ar an ábhar: ní ar an éagothroime amháin ach ar inchreidteacht leagan Rubio den chomhrá.
Bí aireach má bhíonn an rúnaí tráchtála, Howard Lutnick i dteannta Trump san Oifig Ubhchruthach – an té a dúirt sular ceapadh é nach raibh ciall ar bith le farasbarr na hÉireann ó thaobh trádála leis na Stáit. Cuireann Trump an milleán ar thíortha eile mura bhfuil níos mó earraí Meiriceánacha á gceannach acu ná mar a easpórtálann siad chun na Stát.Bí cinnte go luann tú polasaí an rialtais maidir le Gaza agus an Úcráin, cé nach mbeidh aon dul as agat ach a rá gur síocháin atá mar aidhm ag an rialtas mar atá ag Trump.
Bí ag caint ar na Gael-Mheiriceánaigh agus ar thábhacht na nÉireannach i saol na Stát Aontaithe agus sa saol polaitiúil, go háirithe i ngach páirtí. Má tá ciall ag Trump (tréith nach dtéann i bhfeidhm ar a bhriathra go minic) beidh drogall air olc a chur ar na hÉireannaigh thall agus ar ionadaithe a pháirtí a toghadh lena vótaí.
Bí gonta. Is fuath leis a bheith ag éisteacht le duine ar bith eile ag caint, nó aird a bheith orthu seachas air féin
Bí faoi réir chun ceisteanna gan choinne agus fiú ceisteanna seafóideacha a bheith á gcur ag ‘iriseoirí’ MAGA. Leithéid na ceiste a chuir duine acu ar Zelenskyy faoina chuid éadaigh.
Bí cinnte go luann tú polasaí an rialtais maidir le Gaza agus an Úcráin, cé nach mbeidh aon dul as agat ach a rá gur síocháin atá mar aidhm ag an rialtas mar atá ag Trump.
Bí ag cuimhneamh i gcónaí nach gnáthpholaiteoir é Donald Trump. Chomh maith leis an easpa leanúnachais ina chur chuige, a léirigh fógairt agus leathchealú na dtaraifí ar Cheanada agus Meicsiceo, tá tréith aisteach eile ann.
Smaoiníonn Trump níos mó ná gnáthpholaiteoirí ar a bhfuil á rá nó á dhéanamh aige anois díreach, seachas ar a thoradh amach anseo. Fáth eile gur fiú argóint nó easaontas a sheachaint, más féidir.
Bí ag machnamh go háirithe ar a ndúirt Trump le hiriseoirí tar éis dó íde béil a thabhairt don Uachtarán Zelenskyy: bhí ábhar iontach teilifíse sa chaidreamh gránna eatarthu, dar le Trump. Cur síos a léirigh éadoimhneacht, leithleachas agus páistiúlacht Uachtarán na Stát Aontaithe.
Bí ag smaoineamh ar rud éigin deas a rá faoi óstán agus galfchúrsa Trump ar chósta an Chláir. Toisc gur breá leis caint ar a ghnó príobháideach agus toisc gur gá cur i gcuimhne dó nach sa Ríocht Aontaithe ach in Éirinn atá an Dún Beag.
Bí plámásach más féidir agus tuairim nach dtagann lena thuairimí á nochtadh agat. Seift ar bhain Macron agus Starmer leas gan náire aisti romhat. Go háirithe agus tú ag easaontú leis.
Bí ullamh chun labhairt go hindíreach mura mbeidh aon dul as agat ach a mhíchruinneas a cheartú. Abairt nach foláir duit cur lena ráiteas, nó gur fiú cuimhneamh ar ábhar áirithe, nó aguisín a chur leis – tá taithí fhada agat, a Thaoisigh, ar chaint atá doiléir agus soiléir in éineacht a chleachtadh más gá.
Comhairle dhiúltach
Ná bí róshéimh ná róthuisceanach maidir le polasaí na hÉireann maidir le Gaza, an Úcráin, nó taraifí. Abair más maith leat go bhfuil an aidhm chéanna (síocháin) agaibh agus go bhfuil súil agat gur féidir iad a chur chun cinn le chéile.
Ná bí náireach agus tú ag cur síos ar an mbuanchairdeas idir an dá thír agus ar thábhacht na nGael-Mheiriceánach – caidreamh a neartaíonn cumas agus toil san dá thír chun fadhbanna a réiteach.
Ná cuir i gcoinne Trump go díreach agus tuairim á nochtadh agat nach réitíonn lena thuairim, nó a ráiteas míchruinn, á cheartú agat. Abair nach foláir duit ábhar a lua, nó gur mian leat rud éigin a chur in iúl, nó gur fiú aguisín a chur lena bhfuil ráite aige, ach seachain easaontú lom díreach. Ní maith leis easaontú.
Ná bí ag súil le dea-thoradh ar an gcruinniú. Má thagann tú slán agus aighneas seachanta agat, agus an caidreamh idir an dá thír mar a bhí roimh ré, beidh do sháith déanta agat.
Ná tabhair cuireadh dó teacht go hÉirinn, ar dhá chúis: an glanadh eitneach i nGaza atá á mholadh fós ag Trump agus an brú náireach atá á chur aige ar an Úcráin.
