B’fhéidir nach áit shábháilte do chainteoirí Gaeilge an t-ardán sóisialta nua Mastodon

Le ceithre lá anuas, cuireadh cuntais ar a laghad seisear tráchtairí Gaeilge ar an ardán sóisialta Mastodon.ie ar fionraí toisc gur roinn siad nasc chuig alt ar Tuairisc.ie a tharraing conspóid…

B’fhéidir nach áit shábháilte do chainteoirí Gaeilge an t-ardán sóisialta nua Mastodon

‘A server for Ireland, people who call Ireland home, and the Irish diaspora. Pobal d’Éireann, daoine a thugann baile ar Éireann, agus diaspóra na h-Éireann.’

Is mar sin a dhéanann an t-ardán sóisialta Mastodon.ie, a bhfuil fás mór air ó cheannaigh Elon Musk Twitter, cur síos orthu féin.

‘Pobal d’Éireann?’

Ok, ceart go leor, a shíl mé, déanann chuile dhuine botún cló nó gramadaí ó am go chéile. Ach is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste a deirtear, agus cuid den teachtaireacht fáilte a bheith i nGaeilge ceann de na rudaí a mheall mise chuig Mastodon.ie an chéad lá riamh.

Go deimhin, tá polasaí teanga ag Mastodon.ie: Gaeilge nó Béarla amháin.

Cuireadh ar mo shúile dom féin an lá ar chláraigh mé mo chuntas ar an ardán nach mbeadh cead agam a bheith ag ‘tútáil’ liom in Ísiltíris nó i bPortaingéilis, an dá theanga eile a mbainim úsáid astu i mo shaol laethúil.

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus bhain mé sult as an gcéad chúpla seachtain a chaith mé ar Mastodon.ie.

Thug mé suntas, mar aon le mórchuid daoine eile, don mhéid Gaeilge a bhí le feiceáil ar an ardán.

Go deimhin, bhí pobal bríomhar Gaeilge á thógáil ann – ach le ceithre lá anuas, tá claochlú ar chúrsaí.

Ó Dé Sathairn i leith, tá cuntais ar a laghad seisear tráchtairí aitheanta Gaeilge curtha ar fionraí ag Mastodon.ie – cuid de na daoine is gníomhaí i bpobal Gaeilge an tsuímh ina measc.

Céard a tharla?

Is cosúil gur tharraing alt dar teideal ‘Ní hionann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile’ a scríobh Cathal Mac Coille ar Tuairisc.ie raic.

Roinn an tráchtaire ar na meáin shóisialta Aonghus Ó hAlmhain nasc chuig an alt sin ar Mastodon.ie agus cuireadh a chuntas ar an ardán sin ar fionraí.

Ansin, chuir an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn ‘cinsireacht mhíréasúnta’ i leith Mastodon.ie agus cuireadh a chuntas siúd ar fionraí freisin; bhí nasc chuig an alt ar Tuairisc.ie mar chuid den tút ba chúis lena dhíbirt.

Tharla an rud ceannann céanna don fhile Áine Durkin, don úrscéalaí Réaltán Ní Leannáin agus, tuigtear dom, do bheirt eile, duine acu ar scríbhneoir Gaeilge aitheanta freisin é.

Níl fúm an t-ábhar a bhí faoi chaibidil ag Cathal Mac Coille a phlé tuilleadh anseo.

Ní raibh mé i láthair ag an gcruinniú ar ar fhreastail sé, níl mé sách oilte le tuairim a thabhairt faoin gceist a bhí á plé ag an gcruinniú céanna, agus le bheith go hiomlán ionraic faoi, níl spéis dá laghad agam inti – rud nach ionann, ar eagla go gceapfaí a mhalairt, agus a rá go measaim nach ceist bhailí í.

Ach tá spéis agam sa cheist seo:

Cén chaoi a bhfuil muid tagtha chuig an bpointe, mar phobal ar líne na Gaeilge, go gcuirtear cuntais ar ardán sóisialta ar fionraí nach ndearna ach nasc a roinnt chuig alt a bhí i gcló ar Tuairisc.ie?

Féadfaidh tú aontú nó easaontú leis an méid a scríobh Cathal Mac Coille – ach spreagadh fuatha a chur ina leith, i leith Tuairisc.ie agus i leith na ndaoine a roinn nasc chuig an alt? An uair dheireanach a sheiceáil mise, ní foilseachán frith-LADT+ a bhí in Tuairisc.ie ach a mhalairt; is iomaí alt a scríobh mé féin faoi ábhair LADT+ ar na leathanaigh seo agus níor mhothaigh mé riamh nach raibh fáilte roimh a leithéid, ach a mhalairt.

Rith ceist fhríorthromchúiseach eile liom agus mo mhachnamh á dhéanamh agam faoin scéal seo ar fad.

I ndiaidh do Mastodon.ie cuntais seisear tráchtairí Gaeilge aitheanta – seisear! – a chur ar fionraí toisc gur roinn siad nasc chuig alt a chloígh go huile is go hiomlán le dea-chleachtais na hiriseoireachta, ach a tharla a bheith i nGaeilge, seo í an cheist atá do mo chéasadh: an féidir linne, pobal Gaeilge Mastodon.ie, talamh slán a dhéanamh de go bhfuil Gaeilge sách líofa ag modhnóirí Mastodon.ie chun modhnóireacht a dhéanamh ar an trácht – bhríomhar! – i nGaeilge ar an ardán sin?

Rinne mé teagmháil le Mastodon.ie chun freagra a fháil ar an gceist sin, agus chun ráiteas oifigiúil a lorg maidir leis na cuntais a chuir siad ar fionraí, ach go dtí anois – 24 uaire an chloig níos déanaí, agus tar éis dom mo cheist a mheabhrú dóibh – níl aon fhreagra faighte agam.

Ach más fianaise an méid seo: i mBéarla amháin a bhí an chumarsáid leo siúd ar cuireadh a gcuntais ar fionraí; tá seatanna scáileáin feicthe agam.

Is maith leis an ngréasán Mastodon i gcoitinne (ní le Mastodon.ie amháin) cur síos a dhéanamh air féin mar ‘áit shábháilte’ do mhionlaigh.

Ach mura bhfuil ar chumas Mastodon.ie modhnóireacht a dhéanamh ar phostálacha i nGaeilge nó ar naisc chuig ailt i nGaeilge, an áit shábháilte é Mastodon.ie do chainteoirí Gaeilge?

Mura bhfuil ar chumas Mastodon.ie an chosaint sin a thabhairt dúinn, gach seans go bhfuil sé in am do phobal na Gaeilge freastalaí dá gcuid féin a bhunú mar chuid de ghréasán idirnáisiúnta Mastodon.

Ach an mbeadh dúil agam féin ina leithéid dá mbeadh sé ar fáil?

I ndiaidh ar thit amach ar Mastodon.ie le ceithre lá anuas, nílim cinnte faoi sin.

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach áit shábháilte do chainteoirí Gaeilge an t-ardán sóisialta nua Mastodon'

  • Art

    Is ait an mac an saol

  • Antóin

    An eol do mhodhnóirí Mastodon an difear idir modhnóireacht agus cinsireacht?

    Dála an scéil, c’ainm atá ar an eagraíocht cheannairceach sin a bhfuil an seisear tráchtairí Gaeilge aitheanta sin inti!

  • Tomás Eoin Ó Laoghóg

    Tionscadal nua atá idir lámha againn i gcás Mastodon, agus seans go bhfuil an mhíthuiscint agus an easpa taithí i réim sa chás seo.