Cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí

Imreoidh Naomh Columba agus An Clochán Liath i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall tráthnóna agus tá cluichí leathcheannais ag Cill na Martra agus Bhulf Tón freisin

Cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí

Dún na nGall

Beidh deireadh seachtaine mór peile i nDún na nGall agus cluichí ceannais le himirt i gCraobh Idirmheánach na bhfear agus Craobh Shinsir na mBan. Chomh maith leis sin tá an dara cluiche leathcheannais le himirt i gCraobh Shinsir na bhFear.

Tá Naomh Conaill ag fanacht ar bhuaiteoirí an chluiche idir Naomh Adhamhnáin agus Cill Charthaigh sa chluiche a cuireadh siar an tseachtain seo caite. Bhí caint ann roimhe seo go raibh Naomh Adhamhnáin, curaidh 2021, agus Cill Charthaigh céim chun tosaigh ar fhir na nGleanntach sa chraobh ach ní chloífear Naomh Conaill go héasca.

Caithfidh Naomh Adhamhnán nó Cill Charthaigh an cluiche ceannais a bhaint amach ar dtús. Bhí Patrick McBrearty agus Ciarán McGinley ar fheabhas nuair a bhuaigh Cill Charthaigh ar na Cealla Beaga coicís ó shin ach caithfidh siadsan agus muintir McHugh a bheith ar na maidí arís más leo cumann Leitir Ceanainn a shárú. Bhuaigh Naomh Adhamhnáin go héasca ar Naomh Micheál sna babhtaí ceathrú ceannais agus d’imir Conor O’Donnell go hiontach dóibh.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá Naomh Columba agus an Clochán Liath sa tóir ar chraobh an chontae agus áit i gCraobh Shinsir na bliana seo chugainn. Tá an chraobh ag teastáil  go géar ón gClochán Liath tar éis dóibh cliseadh sa chluiche ceannais anuraidh. Ba cheart go mbeadh an corn sin tugtha leo acu an chéad lá in aghaidh Chloich Cheann Fhaola ach thit an tóin astu ag deireadh an chluiche sin agus buaileadh go héasca iad san athimirt.

Tá cuma na maitheasa orthu i mbliana agus na cúig chluiche a d’imir siad go dtí seo buaite acu. Bhí Oisín Bonner agus Karl McGee go maith sa chluiche leathcheannais in aghaidh an Tearmainn agus an Clochán Liath ag iarraidh an Chraobh Shinsir a bhaint amach cúpla uair i ndiaidh a ndíbeartha.

Is faide go mór an fanacht atá ar Naomh Columba leis an bpríomhghrád agus thart ar scór bliain ann ó bhí fir Ghleann Cholm Cille i measc na sinsear. Níor bhaineadar cluiche ceannais na Craoibhe Idirmheánaí féin amach le haon bhliain déag mar gur theip orthu sna babhtaí leathcheannais le blianta beaga anuas.

D’athraigh sin coicís ó shin nuair a bhuaigh siad a gcluiche in aghaidh Ghaeil Fhánada. Stíl chosantach go maith a bhíonn ag Naomh Columba, go háirithe ag tús na gcluichí, ach tá Aaron Doherty ar dhuine de na himreoirí is cumasaí sa chomórtas agus má thugtar spás dó tráthnóna, beidh an-tionchar aige ar an imirt.

Tá neart taithí ag fir an Chlocháin Léith ar an saothar a bhaineann le cluiche ceannais agus d’fhéadfadh an taithí sin a bheith cinniúnach.

Beidh cluiche mór na mban ann amárach agus An Tearmann agus Gleann Fhinne arís sa chluiche ceannais. Is é seo an seachtú cluiche ceannais idir na foirne seo le deich mbliana anuas, ceithre cinn buaite ag an Tearmann agus péire tugtha leo ag Gleann Fhinne.

Bhuaigh Gleann Fhinne an cluiche ceannais idir na foirne anuraidh go drámatúil ach léiríonn na torthaí idir na foirne i mbliana gur beag atá eatarthu. Bhuaigh an Tearmann cluiche ceannais na sraithe ach bhuaigh Gleann Fhinne cluiche ceannais Dhún na nGall i gComórtas Peile na Gaeltachta agus thugadar an chraobh náisiúnta suas leo as Leitir Móir.

Beidh na himreoirí contae ar fáil don dá fhoireann arís amárach agus níl aon amhras ach go mbeidh taispeántais Geraldine McLaughlin agus Yvonne Bonner, a d’aimsigh 1-16 agus 1-9 i gcluiche ceannais na bliana seo caite, thar a bheith tábhachtach.

Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Naomh Columba v An Clochán Liath – Páirc Uí Dhomhnaill, 2.30in

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Naomh Adhamhnáin v Cill Charthaigh – Páirc Mhic Cumhaill, 7.30in

Dé Domhanaigh, 2 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Ban Dhún na nGall

An Tearmann v Gleann Fhinne – Páirc Uí Dhomhnaill, 2.30in

Corcaigh

Tá aithne mhaith ag peileadóirí Cheann Toirc agus Chill na Martra ar a chéile faoin tráth seo agus beidh fonn díoltais ar fhir na Gaeltachta ina a gcluiche leathcheannais tráthnóna.

