Coinnígí oraibh ar an gcaoi sin, a lucht an chealchultúir, má theastaíonn uaibh nach scríobhfar ailt agus leabhair spreagúla i nGaeilge feasta…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chuir an céasadh poiblí a rinneadh ar iriseoir agus ar scríbhneoirí aitheanta Gaeilge ar na meáin shóisialta an tseachtain seo as go mór dár gcolúnaí

Coinnígí oraibh ar an gcaoi sin, a lucht an chealchultúir, má theastaíonn uaibh nach scríobhfar ailt agus leabhair spreagúla i nGaeilge feasta…

Mar is eol do dhuine ar bith a d’úsáid ríomhaire riamh, tá sé saghas deacair alt a scríobh agus tú i do shuí ar do lámha.

Mar sin féin, sin é atá á dhéanamh agam faoi láthair – go meafarach, pé scéal é. Gach re soicind, tagann cathú orm sracfhéachaint a thabhairt ar na meáin shóisialta.

Agus an colún seo á scríobh agam, tá stoirmín beag amuigh ansin faoi alt a scríobh mé an tseachtain seo faoi cheist thábhachtach maidir leis an ardán sóisialta Mastodon.ie: an áit shábháilte do chainteoirí Gaeilge é an suíomh céanna?

Ceist ionraic agus bhailí a bhí inti sin –neamhspleách ar aon cheist eile – ach is iomaí duine amuigh ansin ar Twitter agus ar Mastodon atá ag iarraidh mé a tharraingt isteach i ndíospóireacht faoi ábhar eile: an raibh masla ag baint le halt a scríobh Cathal Mac Coille ar na leathanaigh seo an deireadh seachtaine seo caite?

Ní raibh mise i measc na ndaoine – seisear, ar a laghad – ar cuireadh a gcuntais ar Mastodon.ie ar fionraí toisc gur roinn siad nasc ar an ardán sin chuig alt Chathail Mhic Coille, iriseoir a bhfuil meas i bhfad is i ngearr air le blianta fada as ardchaighdeán a chuid oibre.

Ach labhair mé le cuid de na daoine ar díbríodh ó Mastodon iad.

‘Mhill sé mo lá, agus ghoin sé mé, ach tá muid ag scríobh go poiblí, agus cé nár tharla rud mar seo dom, riamh, caithfear bheith ag súil leis, is dócha,’ a dúirt an file agus an scríbhneoir amhrán Áine Durkin, ar cuireadh a cuntas ar Mastodon.ie ar fionraí toisc gur roinn sí nasc chuig alt Chathail Mhic Choille.

Is baolach go bhfuil an ceart ag Áine: sa lá atá inniu ann, faraor, is minic a chuirtear scríbhneoirí ‘ar ceal’ mura mbíonn na tuairimí cearta du jour á léiriú acu. Cuir ceist ar J.K Rowling. Cuir ceist ar Lionel Shriver.

‘Bhí alt Chathail iontach measta (dar liom) ach bhí cancel culture amuigh ar obair an lá sin, is léir,’ a dúirt an t-úrscéalaí agus an gearrscéalaí Réaltán Ní Leannáin liom. Cuireadh a cuntas féin ar Mastodon.ie ar fionraí freisin nuair a roinn sí nasc chuig alt Chathail Mhic Choille.

‘Bhí lá ann agus bhí saoirse cainte ina gairm chatha ag an eite chlé. D’imigh sin is tháinig seo!’ a dúirt an scríbhneoir agus an t-aistritheoir Antain Mac Lochlainn, ar cuireadh a chuntas ar Mastodon.ie ar fionraí chomh maith.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh den ghné seo den scéal ar cholún faoi chúrsaí scríbhneoireachta: scríbhneoirí oilte a bhí i gceathrar den seisear ar chuir Mastodon.ie a gcuntais ar fionraí. Agus ní dhearna duine ar bith den cheathrar sin ach nasc chuig alt a bhí i gcló ar Tuairisc.ie, príomhardán iriseoireacht scríofa na Gaeilge, a roinnt.

