Coinnle deasa ar idir €10 agus €60 le cur le hatmaisféar na Nollag

Rogha de choinnle Nollag molta mar bhronntanais dheasa ag ár gcomhfhreagraí

Coinnle deasa ar idir €10 agus €60 le cur le hatmaisféar na Nollag

Is beag bronntanas atá chomh deas agus chomh tráthúil le tabhairt nó le fáil aimsir na Nollag le coinneal chumhra. Tá rogha ollmhór le fáil ar na saolta seo agus cumhracht de gach cineál i gceist.

Is minic gur coinnle le boladh spíosraí amhail cainéal, clóbh nó adhmad ar nós péine nó giúise a roghnaíonn daoine an tráth seo bliana.

Más bronntanas beag deas atá uait ag an nóiméad deireanach seans maith go bhfaighfeá ceann a shásódh thú ón liosta seo (praghsanna idir €10 agus €60).

 

Coinneal soighe na Nollag ó The Handmade Soap ar €15.95

Cainéal, clóbh, noitmig agus péine an boladh atá ar an gcoinneal álainn Nollag seo ón gcomhlacht iontach atá lonnaithe i mbaile Shláine.  Tá sí déanta as bláthola agus céir soighe agus í an-oiriúnach do dhaoine a dtaitníonn táirgí nádúrtha leo.

 

Coinneal ar a dtugtar ‘White Christmas’ ó Max Benjamin ar €30

Coinneal speisialta ó bhranda Éireannach eile í seo – ó Max Benjamin i Sléibhte Chill Mhantáin. Coinneal ‘eisiach’ do shéasúr na Nollag an ceann seo agus rachaidh an brabach ar fad chuig an gcarthanacht ALONE, a thugann tacaíocht do dhaoine scothaosta sa mbaile. Oráiste, cainéal, clóbh agus paitsiúlaí na cumhráin atá ón gceann seo.

 

Coinneal péine agus eoclaipe ó Jo Malone London ag Brown Thomas ar €56

Má tá neart airgid le caitheamh agat ar choinneal galánta is deacair sárú ar chinn Jo Malone. Bíonn cumhracht den chéad scoth orthu agus tá an ceann seo le péine agus eoclaip thar a bheith oiriúnach do shéasúr na Nollag.

 

Coinneal ar a dtugtar ‘Noble Fir’ ó Cloon Keen ar €40

Seo mo chéad rogha féin gach bliain ón gcomhlacht atá lonnaithe ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Tá spíonlach, giúis agus balsam ó chrainn chéadair i gceist i Noble Fir, agus ruainnín beag cainéil agus clóbh inti chomh maith.

 

Coinneal céadair, clóibh agus ‘ambergris’ ó Rathbornes ar €36

Bunaíodh an comhlacht Rathbornes i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1488 – rud a fhágann go bhfuil siad ar an gcomhlacht coinnle is sine ar domhan atá fós i mbun oibre. Bhíodh a gcoinnle ag lasadh sráideanna Bhaile Átha Cliath ón 17ú aois ar aghaidh agus, dá réir sin, is cuid de stair na hÉireann iad.  Tá boladh mealltach spíosraí, clóbh agus cainéal chomh maith le céadar ar an gcoinneal seo.

 

Coinneal ar a dtugtar ‘Winter’ ó Field Day ar €10.95

Coinneal álainn don séasúr seo ó Field Day a bunaíodh i gContae an Dún in 2002. Tá boladh breá cainéil agus clóibh chomh maith le horáistí agus fanaile ar an gcoinneal seo atá ar fáil i dtrí rogha – beag, mór agus an-mhór. Tá Field Day an-tiomanta don inbhuanaitheacht ina gcuid táirgí.

 

Coinneal ar a dtugtar ‘Calm + Serene’ ó Considered by Helen James ag Dunnes Stores ar €9.84

Seo rogha do dhaoine nach maith leo spíosraí na Nollag. Cumhracht labhandar, marós agus neroli, bláthola ón gcrann oráiste, atá ar an gcoinneal álainn seo atá lámhdhéanta in Éireann. Spreagann an choinneal seo atmaisféar suaimhneach – rud a mbeidh fáilte roimhe le linn thréimhse na Nollag.

Fág freagra ar 'Coinnle deasa ar idir €10 agus €60 le cur le hatmaisféar na Nollag'