Ní hionann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile

Faitíos agus fuath ar líne – agus neamhaird ar chearta na mban

Ní hionann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile

D’fhreastail scríbhneoir an cholúin seo ar an gcéad chruinniú a reáchtáil grúpa a thugann Women’s Space Ireland orthu féin i mBaile Átha Cliath seachtain ó shin. Léirigh an cruinniú agus cuid mhór den chur síos a rinneadh air sna meáin shóisialta an tslí ina gcuireann naimhdeas agus aineolas isteach ar phlé poiblí a theastaíonn go géar.

Bhí os cionn 200 bean, idir óg agus aosta, i láthair. Dhírigh na cainteoirí ar ghnéithe éagsúla d’aidhmeanna an ghrúpa, na cinn seo go háirithe:

  1. Ba chóir tosaíocht a thabhairt do ghnéasacht bhitheolaíoch seachas d‘fhéiniúlacht inscne chun aghaidh a thabhairt ar an dochar a dhéanann gnéasachas do mhná agus do chách.
  2. Ba chóir ionaid aon-ghnéis do mhná agus do chailíní (leithris, seomraí gléasta, agus áiteanna ar leith in ospidéil agus i bpríosúin) a choimeád ar mhaithe le príobháideacht, sábháilteacht agus cothromaíocht.
  3. Ba chóir, ar na cúiseanna céanna, spásanna nó socruithe aon-ghnéis a choimeád i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí spóirt agus in ionaid shóisialta do leispiaigh.

I measc na gcainteoirí bhí an t-iriseoir Helen Joyce (a rinne anailís ghéar ar an ‘idé-eolaíocht’ a bhaineann, dar léi, le cúrsaí inscne ina leabhar Trans); Colette Colfer, léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt;  an t-oideachasóir agus sagart Anglacánach Anne Lodge; an dochtúir leighis Madeleine Ní Dhálaigh ó Chontae Ros Comáin; agus an síciteiripeoir Stella O’Malley.

Bhain cuid mhór den chaint ag an gcruinniú leis an díobháil a deir an grúpa atá á dhéanamh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo mar gheall ar ró-ghlacadh sna scoileanna le féinfhógairt inscne, i measc cailíní go háirithe. Níor séanadh éiginnteacht inscne agus níor cáineadh féinfhógairt inscne (nó ‘self-ID’) mar a cheadaíonn an dlí, ach ba léir gur shíl gach cainteoir nach bhfuil an dearcadh atá i réim folláin.

‘Níl sé de cheart ag scoileanna an bonn a bhaint de chearta tuismitheoirí,’ a dúirt Anne Lodge. Mhol sí go gcoimeádfaí aird ar an gcuraclam nua don Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (SPHE) atá á dhréachtú faoi láthair. Dar le Lodge go bhfuil an baol ann go mbeidh róthionchar ag brúghrúpaí eagraithe ar an gcuraclam.

Dúirt Stella O’Malley go leathann na meáin shóisialta míshásamh corpartha agus féinfhuath i measc cailíní sna déaga. ‘Is dlúthchuid de chúram tuismitheora é daoine (óga) a chosaint nuair nach bhfuil lántuiscint riachtanach bainte amach acu,’ a dúirt sí.

Rinne Madeleine Ní Dhálaigh cur síos ar chúis imní reatha a bhaineann le coinneáil príosúnach a deir gur trasmhná iad agus a ciontaíodh i gcoireanna foréigin sa phríosún céanna le mná leochaileacha i Luimneach.

Nil sa chur síos thuas ach gearr-shamplaí de na cúiseanna imní a pléadh ag an gcruinniú. Bhain a bhformhór le tionchar an Acht um Inscne a Aithint, a fuair tacaíocht ar chaon taobh san Oireachtas sular cuireadh i bhfeidhm é in 2015.

Chuir an díospóireacht sa Dáil agus sa Seanad an uair sin béim ar shaoirse agus ar dhínit an duine agus ar an aitheantas a thuill daoine tras-inscneacha. Níor pléadh na himpleachtaí ginearálta in aon chor.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialta Joan Burton agus an reachtaíocht á moladh aici ar an 21 Eanáir 2015 go gcinnteodh sé go dtabharfadh an Stát agus “an tsochaí shibhialta agus thráchtála” aitheantas feasta don inscne a roghnódh daoine go hoifigiúil. Ní theastaíonn ó shin ach dearbhú i scríbhinn chun athrú inscne a chlárú.

