‘Coláistí samhraidh’ don chainteoir dúchais Gaeltachta molta ag lucht pleanála teanga

Tá moladh i bplean teanga neamhfhoilsithe Chorca Dhuibhne go mbunófaí Coláistí Samhraidh d’aos óg na Gaeltachta le saibhreas teanga a neartú agus chun cur le tuiscint an aosa óig sa Ghaeltacht ar a ‘ndúchas’

‘Coláistí samhraidh’ don chainteoir dúchais Gaeltachta molta ag lucht pleanála teanga

Tá moladh déanta i bplean teanga Chomharchumann Chorca Dhuibhne, atá ag plé leis an bpróiseas pleanála teanga i gCorca Dhuibhne, go mbunófaí “coláistí samhraidh” d’aos óg na Gaeltachta.

Moltar go mbunófaí a leithéid le saibhreas teanga na ndaoine óga sa Ghaeltacht a neartú agus a dtuiscint ar a “ndúchas Gaeltachta” a fheabhsú.

Níl aon phlean sonrach leagtha amach ag Comharchumann Chorca Dhuibhne lena leithéid de choláiste a thabhairt isteach, ach dúirt an Aoife Ní Sheaghdha, atá ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí Thiar, go bhfuil an smaoineamh á chur chun cinn le tamall agus go bhfuil a leithéid molta sa phlean teanga don cheantar nach bhfuil foilsithe fós.

“Tá sé á chur chun cinn mar smaoineamh mar gheall ar a laghad rudaí atá ar fáil do dhéagóirí chun sóisialú trí Ghaelainn, agus aithne a chur ar phobail Ghaeltachta eile. Bheadh sé go diail go mbeadh seans acu an taithí a fháil, cur lena gcuid scileanna sa Ghaelainn agus na scileanna atá acu a fhorbairt,” a dúirt Ní Sheaghdha le Tuairisc.ie

Dúirt sí nach raibh aon phlé ceart déanta ar an smaoineamh go fóill ach go bhféadfadh go mbeadh coláistí samhraidh i gCorca Dhuibhne agus coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta eile ag obair as lámha a chéile le córas “rothlaithe” a thabhairt isteach. D’fhágfadh sin go gcaithfeadh daoine óga as an nGaeltacht tamall i gceantair Ghaeltachta éagsúla agus iad ag freastal ar na cúrsaí samhraidh.

Mhaígh Aoife Ní Sheaghdha, saineolaí sa phleanáil teanga, gur cheart don státchóras a bheith ag déanamh níos mó ar son óige na Gaeltachta agus ag cruthú bealaí nua le pobal na gceantar éagsúil a tharraingt le chéile sa chaoi is go láidreofaí an Ghaeltacht. Mhol sí an comórtas nuabhunaithe Aonach Tailteann a leagann béim ar thábhacht na Gaeltachta agus a bhfuil sé mar aidhm aige pobail Ghaeltachta a tharraingt le chéile.

“Ba cheart go mbeadh rudaí mar sin ar chlár oibre na n-oifigeach sa státchóras. Tá na smaointe iontacha seo ag teacht ón bpobal féin agus ní ó na háiteanna a bhfuil cúram fhorbairt agus chothú na Gaeltachta orthu faoi láthair. Tá an stát ag tacú le rudaí mar seo ach níl siad ag teacht suas leis na smaointe iad féin faoi láthair,” a dúirt sí.

Luaigh sí freisin an cúrsa ‘Eachtra’ a bhíodh ar siúl nuair a bhí sí ina cailín óg mar imeacht a chabhródh leis an nGaeltacht sa lá atá inniu ann.

“Nuair a bhí mo dheirfiúracha sna déaga, agus tá siad níos sine ná mar atá mise, chuadar go ‘Eachtra’ i nDún na nGall, agus is muintir na Gaeltachta is mó a chuaigh chuige sin, agus sin an saghas ruda atá ag teastáil anois.

Cad a bheadh le déanamh [ag óige na linne seo] i gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht?

“Níl a fhios agam go díreach, bheadh an-chuid plé le déanamh le coláistí difriúla ach saibhriú teanga agus láidriú pobail is mó a bheadh mar aidhm,” a dúirt Ní Sheaghdha.

Tá an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin ar aon tuairim le lucht na pleanála teanga i gCorca Dhuibhne maidir le coincheap na gcoláistí samhraidh d’óige na Gaeltachta agus molann sé go dtabharfaí Coláistí Samhraidh na nGael ar a leithéid.

Fág freagra ar '‘Coláistí samhraidh’ don chainteoir dúchais Gaeltachta molta ag lucht pleanála teanga'

  • Gan ainm

    Smaoitiú ar dóigh agus géarghá lena leithéid

  • Mánus

    Is athbheochaint teanga atá ag teastáil i measc an aos óig anois sa “Ghaeltacht” Oifigiúil rud nach léiríonn an plean seo. Fiú tá go leor den aos óig i gceantracha Catagóir A a chaitheann a saol tré Bhéarla agus a dhéanann na scrúdithe Stáit ar fad tré Bhéarla. Cad fúthu sin? agus cad faoin aos óg sna hiarGhaeltachtaí atá sa “Ghaeltacht Oifigiúil” nach bhfuil ach cúpla focal de theanga na tíre acu?

  • tglurgan

    Géarghá le hathsmaoineamh a dhéanamh ar ról na gColáistí Samhradh Gaeilge. É seo á iarraidh aríst agus aríst eile le 12 bhliain anuas ach gan ach bagairtí agus cluas bhodhar faighte mar fhgreagra. Bord stiúrtha deonach ina mbeadh guth comhionann, cothrom ag na páirtnéirí uilig -guth óige an cheantair ina measc – a theastraíonn, seachas an deachtóireacht gan fhís, gan dóchas atá ag eascairt óna Forbacha.
    Céim mhór chun cúil a bheadh ann, dar linn, deilt a dhéanamh idir foghlaimeoirí óga agus an t-aos óg áitiúil
    ‘Sé an múnla ar mhaith linn a fhorbairt ná go mbeadh sciar mhaith d’óige an pharóiste lárnach I saol na gcúrsaí agus gur gnáth rud é iad a bheith ag gcaidreamh le foireann & foghlaimeoirí araon.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘D’fhágfadh sin go gcaithfeadh daoine óga as an nGaeltacht tamall i gceantair Ghaeltachta éagsúla agus iad ag freastal ar na cúrsaí samhraidh.’

    Mholfainn go mbeadh ceangal leictreonach idir na ceantracha Gaeltachta ar tús. Tá daoine óga (agus daoine fásta) sna Gaeltachtaí éagsúla nach dtuigeann na canúintí difriúla! Má táthar le pobail Ghaeltachta a tharraingt le chéile, agus má bhíonn Óige na Gaeltachta gníomhach ina léithéid, caithfear cleachtadh a fháil ar na canúintí.

  • tomás

    agus cé a mhúinfidh na ‘múinteoirí’ ?