Comhairle á lorg faoi ‘Béarla amháin’ do thairiscintí ar chonarthaí poiblí

Tugtar le tuiscint i gcáipéisí de chuid na hOifige Um Sholáthar Rialtais gur i mBéarla amháin is féidir tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh, ach séanann siad gur ‘treoir’ do chomhlachtaí poiblí atá sna cáipéisí sin

Comhairle á lorg faoi ‘Béarla amháin’ do thairiscintí ar chonarthaí poiblí

Tá comhairle dlí á lorg ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais faoin scéala go dtugtar le tuiscint i gcáipéisí dá gcuid gur i mBéarla amháin is féidir tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh.

Tháinig sé chun solais i scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo go mbíonn teimpléid á n-úsáid ag ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a thugann le fios gur i mBéarla amháin is féidir tairiscintí ar chonarthaí poiblí a dhéanamh.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh tairiscintí á lorg ag an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí do thrí chonradh poiblí agus gan aon rogha tugtha acu do dhaoine iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an Roinn faoin scéal, mhaígh siad nach raibh an reachtaíocht teanga á sárú acu agus gurbh amhlaidh go rabhthas ag cloí leis na teimpléid chaighdeánacha atá leagtha amach mar threoir dóibh ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais.

Dúirt urlabhraí na Roinne go gcaithfidís cloí “den chuid is mó” leis na teimpléid sin, a bhí faofa ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit.

Dúirt urlabhraí ón Oifig Um Sholáthar Rialtais le Tuairisc.ie, áfach, nach ionann na teimpléid a chuireann siad ar fáil agus “treoir” agus go scaiptear iad ar mhaithe le “spreagadh” a thabhairt do chomhlachtaí poiblí cur chuige “comónta” a bheith acu i leith tairiscintí.

Dúradh gurb é nádúr na dteimpléad go ndéantar athruithe orthu agus go gcuirtear fáilte roimh mholtaí maidir le haon leasú is gá a dhéanamh orthu.

Bhí lánchead, a dúirt an t-urlabhraí ón Oifig Um Sholáthar Rialtais, ag comhlachtaí poiblí agus ranna stáit na teimpléid a athrú de réir a riachtanas féin.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi i scríbhinn ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

Chuir Oifig an Choimisinéara Teanga an méid sin in iúl don Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

“Is faoin saoránach atá sé an rogha teanga a dhéanamh. Tá an méid sin mínithe go soiléir don Roinn,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie.

Dúirt urlabhraí na hOifige um Sholáthar Rialtais go raibh an scéal á phlé acu faoi láthair le hOifig an Coimisinéara Teanga.

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara go rabhthas fós ag fanacht “ar fhreagra críochnúil” faoin scéal.

“Tá curtha in iúl ag an Oifig um Sholáthar Rialtais dúinn go bhfuil siad ag glacadh comhairle faoin gceist atá curtha againn faoina mbráid, is é sin nach féidir le haon  chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta [Acht na dTeangacha Oifigiúila] córas a bhunú a chuireann cosc ar chumarsáid i scríbhinn i dteanga oifigiúil de chuid na tíre. Tá sé curtha in iúl chomh maith ag an Oifig um Sholáthar Rialtais go bhfillfidh siad orainn le freagra críochnúil,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Comhairle á lorg faoi ‘Béarla amháin’ do thairiscintí ar chonarthaí poiblí'

  • Éibhear Neff

    Dá mbeadh meas ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais ar an nGaeilge bheadh sampla trí mheán na Gaeilge curtha ar fáil. Tuigeann lucht na hoifige atá á dhéanamh acu. Tá sé chomh símplí sin, rogha amháin – Béarla.