A gcuid deacrachtaí féin ag Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht roimh chluichí ceathrú ceannais na hEorpa

Tá painéal na Muimhneach scriosta de bharr gortuithe, tá na Connachtaigh ag imirt i bhfad faoina gcumas le gairid ach tá cuma na maitheasa ar Chúige Laighean

A gcuid deacrachtaí féin ag Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht roimh chluichí ceathrú ceannais na hEorpa

An Laighin agus Saracens. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is cinnte nach ndeachaigh gach rud mar ba mhaith leo do na Cúigí an tseachtain seo caite agus na babhtaí ceathrú ceannais de na comórtais Eorpacha á n-imirt an deireadh seachtaine seo acu.

Theip ar na Connachtaigh agus ar na Laighnigh ina gcuid cluichí i mBabhta 18 den Pro 14, agus cé gur thug na Muimhnigh an lá leo agus iadsan sa mbaile i gcoinne na Scarlets d’íoc siad go daor as an mbua céanna. I gcás na Muimhneach, b’éigean do Tommy O’Donnell an pháirc a fhágáil de bharr gortú a bhain dá lámh, rud a fhágann nach mbeidh fáil air go ceann tamaill. Agus ainm O’Donnell anois gortaithe, sin liosta fada d’ imreoirí na Mumhan nach mbeidh ar fáil dóibh.

Tá an t-ádh ar na Muimhnigh gur sa mbaile i Luimneach a bheas siad ag cur fáilte roimh Toulon na Fraince, foireann a fuair greim ar an gcomórtas seo trí bhabhta roimhe seo. Faoi dhó a d’éirigh leis na Muimhnigh sin a dhéanamh. Seo é an deichiú huair acu a bheith ag imirt cluiche ceathrú ceannais an chomórtais seo sa mbaile agus níor chaill siad ach ceann amháin díobh sin, cluiche i gcoinne na nUltach sa mbliain 2012.  Seans gur splanc dhóchais freisin dóibh lagiarracht Toulon sa Top 14, comórtas baile na Fraince, áit a bhfuil deich gcluiche as 21 ceann caillte acu go dtí seo, cé go raibh bua maith acu an deireadh seachtaine seo caite. Níl ach seacht gcluiche as 18 ceann caillte ag na Muimhnigh sa bPro 14.

Mar sin féin, tá painéal na Muimhneach scriosta de bharr gortuithe agus beidh géarghá le hiarracht mhór  óna gcuid imreoirí, go leor acu atá ar bheagán taithí ag an leibhéal seo . Níl mé cinnte gur féidir leo sin a dhéanamh, go háirithe i gcoinne foireann a bhfuil an oiread taithí acu agus atá ag Toulon. Mar sin féin, ní féidir curiarracht na Mumhan ag an gcéim seo den chomórtas a shéanadh.

Is ar an Domhnach a bheas na Laighnigh ag imirt i Staid Aviva i gcoinne Saracens Londan. Measann go leor gurb iad buaiteoirí an chluiche áirithe seo a bhuafaidh Comórtas na gCuradh i mbliana. Tá Saracens sa dara háit ar thábla an Premiership faoi láthair agus níl ach sé chluiche caillte acu go dtí seo i mbliana. Ní hamháin sin, ach is ón gclub seo a tháinig an líon is mó imreoirí a bhí ar phainéal idirnáisiúnta Shasana don chomórtas Sé Náisiún atá díreach críochnaithe, Eoin Farrell, Maro Itoje agus Marko Vunipola ina measc. I gcás na Laighneach, beidh siadsan ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Cuimhnítear chomh maith ar an tsárimirt a chonaic muid ó leithéidí Tadhg Furlong, Dan Leavy, Johnny Sexton agus Garry Ringrose sa gcomórtas Sé Náisiún. Má éiríonn leo siúd imirt chomh maith céanna arís beidh seans maith ag Cúige Laighean. Tá rud amháin cinnte, beidh cluiche iontach againn Dé Domhnaigh.

Sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, beidh na Connachtaigh ar an mBóthar Beag i gcoinne Gloucester Dé Sathairn. Tá Gloucester sa gcúigiú háit ar thábla an Premiership faoi láthair agus fáil acu ar imreoirí  a bhfuil neart taithí acu, ina measc Billy Twelvetrees, Ben Morgan, Richard Hibbard agus John Afoa.  In ainneoin gur sa mbaile atá na Connachtaigh, is fiú a mheabhrú go bhfuil siad ag imirt i bhfad faoi bhun a gcumais le gairid agus, ach an oiread leis na Muimhnigh, beidh gá le sár-iarracht agus athrú iomlán meoin agus imeartha más leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

Fág freagra ar 'A gcuid deacrachtaí féin ag Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht roimh chluichí ceathrú ceannais na hEorpa'