Ná bíodh leisce rudaí stuama a dúirt sé a mholadh. Dúirt sé nach raibh dóthain airgid á chaitheamh ag tíortha na hEorpa chun tacú lena bhfórsaí cosanta agus go raibh siad ag brath rómhór ar na Stáit Aontaithe. Bhí an ceart aige agus ní haon dochar é a rá leis sa Teach Bán.
Ná bíodh leisce ort a rá ach oiread go bhfuil caiteachas ar fhórsaí cosanta na hÉireann á mhéadú go mór agus go mbeidh arís sa tréimhse amach romhainn, agus go bhféadfaí iad a chur ar fáil chun cuidiú le comhaontú síochána san Úcráin.
Ná bíodh drogall ort an tAontas Eorpach a lua (a) chun cur i gcuimhne don uachtarán go bhfuil deis saorthrádála ar fud an AE ag comhlachtaí Meiriceánacha atá lonnaithe in Éirinn agus (b) chun a mheabhrú dó dá n-ardófaí taraifí ar earraí as Éirinn go mbeadh na Stáit Aontaithe ag déileáil, ní le hÉirinn, ach leis an AE.
WTF
Rinneadh dhá iarracht ar é a mharú.
Bhí sé sin dian air féin agus ar a chlann. Déan gairdeas leis as teacht slán, as bheith ina chruth féin arís, as bheith chomh hard-mheanmnach, buanseasmhach, tuisceanach, deas, lách, deaslámhach, i gcónaí.
‘Plámás’, ar nós adeir tú.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt ar tuairisc.ie le Cathal Mac Coille, ‘Comhairle don Taoiseach agus é ag dul chun cainte leis an Uachtarán Trump’, Dé Sathairn, Márta 8, 2025.
An t–alt sin ag Cathal Mac Coille, cuireann sé i gcuimhne domsa scéal ar bhriatharchath ag Sir Winston Churchill leis an mBantiarna Asquith. Tharla an bheirt seo a bheith ar dinnéar le chéile, agus iad ar aghaidh a chéile. Bhí braon faoin bhfiacail ag Churchill, agus bhí sin tugtha faoi deara ag an mBantiarna Asquith. Arsa í seo le Churchill: ‘Tá braon faoin bhfiacail agat, a mhic ó.’ Arsa Churchill leis an mBantiarna: ‘tá tusa gránna ag féachaint, a Bhantiarna Asquith, ach beidh mise ar mo chéill ar maidin.’
Samhlaigh a leithéid seo de bhriathchath a bheith ag an Uachtarán Trump leis an Taoiseach Máirtín, nuair a chasfar ar a chéile Dé Céadaoin, Márta 12, 2005, iad: ‘tá tú ar do chaoil chraoraig, a Mháirtínigh.’ Freagra an Mháirtínigh: ‘tá tusa imithe chun síogaíochta, a Dhónaillín an Trumpa, ach beidh mise ar mo chéill, Dé Máirt, Márta 18, 2025.’
An féidir go ndéanfadh sé an tsíocháin eatarthu dá gcaithfeadh an Taoiseach fèileadh agus breacan Chlann MhicLeòid Leòdhais, cnota bán a chur ina bhoinéad, scian dhubh a chur síos i stoca leis, claíomh mór a bheith ar iompar aige, agus maide draighin a bheith i lámh leis. De Chlann MhicLeòid í máthair an Trumpaigh, dar ndóigh, agus tá seans ann gurbh í an Ghàidhlig an chéad teanga a chuala an Trumpach uaithise. Cuid de Chlann MhicLeòid Leòdhais, ba leis an bPrionsa Séarlas Stíobhard a thacaigh siad, aimsir Éirí Amach na Seacaibíteach, 1745–1746. Dá mbeadh a dhóthain den phoitín ólta ag an Máirtín, níorbh aon dóithín ná go gcasfadh sé ‘Mo Ghile Mear’ nó ‘Arise and Follow Charlie’, de bharr a chinn. Chuirfeadh sé an Trumpach i bponc dá dtabharfadh an Máirtíneach dúshlán faoi tacú le hAlbain a dhéanamh neamhspleách ar an mBreatain Mhór; nó Albain a ghabháil ón mBreatain Mhór, fiú; nó teannadh leis an nGàidhlig a athbheochan; nó na mílte Iosraelach Giúdach a phlandáil ar ghalfchúrsa an Trumpaigh sa Dún Beag –– tá idir milliún agus 2 mhilliún Iosraelach Giúdach teite ó Iosrael, le blianta gearra déanacha. Cá bhfios ná go ndéanfadh, tharla an Trumpach agus Keir Starmer a bheith in earraid le chéile, agus a oiread fáilte a bheith ag an Máirtíneach roimh Arabaigh in Éirinn. Ceart dom ceart duit. Ba é an trua gan Myles na Gopaleen a bheith ar an saol chun a leithéid a thuairisciú.
Ba mhaith an plean ag an Máirtíneach cliathbhosca buidéal poitín a thabhairt leis chun na preasócáide sa Teach Bán, agus na buidéil a thabhairt amach do na hiriseoirí a bheadh i láthair; nó Mel Brooks a mhealladh chun bheith i láthair na preasócáide agus ceisteanna míchuí gan dealramh a chur ar an Trumpach, rud a mbeadh Brooks deas air.
Tá na seifteanna ann ach cuimhneamh orthu.