Tá Ceann Toirc tar éis Cill na Martra a dhíbirt ón chraobh faoi dhó le trí bliana anuas, sna babhtaí ceathrú ceannais in 2019 agus sna babhtaí leathcheannais in 2020, nuair a chaill fir Mhúscraí le aon phointe amháin. Cuir an chailliúint sin a bhí ag Cill na Martra i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe anuraidh san áireamh agus níl aon dabht ach go gceapfaidh siad gur mithid dóibh cluiche ceannais an chontae a bhaint amach.

Is mór an buntáiste dóibh go bhfuil Micheál Ó Deasúna ag imirt ar fheabhas. Tá ceithre chúl scóráilte ag an bhfear mór le dhá chluiche agus 5-21 atá scóráilte ar fad aige sna ceithre chluiche go dtí seo. Tá Dan, Maidhc agus Shane Ó Duinnín ag aimsiú scóranna chomh maith.

Mar sin féin tá dúshlán rompu inniu agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann a bhfuil cluichí ceannais 2020 agus 2021 bainte amach acu. Tá na Breathnaigh uilig ag imirt go maith do Cheann Toirc agus iad ag iarraidh an chraobh a bhaint faoi dheireadh i mbliana.

Meastar go ndéanfaidh an dream a bhuann an ceann seo an beart sa chluiche ceannais ach cá bhfios cé a bheidh ansin.

Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair

Príomhchraobh Idirmheánach Peile Chorcaí

Ceann Toirc v Cill na Martra – Mala, 4.00in

An Mhí

Beidh Bhulf Tón ag iarraidh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mí a bhaint amach don dara bhliain as a chéile agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chnoc an Línsigh i gcluiche leathcheannais amárach.

Cé gurb iad Bhulf Tón curaidh na bliana seo caite, ní hiadsan rogha na coitiantachta an deireadh seachtaine seo ach ní chuirfidh sé sin aon mhairg orthu. Measadh go mbeadh an lá le Gaeil Cholmcille in aghaidh Bhulf Tón sna babhtaí ceathrú ceannais ach fir Bhaile Ghib a thug leo an ceann sin freisin.

Is beag a cheaptar a bheidh idir iad agus Cnoc an Línsigh i ndáiríre ach tá neart cluichí crua buaite ag Bhulf Tón le cúpla bliain agus súil acu go seasfaidh an taithí sin dóibh sa cheann seo,

Dé Domhnaigh, 2 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile na Mí

Bhulf Tón v Cnoc an Línsigh – Páirc Tailteann, 2.00in

Port Láirge

Tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na hUidhre sa chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo caite, beidh peileadóirí na Rinne ag iarraidh bua a fháil ar an Sráidbhaile Dé Domhnaigh chun ugach a thabhairt dóibh féin sa bhfeachtas craoibhe.

Thug fir na Gaeltachta taispeántas maith uathu seachtain ó shin, bua dhá phointe a bhí ag an Uidhir ar deireadh, agus beidh cluiche maith eile ag teastáil anseo chun an Sráidbhaile a shárú. Meastar nach bhfuil an Sráidbhaile baileach chomh láidir i mbliana, chaill siad le 11 pointe in aghaidh na hUidhre ina gcéad chluiche, ach tá cumas iontu go fóill.

Ní hé deireadh an domhain é má chailleann ceann de na foirne seo tráthnóna amárach mar go bhfuil siad tríd go dtí an chéad bhabhta eile pé toradh a bheidh ann.

Dé Domhnaigh, 2 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Phort Láirge

An Sráidbhaile v An Rinn – Páirc Uí Fhearchair, 3.30in

Gaillimh

Imreoidh iománaithe Mhaigh Cuilinn a gcluiche deireanach i nGrúpa 1 na Craoibhe Sinsir B tráthnóna agus iad in aghaidh Órán Mór-Meáraí. Beidh áit sa chéad bhabhta eile ag fir na Gaeltachta beag beann ar thoradh an lae inniu mar gur bhuadar a gcéad cheithre chluiche go dtí seo.

Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe

Maigh Cuilinn v Órán Mór-Meáraí – Staid an Phiarsaigh, 4.30in

Maigh Eo

Tá bua ag teastáil go géar ó Chill tSéadhna más leo an meath atá ar an bhfoireann faoi láthair a stop. Tar éis dóibh titim ó ghrád na sinsear ag deireadh na bliana seo caite, chaill Cill tSéadhna na trí chluiche a bhí acu go dtí seo sa Chraobh Idirmheánach, agus go trom a buaileadh iad i ngach aon cheann acu.

Seachnóidh siad an cluiche ceannais dícháilithe má bhuann siad tráthnóna ar Ard na Ria. Tá Leathardán agus Cill Mheáin sa chluiche leathcheannais dícháilithe eile.

Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Mhaigh Eo

Ard na Ria v Cill tSéadhna – Crois Mhaoilíona, 4.15in

Fág freagra ar 'Cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí'