Chonaic mé an lá faoi dheireadh gur dhúirt an Taoiseach go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh cead oscailte ag tithe ósta an taobh seo den Nollaig. An lá roimhe bhí díomá ar lucht spóirt nár tháinig aon mhéadú ar an líon acu a scaoiltear isteach ag cluichí – faoi láthair ar chuma ar bith.
Bíodh tú ar aon intinn leis an Máirtíneach agus lena chomhairleoirí nó ná bíodh, ach níl aon séanadh ann gur tábhachtaí beatha an duine agus a chomharsan ná aon chaitheamh aimsire. Níl againn ach cur suas leis, coinneáil amach óna chéile agus ár lámha a níochán chomh minic sin go mbeidh siad chomh bán, bog agus a bhíodh cinn an tsagairt agus mé ag freastal an Aifrinn fadó.
Níl mé cinnte an mblaiseann an Taoiseach é féin d’aon deoir ach déanadh nó ná déanadh, is maith cam a bhreathnófaí anois air i mórchuid thábhairní na hÉireann a bhíodh ag dul thar maoil laethanta na gcluichí móra de ghnáth agus atá anois dúnta ar fad, nó taobh leis an mbeagán a scaoileadh thar tairseach.
Tá mé ag cuimhneamh ar leithéidí Tigh Barrett agus McKelvey’s i mBealach Féich, The Roost atá i bhfoisceacht 500m do Pháirc Naomh Tiarnach i gCluain Eois, Tábhairne Larry Tompkins ar Ché Lavitt i gCathair Chorcaí, Tigh Jimmy O’Brien i gCill Airne, Tigh Killoran agus Tigh Taaffe i gCathair na Gaillimhe, Langton’s agus Pat Carroll’s i gCill Chainnigh.
Níl iontu siúd ag sláimín beag d’áiteacha ina mbailíonn lucht leanta clubanna agus contaetha sula dtosaíonn an imirt agus ina mbaineann siad an tart díobh féin ina diaidh.
Tá go leor eile mar iad i mbailte beaga is móra agus faoin tír in Éirinn, áit a bhfuil os cionn 7,000 dá leithéid ar fad. Níl trua ná taise agam dóibh siúd atá ag clamhsán nach bhfuil clubanna oíche agus a leithéid á n-oscailt, ach tá don ghnáth-thábhairneoir.
Tá sé ráite agam cheana gurb í mo thuairim go ndearna Cumann Lúthchleas Gael botún agus bacadh leis na Craobhacha Idirchontae beag ná mór i mbliana agus go mba chirte dóibh an méid den séasúr a bheadh le fáil a fhágáil faoi na cumainn agus a gcuid craobhacha siúd.
Den chéad uair riamh i mo shaol bheinn thar a bheith sásta ach dul amú a bheith orm, ach faraor de réir mar atá an t-am á chaitheamh is cosúil gur níos faide uainn atá an lá a mbeidh cúrsaí mar a bhídís de ghnáth.
Má bhíothas meáite ar choirn Mhig Uidhir, Mhic Cárthaigh agus na cinn eile a imirt ní raibh bealach ab fhearr ná ab fheiliúnaí sin a dhéanamh ná filleadh ar an seanchóras a d’fhág seans amháin ag chuile fhoireann agus gan fanta san iomaíocht ach na craobhairí nuair a bheadh comórtais na gcúigí thart.
Ach an imirt a dhéanamh ar Shathairn, ar Dhomhnaigh agus ar laethanta saoire, bheadh na comórtais sin críochnaithe in imeacht deich seachtaine den samhradh/fómhar agus sheachnófaí an phraiseach seo a fhágfaidh cluichí móra iomána agus peile na bliana á n-imirt ar theacht na Nollag.
Tuigim gur de bharr sábháilteachta agus le súil agus go bhféadfaí cead isteach a thabhairt do níos mó daoine ag na cluichí a socraíodh gach a ndearnadh, ach beidh le feiceáil arbh é sin an bealach ceart le tógáil. Ní hé seo an chéad uair ráite agam nach bhfuil aon tsamhail den imirt taobh thiar de gheataí dúnta ach a bheith ag níochán do chosa agus do chuid stocaí fágtha ort agat. Is beag an feabhas a chuireann slua de chéad duine air sin – sin eile a bhfaighidh ticéid agus foirne, bainistíocht etc. curtha san áireamh as an 200 atá ceadaithe faoi láthair.
Leathuair imeartha de na Cluichí Gaelacha atá feicthe go dtí seo agam ar scáileán na teilifíse – an chéad chuid den choimhlint idir Uachtar Ard agus Cora Fine Dé Domhnaigh seo caite i gCraobh Shinsearach Peile na Gaillimhe. Le fírinne bhain mé beagán níos mó solamair as ná a shíl mé a bhainfinn. Stoca amháin in áit an phéire más mian leat!
Tráthnóna Dé Máirt shuigh mé síos go bhfeicfinn cén fhad a bhainfinn as an gcluiche sacair is mó ar bhain airgead lena imirt in 2020 – an ceann a shocródh arbh iad Brentford nó Fulham a bheadh i dteideal na milliúin a bhaint amach as seo go ceann trí bliana as an bPríomhroinn Sacair a bheith bainte amach acu – £135 milliún i gcás na mbuaiteoirí.
Deich nóiméad a bhain mé as ainneoin iarrachtaí Sky beocht a chur san ócáid le béicíl thaifeadta, screadach bhréige agus fuilibiliú as cuimse.
Nach orm a bheas an drochbhail má mhairim ráithe eile agus gan é de dheis ag an Taoiseach fiú deoch na Nollag a cheannacht dom.
Fág freagra ar 'Cluichí aimsir an choróinvíris – stoca amháin in áit an phéire más mian leat!'