Níor thagair Teachta Dála ná Seanadóir ar bith don tionchar níos leithne a bheadh ag an bpolasaí nua ar scoileanna, ar an tseirbhís sláinte ná ar chearta na mban – mar shampla mná a deir gur chóir leithris agus seomraí gléasta ar leith do mhná a choimeád gan cead isteach a bheith ag daoine ag a bhfuil corp fireann neamh-athraithe.

Ní léir lán-tionchar an Achta fós. Ní léir fós ach oiread cén céatadán den phobal a aontaíonn le tuairimí an ghrúpa nua, ach ní ón ngrúpa nua amháin a chloistear gearáin faoin maolú atá ag teacht de réir a chéile ar sheomraí gléasta agus spásanna speisialta do mhná. Is díol suntais é áfach an t-ionsaí fíochmhar ar líne a rinne daoine nach raibh i láthair ag an gcruinniú ar an lucht eagair, ar na cainteoirí, agus ar dhuine ar  bith a tharraing aird ar an ócáid – ina measc scríbhneoir an cholúin seo.

Sna freagraí a tugadh ar ghiolc ghairid faoin gcruinniú a chuir mé ar Twitter lena linn dúradh go raibh aidhmeanna Women’s Space Ireland gránna, saonta, áiféiseach, craiceáilte, agus contúirteach.  Cuireadh i mo leith freisin go raibh mé mímhacánta agus go raibh dúil mhíshláintiúil i mná agam. Dúradh chomh maith, go raibh fuath do dhaoine trasinscneacha á chothú agam agus go raibh mé ag iarraidh daoine a ghríosú chun mná trasinscneacha á ionsaí, agus (i measc na bhfreagraí i nGaeilge) go raibh “seafóid” á scaipeadh agam.

Níl fírinne dá laghad sa chnuasach aidiachtaí sin mar chur síos ar an tuairisc i dtrí abairt ar an gcruinniú a  chuir mé ar Twitter, ná ar fhocal a dúradh le linn an chruinnithe féin.

Tá cosaint, urraim agus cabhair (más gá) tuillte ag gach duine trasinscneach. Ní raibh aon chosúlacht idir na hábhair imní a phléigh Ban-Spás Éireann (más ceadmhach dom teideal an ghrúpa a aistriú) agus ábhar ar bith a spreagfadh drochmheas, contúirt nó bagairt ar dhaoine trasinscneacha.

Léiríonn an sampla thuas den aisfhreagra ar líne a tháinig ó dhaoine nach raibh i láthair ag an gcruinniú fáth amháin go seachnaíonn daoine i dTeach Laighean agus in áiteanna eile díospóireacht ar chúrsaí a bhaineann go dlúth le cúrsaí inscne, le leas agus sláinte páistí agus déagóirí agus le cearta na mban.

Níor réitigh tost ná fuath ná faitíos fadhb ar bith riamh. Tá aird á tarraingt ag an ngrúpa nua ar ghearáin réasúnta, fiú mura n-aontaítear go hiomlán leo go léir. Léigh Colette Colfer dán spreagúil ‘Woman: an adult human female’ ag an gcruinniú (ar féidir é a léamh anseo) a mheabhraigh dá raibh i láthair an fáth nach féidir neamhaird a dhéanamh dá dtuairimí.

Deir an dán nach féidir fáil réidh le héagsúlacht bhitheolaíoch (idir fir agus mná) – tuairim a cháintear go nimhiúil ar na meáin shóisialta ach tuairim a chruthaíónn fianaise na súl gach lá.

Ní hionann easaontú agus léiriú fuatha.

Ní hionann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile, ná neamhaird ar an leas coiteann.

Níl deireadh ráite faoin scéal seo fós, agus ní cóir go mbeadh.

Fág freagra ar 'Ní hionann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile'

  • Meatachán

    Aontaím le chuile rud anseo. Ach ní bheadh sé de mhisneach agam sin a rá faoi mo fíor ainm mar gheall ar an histéire agus fuath i gcoinne duine ar bith a dheireann rud ar bith nach gcloíann 100% le clár oibre raidiceach i dtaca le hinscne. Tá gach ceart ag na daoine seo iarracht a dhéanamh cur ina luí orainn go trí plé agus díospóireacht mheasúil gur chóir dúinn glacadh leis na hathruithe raidiceacha atá á mholadh acu. Sin a tharla sa díospóireacht faoi pósadh comhghnéis. Bhí plé oscailte agus cead ag daoine ceisteanna a chur agus imní a léiriú gan bulaíocht á dhéanamh orthu. Tá Cathal cróga. Tá brón orm nach bhfuilim chomh cróga leis.