Ceathrar scríbhneoirí Gaeilge. Curtha ar fionraí.

Agus céasta go poiblí ina dhiaidh sin – taobh thiar dá ndroim ar Mastodon.ie, agus suas lena mbéal ar Twitter – ag lucht an chealchultúir, dream atá forleathan go leor i saol na Gaeilge, is léir.

Tá teachtaireacht agam dóibh siúd a ghlac páirt sa chéasadh poiblí a rinneadh ar líne an tseachtain seo ar iriseoirí agus ar scríbhneoirí Gaeilge.

Coinnígí oraibh ar an gcaoi sin má theastaíonn uaibh nach mbeidh ailt ná leabhair ná cláir spreagúla á scríobh á bhfoilsiú ná á gcraoladh i nGaeilge feasta.

D’éirigh liom an colún seo a scríobh agus mé, go meafarach, ‘i mo shuí ar mo lámha’.

Ach úrscéal? Gearrscéilín féin? Is beag an baol go n-éireodh liom, agus síorimní orm go ndéanfaí mé a chéasadh go poiblí ar na meáin shóisialta nó go mbainfí mo chuid leabhar ó liosta léitheoireachta ollscoile éigin toisc go ndúirt mé rud éigin nó gur roinn mé nasc éigin nár thaitin le lucht an chealchultúir.

Mar a tharlaíonn, aontaím sa chás seo ar chuid mhaith ceisteanna leis na daoine céanna a bhfuil céasadh poiblí á dhéanamh acu ar iriseoirí agus ar scríbhneoirí Gaeilge an tseachtain seo.

Ach mar fhear a bhfuil dúil aige i bhfir, agus a d’fhulaing a dhóthain bulaíochta dá bharr sin, diúltaím scun scan dá gcur chuige, a chuireann clós na scoile i gcuimhne dom níos mó ná rud ar bith eile.

Fág freagra ar 'Coinnígí oraibh ar an gcaoi sin, a lucht an chealchultúir, má theastaíonn uaibh nach scríobhfar ailt agus leabhair spreagúla i nGaeilge feasta…'

  • Art

    Maith thú Alex.

  • Stiofán

    Is lú i bhfad mo bhuairt faoi mhisneach scríbhneoirí na Gaeilge agus is mó mo bhuairt faoi dhaoine tras nach mbraithfeadh go bhfuil spás ann dóibh i bpobal na Gaeilge i ndiaidh an phlé seo ar fad. Tá an chaint seo ar ‘chéasadh’ agus ‘cealchultúr’ ag meascadh suas, dar liom, saoirse scríofa agus cainte le saoirse ó easaontú agus cáineadh, rud nach bhfuil ceart. Tá an-mheas agam ar Alex mar dhuine agus mar scríbhneoir, ach braithim go gcailleann an t-alt an pointe maidir le conspóid an bhunailt. Ba mhaith liom anois dá dtabharfadh Tuairisc.ie seans do dhuine tras freagra ar an bplé seo a chur i gcló.

  • Pádraic

    Maith thú, a Alex. Chuaigh lucht an chealchultúir thar fóir an geábh seo. Ní bheinn ag teacht go hiomlán leis an méid a bhí le rá ag Cathal ach níl sé ceart ná cóir go gcuirfí cosc ar shaoirse cainte má tá tuairimí á gcur in iúl ar bhealach measúil.

  • Seán Ó Séaghdha

    Alex, cuireann an díbirt ó Mastodon clós na scoile i gcuimhne duit agus chuir alt Mac Coille mothúcháin chosúla i gcuimhne dhomsa. Tugann tú liosta de na daoine a bhí céasta millte gonta amhail is nár airigh duine ar bith eile sa scéal rud ar bith. Agus tá daoine tras amuigh ansin ag fualaingt gach lá. Tuige nach bhfuil an trua céanna tuillte acusan agus iad ag foghlaim cé chomh mór a bhí fadhb na ndaoine trasinscneacha ó ‘príomhardán iriseoireacht scríofa na Gaeilge’.

