Cluichí crua i ndán do pheileadóirí Dhún na nGall agus d’iománaithe na Gaillimhe tráthnóna

Is iad na cluichí idir Fear Manach agus Dún na nGall i gcraobh peile Uladh agus idir Gaillimh agus Loch Garman i gcraobh iomána Laighean cluichí móra an lae inniu

Cluichí crua i ndán do pheileadóirí Dhún na nGall agus d’iománaithe na Gaillimhe tráthnóna

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fear Manach v Dún na nGall – Páirc Brewster, 2.00pm

Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais Uladh anuraidh ach tar éis do Dhún na nGall dhá chúl a aimsiú sa chéad 20 nóiméad, ní raibh seans na ngrást ag Fear Manach aon fhorás a dhéanamh sa chluiche.

Níos luaithe i mbliana, d’éirigh le foireann Rory Gallagher teacht aniar a dhéanamh i gcoinne na gConallach sa tsraith. Bhí Fear Manach cúig phointe chun deiridh ag tráth amháin ach ba iad a bhí chun cinn ag an deireadh i Leitir Ceanainn.

Is mór an t-athrú a bheidh ar fhoireann Dhún na nGall tráthnóna áfach. Ní raibh Michael Murphy ná aon duine d’imreoirí Ghaoth Dobhair ag imirt sa chluiche sin mí Feabhra. Chomh maith le himreoirí Ghaoth Dobhair a bheith ar fáil arís, tá seans maith ann go bhfeicfear Paddy McBrearty ar ais ag imirt do Dhún na nGall, an chéad uair ó bhain drochghortú glúine dó i gcluiche ceannais an chúige anuraidh.

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Inis Ceithleann, ní cluiche éasca a bheidh sa cheann seo do Dhún na nGall. Níl aon chluiche caillte ag Fear Manach i bPáirc Brewster le cúpla bliain ach caithfidh siad cur orthu féin go maith inniu.

Dhá fhoireann iad seo a dhéanann an-iarracht go deo timpeall láir páirce ach tá tosaithe níos fearr ag na Conallaigh agus seans gurb é a gcumas siúd a shocróidh toradh an chluiche seo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Bainisteoir na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Gaillimh v Loch Garman – Staid an Phiarsaigh, 4.00pm (Beo ar RTÉ 2)

Is í an choimhlint seo tráthnóna an t-aon chluiche a bheidh á imirt i gcraobh Laighean ná i gcraobh na Mumhan an deireadh seachtaine seo agus is ceann thar a bheith tábhachtach é.

Cluiche amháin atá imeartha go dtí seo ag chaon fhoireann ach is cinnte nach mó ná sásta a bhí Micheál Donoghue ná Davy Fitzgerald lena bhfaca siad óna gcuid imreoirí sna cluichí sin.

D’éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Cheatharlach coicís ó shin ach ní raibh na Gaillimhigh i mbarr a maitheasa agus b’fhearr dóibh féin a bheith i bhfad níos fearr i gcoinne Loch Garman. Ní raibh aon údar mórtais ag na Gaillimhigh go dtí seo i mbliana ach caithfidh go dtiocfaidh beocht iontu uair éigin.

Údar áthais agus údar díomá d’fhoireann Loch Garman a bhí ina gcluiche i gcoinne Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite. Bhí foireann Davy Fitzgerald cúig phointe chun deiridh agus gan ach ceathrú uaire fágtha ach tháinig siad ar ais go láidir. Bhí siad trí phointe chun tosaigh agus an t-am breise beagnach caite ach d’éirigh le Seán Moran cúl a scóráil rud a d’fhág an cluiche ar comhscór.

Deis í sin a lig Loch Garman le sruth ach ba mhó brí agus anam a bhí iontu sna 15 nóiméad deireanach sin ná mar a bhí i nGaillimh ó thús na bliana. Bhuaigh Gaillimh go héasca ar Loch Garman i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe i mbliana ach d’aimsigh Joe Canning 0-15 sa chluiche sin agus dar ndóigh, tá fathach Phort Omna leonta agus caithfear déanamh dá uireasa.

Bheadh duine ag súil gur mhór an spreagadh do Ghaillimh a bheith ag imirt cluiche tábhachtach craoibhe sa bhaile i Staid an Phiarsaigh ach ag an tráth seo, chaithfeá rá go bhfuil an buntáiste ag Loch Garman agus gan aon phoc buailte fós.

Rogha Tuairisc.ie: Loch Garman

Fág freagra ar 'Cluichí crua i ndán do pheileadóirí Dhún na nGall agus d’iománaithe na Gaillimhe tráthnóna'