Colmcille agus Bainne na Bó Bacaí…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Colmcille agus Bainne na Bó Bacaí…

Cothrom an lae amárach, an 9 Meitheamh 597, Pátrún Cholm Cille, a deirtear a bhásaigh Colm Cille in Oileán Í in Albain


Nuair a bhí Colmcille i nGleann bhí dhá Naomh eile i gContae Dhún nGall san am céanna. Bhí Aodh Mac Breicne ag déanamh pionóis ar Shliabh Liag. Chasadh an triúr Naomh seo ar a chéile achan seachtain san bhliain. Ach aon lá amháin nuair a casadh ar a chéile iad dúirt Mac Breicne le Colmcille: ‘Bhisigh tú go han-mhaith ó chonaic mé thú roimhe.’ Ansin dúirt Colmcille nach raibh athrú bia ar bith aige agus nach raibh a fhios aige goidé a bhiseodh é.

Nuair a tháinig Colmcille ar ais, dúirt sé gur dhúirt Mac Breicne leis gur bhisigh sé go maith ón lá eile a chonaic sé é. Ansin d’fhiafraigh sé de bhean an tí goidé an cineál bia a thug sí dó an tseachtain sin. Dúirt sise go mbíodh uisce fríd an bhainne achan seachtain roimhe sin agus nár chuir sí uisce ar bith fríd an tseachtain sin dó.

Nuair a chuala Colmcille seo chuaigh sé amach agus mharaigh sé an bhó a bhí ins an bhóitheach.

Ach lá amháin eile nuair a bhí Colmcille ag siúl amuigh tháinig neach chuige agus dúirt nach raibh sé ceart ná cóir aige an bhó sin a mharú. Ansin dúirt Colmcille – ‘Goidé thig liom a dhéanamh anois, ar ndóigh tá an drochghníomh déanta agam.’ Ansin dúirt an neach – “Gabh abhaile agus cruinnigh na cnámha arís go mbeidh sí mar bhí sí roimhe.’

Chuaigh Colmcille abhaile agus chruinnigh sé na cnámha i gcionn a chéile ach ní thiocfadh leis cnámh na coise tosaigh a fháil. D’éirigh an bhó ina seasamh agus ansin chonaic Colmcille go raibh sí bacach. Bhíodh níos mó bainne ag an bhó ina dhiaidh sin ná a bhíodh roimhe.

Ansin d’fhág sé ina bhua ag achan bhó bhacach go mbeadh níos mó bainne acu ná bó eile.

Eibhlín Nic Giolla Easbuic, Scoil an Chaisil, Co Dhún na nGall a fuair an scéal óna hathair Pádraic Mac Giolla Easbuic

Fág freagra ar 'Colmcille agus Bainne na Bó Bacaí…'