‘Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin’ ina cnámh spairne i gcónaí

Aontachtaithe ag bagairt dul chun cúirte faoi ainm Gaeilge na Comhairle

_77644938_nelson
Nelson McCausland. Pictíur: BBC

Tá aontachtaithe ag bagairt ar dhul chun cúirte muna n-éirionn leo an beart maidir le tús áite a bheith ag ainm Gaeilge Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a chur ar ceal.

‘Seicteachas cultúrtha’ is ea é go mbeadh tús áite ag an ainm Gaeilge, dar leo.

Aitheantas dleathach don Ghaeilge, a deir náisiúnaithe.

Is iad na focail ‘Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin’ an t-ábhar argóna. Ba chirte a rá  gurb é suíomh na bhfocal sin ar pháipéireachas, ar fheithiclí agus ar fhoirgnimh an chnámh spairne.

Rinne na haontachtaithe athchomharc nó gáir  chásmhaireachta in aghaidh chinneadh an mhóraimh an leagan Gaeilge den teideal a chur chun tosaigh ar an leagan Béarla  ‘Newry, Mourne and Down District Council’.

Bhí an leagan Gaeilge chun tosaigh ar an gceann Béarla ag Comhairle an Iúir agus Mhúrna le blianta. Seans nár thaitin sé sin le roinnt ach ní raibh sé ina chnámh spairne mar atá anois nuair a chuireann aontachtach éigin a racht de faoi Ghaeilge gach seachtain, nach  mór.

Tá deisceart an Dúin curtha leis an sean chomhairle ins an ‘ollchomhairle’ nua a toghadh anuraidh agus a thiocfaidh i réim i gceann míosa ar an gcéad lá d’Aibreán.

Síneann an ceantar ó dheisceart Ard Mhacha soir le cósta go Loch Cuan agus ó thuaidh go Dún Phádraig. Ní nach ionadh, tá an móramh náisiúnach toirtiúil; 41 ionadaí atá ar an ollchomhairle, 14 comhairleoir ag Sinn Féin, 14 ag SDLP, ochtar ag aontachtaithe idir DUP, UUP agus UKIP, beirt ag Alliance agus triúr neamhspleách a bhfuil cúlra náisiúnach ag beirt acu.

Aon cheann déag d’ollchomhairlí a ghabhfaidh i mbun oibre Lá Aibreáin.

Chomh maith leis an Iúr, tá móramh náisiúnach i dtrí cinn eile; Doire agus An Srath Bán, Fear Manach agus An Ómaigh, agus Lár Uladh. Tá cóimheá na cumhachta ag Alliance i mBéal Feirste agus tá móramh aontachtach sna sé cinn eile.

Thug Sinn Féin agus an SDLP le fios go mbeidís ag iarraidh tús áite a thabhairt don Ghaeilge sna comhairlí eile ina bhfuil siad in uachtar. I bhfianaise bhinib na n-aontachtach in aghaidh na Gaeilge, an iomaíocht idir na páirtithe aontachtacha chun a bheith níos  frith-ghaelaí ná a chéile agus tarcaisne ar nós ‘curry my  yoghurt’ fós ina ábhar cainte i Stormont agus i measc Gaeilgeoirí, ní hiontas an chonspóid.

Rinne an UUP, DUP agus comhairleoir aonair UKIP gáir chásmhaireachta faoin gcinneadh.

Sin gléas achomhairc is féidir a úsaid maidir le  ceisteanna íogair, conspóideacha. Tá siad ag maíomh gur leatrom orthusan mar mhionlacht  is ea é tús aite a thabhairt don Ghaeilge.Tá caint ar dhúshlán cúirte má theipeann ar an tseift sin.

Dúirt comhairleoir UKIP, Henry Reilly go raibh an Ghaeilge á  húsaid mar uirlís chatha ag SF. Mhaígh comhairleoirí an UUP gur iarracht ab ea é chun aontachtaithe a uirísliú.

Ionadaí ón DUP i mBéal Feirste a rinne an cáineadh ba ghlóraí. Dúirt Nelson McCausland, iar-aire i Stormont, a bhíonn ag casaoid faoin nGaeilge go rialta, gur léirigh an  cinneadh nádúr seicteach na náisiúnach ar an gcomhairle. Masla d’aon turas a bhí ann, ar aon dul le ainm sceimhlitheora a chur ar  pháirc imeartha do phaistí, dar leis. B’in tagairt don chonspóid faoi pháirc a ainmniú i gcuimhne an stailceora ocrais, Raymond McCreesh.

Cibé toradh a bheidh ar an achrann faoi Chomhairle an Iúir, Mhúirne agus an Dúin, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh sé sin clabhsúr ar argóintí faoin nGaeilge ná cearta teanga Ghaeilgeoirí. Tá comhairliúchan poiblí ar siúl anois faoi Bhille Gaeilge ach tá gach pairtí aontachtach san tionól meáite nach gceadófar reachtaíocht i Stormont.

Tá na haontachtaithe beag beann ar chearta teanga faoin gCairt Eorpach nó cosaint na Gaeilge i gComhaontaithe Aoine an Chéasta agus Chill Rímhinn. Sa gcás sin, cén t-iontas go mbainfí leas as na comhairli – fiú munar féidir é a dhéanamh ach taobh thiar den Bhanna agus san Iúr, na Múrna agus deisceart an Dúin.

Fág freagra ar '‘Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin’ ina cnámh spairne i gcónaí'