Comhairle dlí á lorg ag Conradh na Gaeilge faoi chás cúirte a thógáil in aghaidh Westminster

Dá dtabharfaí an riail dhíreach isteach ó thuaidh bheadh ceist ann ar chóir cás cúirte a thógáil in aghaidh rialtas Westminster maidir le ceist an Achta Gaeilge, a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn

Comhairle dlí á lorg ag Conradh na Gaeilge faoi chás cúirte a thógáil in aghaidh Westminster

D’fhéadfadh go dtabharfadh Conradh na Gaeilge dúshlán dlí in aghaidh rialtas Westminster faoi cheist an Achta Teanga ó thuaidh sa chás go dtabharfaí an riail dhíreach isteach.

Thug Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh an eagraíocht ullamh le “déileáil le pé socrú a bheidh ann” ó thuaidh agus caint níos mó anois ann faoi Riail Dhíreach a thabhairt isteach mura dtiocfar ar réiteach ar cheist athbhunú Stormont.

Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste anuaraidh gur theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn.

Ba iad Conradh na Gaeilge a thug an cás cúirte in aghaidh an Fheidhmeannais agus deir Ard-Rúnaí na heagraíochta go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an eagraíocht faoi láthair maidir le cás cúirte eile a thionscnamh dá dtabharfaí an riail dhíreach isteach.

“Tá ceist eile ann freisin faoi Westminster má thagann an riail dhíreach i bhfeidhm. Dá dtarlódh sin, bheadh ceist faoin gcás cúirte a bhí ann anuraidh níos ábhartha mar gheall gurbh é Rialtas na Breataine a thug an gheallúint [faoi Acht Gaeilge] agus is iad a bheidh i gceannas arís. Beidh ceist ann ar chóir cás cúirte a thógáil in aghaidh Westminster,” a dúirt Julian de Spáinn.

Nuair a athbhunaíodh an Feidhmeannas i ó thuaidh i ndiaidh Chomhaontú Chill Rímhinn in 2007 thug Rialtas Westminster le fios gur faoi Thionól Thuaisceart Éireann a bheadh sé Acht Teanga a thabhairt isteach. Ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an scéal sin dá dtiocfadh an riail dhíreach i bhfeidhm.

Níl aon fheidhmeannas ann i Stormont ó fógraíodh toghchán ag tús na bliana seo caite agus tá Sinn Féin agus an DUP in adharca a chéile ó shin faoi Acht Gaeilge, cearta pósta don phobal aerach agus ceisteanna eile.

Tá ráite ag Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin, agus Arlene Foster, ceannaire an DUP, le seachtain anuas gur cheart an riail dhíreach a thabhairt isteach go luath má theipeann ar an gcéad iarracht eile teacht ar fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh. Tá Gerry Adams ag iarraidh go mbeidh ról ag rialtas Bhaile Átha Cliath i riaradh an Tuaiscirt dá dtarlódh a leithéid.

Ghéaraigh Conradh na Gaeilge, an Dream Dearg, POBAL agus eagraíochtaí teanga eile ar an bhfeachtas maidir le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach le linn na bliana seo caite agus tá an cheist ina cnámh mhór spairne idir na mórpháirtithe le bliain anuas.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, le Tuairisc.ie go bhfuil tús curtha cheana féin ag an gConradh leis an bhfeachtas i Sasana. Chuaigh baill de chuid an Chonartha ar thuras stocaireachta go Westminster an fómhar seo caite chun ceist an Achta a phlé le daoine ansin.

“Is cinnte go bhfuil brú fós le cur ó thuaidh agus i Westminster, agus go mbeidh an brú sin á chur ag an gConradh. Beidh muid ag déileáil le pé socrú polaitíochta a bheidh ann, má athbhunaítear Stormont, má bhíonn Riail Dhíreach ann nó má bhíonn Riail Roinnte ann,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Comhairle dlí á lorg ag Conradh na Gaeilge faoi chás cúirte a thógáil in aghaidh Westminster'

  • Brian-less

    Bhain CnaG triall as gach slí eile. Níl an dara rogha acu anois ach iarracht dhlíthiúil a dhéanamh chun an conartha bhriste a chur i bhfeidhm mar ba cheart is ba chóir.