    B’fhéidir go raibh ‘céasadh’ eile ann nach bhfaca mé, ach ní chreidim gur ionann duine a chaitheamh amach as ardán digiteach agus na hionsaithe gan stad gan staonadh a fheicim dírithe chuig daoine trasinscneacha ’chuile lá.

    Cuireann sé brón orm tú féin a fheiceáil ag úsáid buzzwords an alt-right anois — cealchultúr. I bhfocail eile moráltacht nach n-aontaím léi. Rud amháin easaontú le cinsireacht; rud eile glacadh le gluais idé-eolaíoch.

    Mhill sé mo lá, mo sheachtain, mo mhí. Chroith sé mo mhuinín i bpobal na Gaeilge mar pobal oscailte fáilteach. Nílim sásta leis sin, ach ní léir dom go bhfuil mórán dea-mhéin ann ó thaobh Mastodon.ie ná ó thaobh na ndeoraithe chun a scéal a réiteach.

  • Antóin

    ‘Bhí lá ann agus bhí saoirse cainte ina gairm chatha ag an eite chlé. D’imigh sin is tháinig seo!’ An ceart ar fad ag Antain Mac Lochlainn.

    Una voce atá i réim in uile ghné den saol anois agus na comhlachtaí móra teicneolaíocha ag tacú leis an chealchultúr. Iadsan na cinsirí nua ag obair as lámha a chéile le rialtais.

    Féach J.K. Rowling. An moladh a fuair sí as a cuid úrscéalta Harry Potter. Agus ansin an cáineadh agus an céasadh nuair a léirigh sí a cuid tuairimí faoi chúrsaí tras. Ní cheadaítear easaontú leo is cosúil.

    Níor ceadaíodh ach una voce le linn Covid. Cealaíodh dochtúiri agus eolaíthe mór le rá nach ndeachaigh leis an tsruth, a cheistigh na tástálacha PCR, a lorg eolas faoina raibh sna vacsaíní agus faoina n-éifeachtúlacht

    Nach iomaí léitheoir ar an suíomh seo a bhí ag iarraidh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú a chealú nuair a shnámh in éadan an easa san Úcráin. Is minic a cheapaim go bhfuil Eoin ar an eite chlé de Xi Jinping ach ní iarrfainn go gcuirfí ina thost é.

    Mar a deir Pádraic ‘áfach chuaigh siad thar fóir an geábh seo’ agus sin a dhéanfas a n-aimhleas sa deireadh.

  • Máire

    Ní haon chabhair do Chathal nó Alex iad a chur i gcomparáid le hEoin Ó Murchú. Chur iompar Eoin ar na meáin shóisialta déistean ar dhaoine, go háirithe a iompar i leith teifeach mná óg. Agus an bhréagfháisnéis ar fad a scaip sé. Rinne sé dochar mór dá chlú fhéin agus do chlú Tuairisc. Tá Seosamh Ó Cuaig ag snámh in aghaidh easa freisin ar an Úcráin agus ní raibh an chonspóid chéanna faoi. Maidir le cúrsaí inscne táim ag cur spéise sa díospóireacht. Cloisim taobh amháin agus ceapaim go bhfuil ciall leis. Ansin cloisim pointí maithe ar an taobh eile. Ba chóir go mbeadh plé oscailte. Bheadh sé go maith alt le duine trans a fhoilsiú. Meas mór agam ar Réaltán Ní Leannáin agus Áine Durkan. Nílim ag iarraidh a bheith i mo bhall d’aon chlub nach bhfuil fáilte rompu siúd ann. Beidh orainn mnanaheireann.ie a bhunú!

  • Art

    Alt spéisiúil sa Guardian. Ábhar casta. A lán daoine thar a bheith cinnte faoi ábhar thar a bheith éigcinnte. https://www.theguardian.com/society/2022/nov/24/an-explosion-what-is-behind-the-rise-in-girls-questioning-their-gender-identity