  • Cian Ó Cuanacháin

    Ní chreidfidh éinne a Chathail nach dtuigeann tú cén fáth gur cháineadh lucht eagraithe na hócáide seo agus cén fáth gur cáineadh tusa leo. Tá súil agam nach bhfuil tuairisc.ie chun an Irish Times agus a leithéidí a leanúint síos an bhóthair seo, ag tabhairt ardáin don fhuath agus don fhaisisteachas ar mhaithe ‘cothromaíochta’ agus ‘nílimid-ach-ag-ardú-ceisteanna-achas’. Mo náire sibh.

  • Antóin

    Ní fhéadfainn gan aontú le haidhmeanna an ghrúpa seo. Ag iarraidh spás a chruthú do mhná in Éirinn. Cé a shamhlódh deich mbliana ó shin go mbeadh gá lena leithéid? Ach tá.

    Tá idé-eolaíocht nua á brú chun cinn ag brúghrúpaí áirithe ar luas lasrach. Ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine lena n-imeartas focal. Ag iarraidh deireadh a chur le focail amhail, bean, mná, máthair, tuismitheoirí. Ag iarraidh a chur ina luí orainn gur tábhachtaí inscne ná bitheolaíocht. Agus is cogadh fada é dar leo.

    Maidir le ‘hionaid aon-ghnéis do mhná agus do chailíní (leithris, seomraí gléasta, agus áiteanna ar leith in ospidéil agus i bpríosúin) a choimeád ar mhaithe le príobháideacht, sábháilteacht agus cothromaíocht’ cheapfá nach mbeadh aon chur i gcoinne.

    Tá sé ag dul dian orm a thuiscint conas is féidir fir a bhfuil coireanna gnéis déanta acu, a chur i bpríosún do mhná. Samhlaigh príosúnach a fuarthas ciontach i ndeich gcúiseamh a bhain le hionsaí gnéis ar a leasmhac agus cúiseamh amháin a bhain le cruálacht ar pháistí agus a tharla idir Meán Fómhair 2011 agus Meán Fómhair 2023. Tá sé i bpríosún do mhná toisc gur bean trasinscneach é.

    Ní mór tús áite a thabhairt do phríobháideacht agus shábháilteacht cailíní agus ban.

  • Eoin Ó Murchú

    Alt fíormhaith. Alt ionraic agus misniuil. Fair play dhuit, a Chathail.
    Ní hionann easaontú agus fuath, agus caithfimid a bheith cúramach gan dochar a dhéanamh do chearta mhná nó do chearta pháistí.

  • Meatachán

    Agus tá sé tosaithe. ‘Fuath’ agus Faisisteachas’. An rud faoi, níl tuairimí láidre agam faoin gceist substaintiúl. Is fear mé agus níl iníon agam agus is cuma sa tsíoc liom a bheith ag roinnt seomra feistis le fear trasinscneach etc. Ach aithním go mothaíonn sciar suntasach ban buartha faoi na rudaí seo. Más féidir le leithéidí Chian a chur ina luí orthu le plé réasúnta glacadh le gach rud atá á mholadh acu fair play dhóibh. Ach an rud ghoilleann orm ná an bhulaíocht agus na líomhaintí gan fianaise agus an tuairim gur ionann easaontú leis an rud atá á mholadh agus nó fiú gan a bheith iomlán cinnte faoi gach uile gnéith de agus ‘faisisteachas’.

  • Cian Ó Cuanacháin

    Tá sé soiléir an saghas feachtas atá ar bun ag Posie Parker agus a leithéidí. Tá sé soiléir freisin an ardmheas atá ag lucht eagraithe na hócaide seo uirthi agus ar a leithéidí. Ní áibhéil in aon chor í faisisteachas a lua leo, mar sin an dream lena seasann siad. Is náireach an rud é ardán a thabhairt dá leithéidí agus tuigeann Tuairisc agus Cathal go maith é seo.

    Is ait liom Eoin ach go háirithe a bheith sásta díospóireacht a dhéanamh faoi cheist an trasinscneachais – tuairimí an-láidir aige i leith an fhaisisteachais i gcomhthéacs reatha eile.

  • Antóin

    Conas faoi Dhia is féidir le duine ar bith an t-alt seo a léamh, gan anailís de shórt ar bith a dhéanamh air agus ansin fuath agus faisisteachas a chur i leith an údáir.

