Cluiche leathcheannais na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghain curtha siar de bharr cásanna Covid-19

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael an cinneadh tráthnóna agus dúradh freisin go bhfuil cluiche ceannais na hÉireann le cur siar go dtí an 4 Meán Fómhair dá bharr

Cluiche leathcheannais na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghain curtha siar de bharr cásanna Covid-19

Tá cluiche leathcheannais peile na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghain curtha siar go dtí an 21 Lúnasa de bharr cásanna Covid-19 i measc imreoirí Thír Eoghain.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael an cinneadh tráthnóna agus dúradh freisin go bhfuil cluiche ceannais peile na hÉireann le cur siar go dtí an 4 Meán Fómhair dá bharr.

Bhí Ciarraí agus Tír Eoghain chun aghaidh a thabhairt ar a chéile Dé Domhnaigh beag seo, an 15 Lúnasa, i bPáirc an Chrócaigh ach bhí amhras ann le roinnt laethanta anuas an dtarlódh an cluiche agus roinnt d’imreoirí Thír Eoghain buailte ag cásanna den choróinvíreas.

Rinneadh tástáil ar imreoirí agus lucht bainistíochta uile Thír Eoghain Dé Sathairn seo caite. Agus torthaí na dtástálacha sin faighte tráthnóna, cinneadh an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais a chur ar athló.

D’fhág na srianta Covid-19 nach raibh ceathrar d’imreoirí Thír Eoghain ná comhbhainisteoir na foirne, Feargal Logan, in ann a bheith i láthair ag cluiche ceannais Uladh cúpla seachtain ó shin nuair a bhuaigh Tír Eoghain ar Mhuineachán. Tuigtear gur in olcas atá cúrsaí víris imithe i gcampa na foirne ó shin, rud a d’fhág nach raibh an fhoireann in ann dul i mbun traenála le roinnt laethanta anuas.

Beartaíodh tráthnóna an cluiche in aghaidh Chiarraí a chur siar seachtain chun deis a thabhairt do Thír Eoghain foireann a chur chun páirce. Níl sé socraithe ag CLG go fóill cén t-am a bheidh an cluiche sin.

Imreoidh Maigh Eo in aghaidh Átha Cliath sa chluiche leathcheannais eile Dé Sathairn beag seo.

Deir Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil siad ag obair le Peil na mBan maidir leis na cluichí ceannais sóisir a bhí ceaptha a bheith i bPáirc an Chrócaigh ar an 4 Meán Fómhair.

Tá na cluichí ceannais i gcomórtais idirmheánacha agus sinsir na mban le bheith i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, an 5 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Cluiche leathcheannais na hÉireann idir Ciarraí agus Tír Eoghain curtha siar de bharr cásanna Covid-19'