Cluichí crua cinniúnacha roimh na cúigí

Roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó i measc na gcúigí i mBabhta 3 agus curaidh an chomórtais ag teacht ar cuairt

Cluichí crua cinniúnacha roimh na cúigí

Tá cluichí crua cinniúnacha roimh na cúigí agus iad ag imirt i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo.

Agus na Cúigí ag réiteach do na cluichí i mBabhta 3 bhí a fhios acu ar fad go mbeadh an freasúra céanna rompu i mBabhta 4, babhta a bheas á imirt faoi cheann seachtaine.

Tá seans maith ann freisin go mbeidh pé foireann a chaillfidh sa gcoimhlint dhá chluiche seo amuigh as an gcomórtas sinsearach don bhliain seo.

Is iad na Laighnigh is túisce a chuirfidh chun páirce inniu  agus iadsan sa mbaile i gcoinne Northampton. Níl cluiche ar bith caillte ag ceachtar den dá fhoireann seo sa gcomórtas, iad ar comhscór ó thaobh pointí de. Is iad na Laighnigh atá ar bharr an tábla de bharr líon na scóranna atá aimsithe acu. Ní bhíonn sé éasca ariamh ag cuairteoirí an lá a thabhairt leo agus iad ag imirt i Staid Franklin Gardens agus níl aon dabht ann ach go bhfuil dúshlán ollmhór roimh Chúige Laighean.

Ní hamháin sin, is iad Northampton atá ar bharr an Premiership faoi láthair, agus gan ach cluiche amháin caillte acu as cúig cinn. Má thugann fir Leo Cullen an lá leo, beidh an-chuma orthu roimh chuairt Northampton ar Staid Aviva an Satharn seo chugainn.

Sa mbaile a bheas na hUltaigh agus iadsan i gcoinne Harlequins Londan. Ach an oiread leis na Laighnigh, níl cluiche ar bith caillte ag na hUltaigh sa gcomórtas go dtí seo. Tá ceann amháin caillte ag na Harlequins i gCorn na gCuradh agus tá trí chluiche caillte sa bPremiership acu. Sea, ábhar iontais a bheas ann má theipeann ar fhoireann Bhéal Feirste inniu.

Roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó i measc na gcúigí i mBabhta 3, fiú má tá buntáiste an bhaile acu. Curaidh an chomórtais, Saracens, atá ag teacht ar cuairt. Chaill foireann Londan i mBabhta 1 ach ba imreoirí dara agus tríú rogha a d’imir sa gcluiche sin. Níor tharla an botún céanna i mBabhta 2, rud a chinntigh bua le 41 pointe dóibh ar na hOspreys. Beidh an chéad rogha chéanna ag dul chun páirce do na Saracens inniu. Is éacht a bheas ann má éiríonn leis na Muimhnigh aon phointe a ghnóthú as an gcluiche seo, ach má tá seans ar bith acu an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Londan, is sa mbaile é.

Is ar Gloucester atá triall na gConnachtach amárach, Dé Domhnaigh, agus iad ar thóir a ndara bua sa gcomórtas agus a gcéad bhua as baile. Tá Gloucester iad féin ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo, agus tá trí chluiche as cúig cinn caillte acu sa bPremiership. Níl cúis ar bith nach mbeadh ar chumas fir Andy Friend an lá a thabhairt leo ach beidh gá le sár-imirt agus sár-iarracht ó thús an chluiche. Nach mór a chuirfeadh bua i Sasana le muinín fhoireann na Gaillimhe roimh thús na gcluichí idirchúige, cluichí a imreofar aimsir na Nollag?

Fág freagra ar 'Cluichí crua cinniúnacha roimh na cúigí'