    Féachaimis ar pheacaí Chathail! D’fhreastail Cathal ar chruinniú a d’eagraigh Women’s Space Ireland. Luaigh sé a gcuid aidhmeanna, cé a bhí i láthair agus céard a dúirt siad agus na hábhair imní a bhí acu. Ansin luaigh sé an t-ionsaí a rinneadh air as giolc gairid a chuir sé ar Twitter. Agus is é a thuairim, is dóigh liom, go bhfuil an naimhdeas agus an t-aineolas a fheictear ar na meáin shoisialta ag cur isteach ar an bplé poiblí a theastaíonn. ar chúrsaí mar seo.

    Agus ansin an peaca marfach! dúirt sé go raibh ‘aird á tarraingt ag an ngrúpa nua ar ghearáin réasúnta…’ Ouch, an focal sin ‘réasúnta’.

    Tá daoine ann a cheapann go bhfuil siad réasúnta agus tá daoine a cheapann a mhalairt. Ach fuath agus faisisteachas a tharraing isteach sa scéal gan oiread is blúire d’fhianaise! Amaidí. Náireach.

  • Seán Ó Séaghdha

    Chuir sé déistin is díomá orm an píosa seo a fheiceáil anseo ag spreagadh lucht atá tiomnaithe do scaipeadh eagla, imní agus fuath. Ní ceist cothromaíochta í seo — daoine radacacha iad seo gan tacaíocht acu ó saol an leighis nó ó saol an eolaíochta. Agus tá boladh gránna polaitiúil ar an gcinneadh é a dhéanamh le linn Trans Awareness Week.

    Más duine soineanta thú, b’fhéidir nach bhfuil comharthaí den tseort seo bolscaireachta soiléir duit, ach má tá taithí agat air is furasta é a aithint.

    Ní beart simplí “acadúil” é seo, ach ionsaí ann féin.

  • Antain Mac Lochlainn

    Na cinsirí atá ar an ionsaí anseo, is ionann ealaín dóibhsean agus do lucht cosanta Iosrael, in ainneoin a gcuid cainte faoi cheartas sóisialta. Má ardaíonn duine an cheist is lú ar bith maidir leis an stát sin, níl le déanamh ach ‘faisisteach’ nó ‘frith-Ghiúdach’ a thabhairt orthu. Ag spreagadh fuatha atá siad srl srl. Níl feidhm le díospóireacht ná le hargóintí; is leor maslaí cainte agus cinsireacht.

    Bhí rith an ráis leo ar feadh fada go leor ach chítear dom go bhfuil daoine ag éirí tuirseach de. A chead acu a rá gur ‘ionsaí’ atá san alt seo. A chead acu a rá go bhfuil dath dearg ar an spéir ghorm agus é a rá míle uair más maith leo. Ní fhágann sin go bhfuil sé fíor.

  • Cathal

    An-díomá orm an t-alt seo a léamh ar Tuairisc. Is cearta daonna iad cearta tras, agus is mná iad trasmhná. Ní dóigh liom go raibh fáilte roimh aon duine tras ar an ardán an lá sin.

  • Kym

    Tá sé an-éasca agaibhse, a fheara, a bheith ‘díomách’ faoin tuairisc seo ar chruinniú síochánta poiblí. Bíonn díomá ormsa, leis, nuair a bhíonn faitíos orm ag dul isteach sa leithreas anois go bhfuil cead ag fir a bheith ann ón gcéad lá a fhógraíonn siad as a stuaim féin gur mná iad. Tarlaíonn mí-úsáid, sárú príobháideachais, iompar míchuí, ach is fearr libh (toisc gur éasca i bhfad é) fuath a chur i leith an íobartaigh ná réiteach a fháil a thacódh linn ar fad.

    Creidim go bhfuil a leithéid de dhuine agus trasfhear nó trasbhean ann, agus cuirim fáilte rompu, ach tá a fhios agam go diabhalta maith gur coitianta i bhfad ná iad na predators a dhéanann creach de dhuine as gach ceathrar dínn. Fir iad a dtromlach. Tá sibh ag éileamh orainn ár ndoirse a oscailt dóibh agus dár maslú nuair a chuireann muid ina gcoinne. Agus síleann sibh go bhfuil sibh fórasach. Mo náire sibh.

  • Katie Roskams

    Neart taithí agamsa le fuath ban ar an drochuair agus tá sé go maith go bhfuil suim ag fir san ábhar seo. Mar bhean, ní bhím buartha mar gheall ar mhná eile, tras nó cis. Ní chaithim mórán ama ag smaoineamh ar leithris phoiblí. Nuair a bhím i leithreas poiblí, bím 100% dírithe ar mo ghnó féin. Tá a fhios agam cé air a bhfuil eagla orm. Is fir ‘cis’ iad na daoine go léir a chuir eagla orm agus a ghortaigh mé le linn mo shaol.

