Comer agus Butler ar fheabhas i scéal seo an éin chorr

D’fhéadfadh ‘The Bikeriders’ cuid dá scéal a chíoradh chun mo shástachta ach fágann taispeántais iontacha ón gcliar gur scannán an-suimiúil atá ann mar sin féin

Comer agus Butler ar fheabhas i scéal seo an éin chorr

The Bikeriders 

Stiúrthóir: Jeff Nichols 

Cliar: Jodie Comer, Austin Butler, Tom Hardy, Michael Shannon, Norman Reedus.

Mar a tharlaíonn go minic ar na saolta seo fágann The Bikeriders doiléir an difríocht idir an fhírinne agus an ficsean. “Spreagann” fíorscéalta saothair áirithe agus is amhlaidh atá anseo ach go bhfuil an fhírinne fite fuaite leis an gcruthaitheacht anseo. I 1963 thosnaigh Danny Lyon ag dul i gcomhluadar na Outlaws, club gluaisrothar in Chicago. Thosaigh an grianghrafadóir seo ag tógaint pictiúr agus ag taifeadadh a chuid cainte leo. Tá an-cháil i gcónaí ar an leabhar pictiúr a d’eascair as sin, The Bikeriders; saothar a foilsíodh i 1968. Sé a ghin smaoineamh an scannáin seo i scioból samhlaíochta Jeff Nichols. D’úsáid sé cuid d’ainmneacha na ndaoine mar aon le cuid de na seatanna a athchruthú.  

Bhí bean chéile duine de bhaill an chlub, Kathy (Comer), ar dhuine de na daoine a chuir Lyon fé agallamh go minic. Bean dheisbhéalach, chliste, mhachnamhach. Bhí a cuid cainte siúd chomh pointeáilte sin gur tógadh sleachta di díreach isteach i script an scannáin. Bhí sí chomh caithiseach mar charachtar go ndein Nichols an scannán a thógaint timpeall uirthi. Struchtúr an scannáin seo mar sin ná agallaimh Lyon le Kathy ag tréimhsí éagsúla agus iardhearcthaí ag dul lena cuid cuntas. Tá Comer ar fheabhas mar Kathy; cuireann sí an bhean ar leith seo ina steillbheatha os ár gcomhair; í gafa le saol na ngluaisrothar agus go hiomlán gafa le Benny (Butler). Ag an am céanna tuigeann sí go bhfuil Benny ag dul ar bhóthar a aimhleasa. 


Ag tosach an scannáin címid conas a bhuaileann sí le Benny i mbeár fiáin an chlub. Radharc fiáin ach cneasta. Arís eile tá Butler ag cur lena cháil mar aisteoir agus mar réalta ghnéasach. Buailimid le Johnny (Hardy), Uachtarán tíoránach, foréigneach, geanúil an chlub. Níl sárú Hardy le fáil don ról. 

Chonac i gcúpla áit go bhfuil comparáidí á rianú idir an saothar seo agus an mórshaothar Goodfellas (1990). Dar liom go bhfuil an chomparáid sin seafóideach, mí-oiriúnach agus mífhéaráilte. Scéal mná atá anseo agus í ag broc leis an saol achrannach ina bhfuil sí. Scéal é seo faoi éin chorra an chlub; fir a shantaíonn an tsaoirse, an t-éalúchas agus comrádaíocht na bhfear. Fir a bhfuil lé acu le deoch agus le foréigean. Deirtear linn gur bhunaigh Johnny an club nuair a chonaic sé Marlon Brando sa scannán iomráiteach The Wild One (1953). Cuimhníonn cách ar an gcarúl cáiliúil ón scannán sin:  “Hey Johnny, what are you rebelling against?” Johnny: “Whadda you got?” Is amhlaidh atá leis an drong seo.  

Tá gruaig Johnny atá slíoctha siar aige i gcodarsnacht leis an dream gruagach a tháinig isteach sa chumann ina dhiaidh sin. Comharthaí go raibh a ré thart. Tráchtadh ar an athrú a tháinig ar chultúr na ngluaisrothar i ndiaidh Chogadh Vítneam; drugaí agus coiriúlacht ag sleamhnú isteach. Ceann de lochtanna an scannáin nár deineadh an téama sin ná téamaí na n-éan corr agus an éalúchais a chíoradh chun mo shástachta. Ina dhiaidh sin féin scannán an-suimiúil atá anseo le taispeántais iontacha.  

Fág freagra ar 'Comer agus Butler ar fheabhas i scéal seo an éin chorr'