Coimhlintí den scoth i ndán dúinn sna babhtaí leathcheannais i gCraobh Peile na mBan

Casfaidh Dún na nGall ar Chorcaigh agus Gaillimh ar Áth Cliath i bPáirc de hÍde tráthnóna áit ar fáil dóibh ar fad i gcluiche ceannais na hÉireann

Coimhlintí den scoth i ndán dúinn sna babhtaí leathcheannais i gCraobh Peile na mBan

Róisín Phelan (Corcaigh) agus Yvonne McMonagle (Dún na nGall) ag imirt in 2017. Pictiúr: INPHO/Tom Beary

Corcaigh v Dún na nGall – Páirc de hÍde, 2.45pm (Beo ar TG4)

Seo chéad uair riamh ag mná Thír Chonaill áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais shinsir na hÉireann, ach tá dúshlán ollmhór le sárú acu agus Corcaigh rompu i bPáirc de hÍde.

Bhí Dún na nGall an-mhaith i gCraobh Uladh i dtús an tsamhraidh ach ní dóigh go raibh siad i mbarr a maitheasa ó shin. Bhí bua 28 pointe acu ar Ard Mhacha i gcluiche ceannais an chúige i mí an Mheithimh ach nuair a chas siad ar a chéile arís coicís ó shin i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, ní raibh le spáráil ag na Conallaigh ach trí chúilín.

É sin ráite, tá tosaithe den scoth ag foireann Maxi Curran. Ba í Geraldine McLaughlin laoch na foirne le fada ach tá leithéidí Yvonne Bonner agus Niamh Hegarty ag déanamh scrios i mbliana chomh maith.

Bhí gortú ag spochadh as captaen na foirne, Karen Guthrie ach táthar ag súil go mbeidh an t-imreoir lár páirce tagtha chuici féin do chluiche an lae inniu i gcoinne Chorcaí.

Bhí bua slachtmhar ag Dún na nGall ar Chorcaigh sa tsraith níos luaithe i mbliana, 4-11 in aghaidh 2-3, ach bhí na Muimhnigh cáilithe do na babhtaí díbeartha faoin tráth sin agus is cinnte go mbeidh siad níos díograisí tráthnóna.

An bhliain seo caite an dara huair ó 2005 nár éirigh le mná Chorcaí cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach agus tá an chuma orthu go bhfuil siad ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh i mbliana.

Bhí bua ollmhór acu ar chontae na hIarmhí sa chluiche ceathrú ceannais, 8-18 in aghaidh 1-6, agus tá 23 cúl scóráilte acu le cúig chluiche anuas. Agus tosaithe cumasacha ag an dá fhoireann, tharlódh go bhfeicfí a lán scóranna i bPáirc de hÍde tráthnóna. Mar sin féin is ag Corcaigh atá an móiminteam agus an taithí agus ba cheart go dtiocfaidís slán.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Emily Flanagan (Áth Cliath) agus Fabienne Cooney (Gaillimh) ag imirt i gcluiche leathcheannais na sraithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Áth Cliath v Gaillimh – Páirc de hÍde, 4.30pm (Beo ar TG4)

Beidh coimhlint den scoth eile ann i bPáirc de hÍde tráthnóna nuair a thabharfaidh mná na Gaillimhe aghaidh ar churaidh na hÉireann, Áth Cliath, sa chluiche leathcheannais eile. Bhuaigh foireann seo Átha Cliath Corn Bhreandáin Uí Mháirtín faoi dheireadh anuraidh, ach ní bheidh sé éasca acu an chraobh a thabhairt leo don dara bliain as a chéile.

Is iad Gaillimh an t-aon fhoireann a bhuaigh ar Áth Cliath i mbliana nuair a bhuadar 1-17 in aghaidh 1-15 ag tús na sraithe agus bhí mí-ádh orthu nár sháraíodar arís iad i gcluiche leathcheannais na sraithe mí Aibreáin. Bhí Gaillimh chun cinn ar a gcéilithe comhraic d’fhormhóir na coimhlinte ach fuair Nicole Owens cúl in am cúitimh a bhris croí na nGaillimheach.

Chruthaigh Gaillimh go maith sa chraobh ó shin, áfach. Bhuadar ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht, fuair siad an ceann is fearr ar chontae na hIarmhí agus Port Láirge go héasca i mbabhta na ngrúpaí agus bhuail foireann Stephen Glennon greadadh eile ar Mhaigh Eo sa chluiche ceathrú ceannais, cé go raibh scata imreoirí in easnamh ar Mhaigh Eo sa chluiche sin.

Buaileadh buille trom ar Ghaillimh le linn an chluiche sin áfach nuair a bhain drochghortú do thosach Mhaigh Cuilinn, Ailbhe Davoren. Mairéad Seoighe a bheidh ina háit do chluiche an lae inniu.

Seachas an dá chluiche sin in aghaidh mhná na Gaillimhe, tháinig Áth Cliath slán óna gcuid cluichí ar fad gan mórán stró. Bhuadar Roinn 1 na sraithe den chéad uair riamh san earrach agus gan stró a bhain siad an babhta seo amach.

Bhí bua 3-19 in aghaidh 1-7 acu i gcoinne Chiarraí sa chluiche ceathrú ceannais agus cé go dtabharfaidh Gaillimh a ndóthain le déanamh dóibh, ba cheart go mbeadh foireann Mick Bohan sách láidir chun cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chúigiú bliain as a chéile.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Coimhlintí den scoth i ndán dúinn sna babhtaí leathcheannais i gCraobh Peile na mBan'