    Tá mé cinnte go gcaithfidh muid na fadhbanna seo a phlé, gan srian a chur ar chearta aon duine, fir cis san áireamh. Ach is féidir linn sin a dhéanamh gan cur le cos ar bolg na ndaoine trasinscneacha, daoine inár sochaí atá ag fulaingt ó leatrom agus leithcheal. Ní gá duit daoine a thabhairt anuas chun leatrom a bhíonn ar mhná a phlé.

    Bíonn ardán tábhachtach ag fir, agus tá fir ag teastáil uainn chun cabhrú leis an gcomhrac in aghaidh an ghnéasachais. Tá muid ag iarraidh ár dtaithí le gnéasachas a roinnt agus ba mhaith linn go n-éistfí lenár nguthanna. Ach ní gá daoine trasinscneacha a mhaolú sa phróiseas seo.

  • Caoimhe

    Ní fháiltím fir ag déanamh plé nó athrá ar sabháilteacht spásanna mná.
    Braithim míshabháilteacht go minic agus amháin, i spásanna ina bhfuil fir cis. Níor bhraith mé riamh míshabháilteacht de bharr duine de chuid an phobail tras.
    Creidim go bhfuil na comhráite seo maidir le dáinséir “hipitéiseach” ón bpobal tras bunaithe ar an bhfuath agus ar an bhfóibe. Bhí an 20ú Samhain mar lá idirnáisiúnta cuimhneacháin an phobal tras, agus tá sé maslach gur chuireadh amach an alt seo an lá dar gcionn. B’fhéidir go raibh an chomhtharlúint seo i ngan fhios do thuairisc, ach tá an ainneolachas seo chomh maslach céanna. Ba chóir na n-ardóimis guth an phobail tras ag an am seo, agus tá á mhalairt ag déanamh ag Tuairisc.

  • Aisling

    GRMA Cathal trácht a dhéanamh ar seo. Níl na meáin shóisialta cróga go leor, go ginearálta, chun léirmheas ceart a dhéanamh ar an nua íde-eolaíocht dochrach seo.

  • Caoimhín

    Chuala mé an dioscúrsa faoin alt seo inné agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé i bhfad níos measa ná a shamhlóinn. Is léir go bhfuil an iriseoir an-bháúil leis na grúpaí luaite anseo, agus ní fheicim an taobh eile nó na argóintí i gcoinne dóibh ar chor ar bith. Bhí siad curtha ar ceal ar na meáin shóisialta agus is bun agus barr den scéal é sin, mar dhea.

    ‘Súil agam nach mbeadh an stíl céanna le feiceáil in alt faoin grúpaí áirithe eile a bhfuil ‘reasonable concerns’ acu faoi daoine aeracha nó daoine de mhionlaigh leochaileacha eile i spásanna áirithe, bíodh sé scoileanna, seomra gléasta, srl. Beidh an dream sin ann i gcónaí, agus sa chás seo, sílim féin go bhfuil siad i bhfolach taobh thiar de chearta mná.

  • Síle

    Is alt tábhachtach é seo mar d’ardaigh Cathal díospóireacht i measc phobal na Gaeilge. Tá an t-alt cothrom agus réasúnach go leor go dtí go luann sé an ‘dán spreagúil’ a deireann nach bean í duine mura bhfuil dhá crómasóim X aici. Ní fíor sin ó thaobh bitheolaíochta fiú. Is ceist chasta í seo agus teastaíonn níos mó plé le meas ar gach duine.

  • Sorcha

    Tá fíor-dhíoma orm an t-alt seo a léamh. Tá aithne mhór ar na daoine atá luaite san alt seo i measc siúd a bhfuil spéis acu san ábhar. Níl faic i gceist acu ach a bheith ag scaipeadh droch cháil ar dhaoine tras. Mar dhea, imní do na páistí, imní cé atá sa leithreas. Chuala muid faoin imní seo cheana fúinne atá aerach siar sna 70í agus 80í. Mar bhean, agus mar mháthair tá súil agam go gcuirfear deireadh leis an trasfóibe atá ag méadú inár measc. Cúis imní domsa an trasfóibe, ní daoine atá tras.

  • Páidí

    An-díomá orm seo a léamh ar thuairisc. Múinteoir scoile mise le páistí trans i mo ranganna. Cé mise nó tusa le hinsint daofa cén sórt daoine atá iontu. Go raibh náire ort as ardán a thabhairt don seafóid contúirteach seo. Nach deacair go leor an saol atá acu cheana féin.