Cogadh fógartha ag Kelly ar Howlin

Tá rogha le déanamh ag baill Pháírtí an Lucht Oibre ó d’éirigh le Alan Kelly bealach a aimsiú chun a straitéis féin a chur os comhair an phobail

16/09/2014. Labour Think In - Day 2. Pictured (LtoR) Minister for Public Expenditure and Reform Brendan Howlin TD and Deputy Leader Alan Kelly TD on day two of Labours Think In, in Whites of Wexford Hotel today. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ní hionadh ar bith é, i bhfianaise thoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil sé ina ghéar-choimhlint anois idir an ceannaire nua, Brendan Howlin, agus an té a bhfuair sé an ceann is fearr air go conspóideach (go mífhéaráilte?), Alan Kelly.

I ndiaidh chruinniú den pháirtí ag an deireadh seachtaine, leag Howlin béim ar thacaíocht a lorg do luachanna an pháirtí ó na Daonlathaigh Shóisialta agus ó na Glasaigh, agus é ag impí ar an bpáirtí bheith ullamh le haghaidh toghchán eile go luath.

Ní raibh nóta ar bith den aithrí ina chuid cainte.  A mhalairt.  Ba chóir, a dúirt sé, go bhfógródh an páirtí in ard a gcinn agus a ngutha gurb iad ba chúis leis an téarnamh eacnamaíochta a lean an tubaiste eacnamaíochta a bhí ann rompu. Ba chóir a fhógairt chomh maith, a dúirt sé, go bhfuil 155,000 duine níos fearr as anois mar gheall ar a ndearna an páirtí agus iad i rialtas.

Is léir nach dtuigeann sé an fhearg agus an déistin a chuireann caint den chineál sin ar na daoine a thug vóta don pháirtí go traidisiúnta ach a thréig iad i mbliana – daoine nach bhfeiceann ar chor ar bith an feabhas eacnamaíochta a bhfuil Howlin ag caint faoi.

Ní nach ionadh mar sin go bhfuil Howlin ag iarraidh a bheith ag comhoibriú le daoine ar an eite chlé seachas Sinn Féin, Daoine Roimh Bhrabús, an AA agus neamhspleáigh ar nós Clare Daly, Thomas Pringle, Catherine Connolly agus Séamus Healy.

Seans go mbeidh na Glasaigh sásta cluas éisteachta a thabhairt dó, agus iad féin a cheangal leis an Meitheal Mheasúil seo ar an eite chlé, ach tá na Daonlathaigh Shóisialta ag treabhadh a n-iomaire féin agus cur chuige acu atá bunaithe ar cháineadh a dhéanamh ar pholasaí déine an rialtais dheireanaigh.

Ar an taobh eile den scéal, d’fhógair Alan Kelly a chlár i dtaobh atógáil an pháirtí sa Sunday Independent.  Fógra cogaidh ab ea an t-alt seo i ndáiríre.  Ach ní raibh rian den aithrí le sonrú ar Kelly ach an oiread, agus níor luaigh sé ar chor ar bith na dreamanna a scrios an páirtí, Sinn Féin is eile.

Ach thuig sé rud amháin nár thuig Howlin, agus ’sé sin nach bhfuil aon atógáil i ndán don pháirtí mura bhfuil iontu ach mionpháirtnéirí le Fine Gael. Agus thug Kelly le fios go láidir nach gcuirfeadh seisean Fianna Fáil as an áireamh mar pháirtnéirí polaitiúla.

Tá ciall leis sin. Más cuid den fhreasúra iad, agus má tá siad ag súil le toghchán eile go luath, beidh orthu labhairt amach i gcoinne an rialtais, agus i gcoinne Fhine Gael.

Ni bheidh sé éasca, ar ndóigh, an méid sin a chur ina luí ar an bpobal tar éis dóibh cúig bliana a chaitheamh ag sodar i ndiaidh Fhine Gael. Ach bhí Howlin i bhfad chun tosaigh ar Kelly sa sodar sin.

Tá Kelly mar sin ag moladh briseadh le cuid den seanchleachtas, agus sa mhéid go bhfuil Micheál Martin ag súil le bheith in ann margadh rialtais a dhéanamh leis an Lucht Oibre, oireann an straitéis seo dóibh siúd nach dteastaíonn uathu géilleadh d’aon dúshlán ó leithéidí Shinn Féin.

Ní féidir na Glasaigh ná na Daonlathaigh Shóisialta a chur as an áireamh agus margadh den chineál seo á phlé, agus is mó go mór an seans go ndéanfaí a leithéid de shocrú ná go bhfíorófaí brionglóidí Howlin faoi Pháirtí an Lucht Oibre a bheith i gceannas ar Mheitheal Mheasúil ar an eite chlé.

Ar ndóigh tá buntáiste amháin ag Howlin.  Tá sé ina cheannaire ar an bpáirtí – nó ar a bhfuil fágtha de – agus tá smacht aige ar chinniúint an pháirtí, ar chúrsaí riaracháin agus orthu siúd atá sa cheanncheathrú.

Ach pé rud faoi na srianta ar mhaith le Howlin a chur air, is cosúil go bhfuil an Grúpa Independent ar a laghad sásta cead cainte a thabhairt do Kelly.

Dhein bunaíocht an pháirtí a ndícheall a chinntiú nach gcuirfeadh na baill isteach ar an bplean atógála atá á mholadh acu, agus cinnte tá a lán ball caillte ag an bpáirtí – mar gheall ar an gcamastaíl agus ar an tubaiste toghcháin féin.

Ach tá sé róluath a rá cén dearcadh a bheas ag na baill atá fágtha, nó cén chaoi a bhfreagróidh siad don dá straitéis atá anois á gcur os a gcomhair.

Tá rogha le déanamh acu ó d’éirigh le Kelly bealach a aimsiú chun a straitéis féin a chur os comhair an phobail agus os comhair na mball.

Is fíor gur chuir Kelly fearg ar a lán le linn a thréimhse mar aire mar gheall ar an gcaoi shotalach throdach ar thug sé faoina chuid oibre, ach ní mheallfadh Howlin an t-éan den chraobh ach an oiread agus beidh air níos mó a dhéanamh seachas cloí leis an seanscript chéanna.

B’fhéidir go mbeidh lá eile ag an gCeallach fós.

736 focal

Fág freagra ar 'Cogadh fógartha ag Kelly ar Howlin'

  • padraig

    Howlin v Kelly?….. cogadh na mbó maol….níl sa bhuíon sin ach ropairí éithigh …lig dóibh a bheith ag ithe a chéile agus ná bí ár mbodhradh lena gcuid silí seailí a thuilleadh….ní fiú tuthóig a bhfuil ann acu gan trácht ar a ‘gceannaire’……