CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Is beag a bheidh idir na comharsana anocht i gCathair Pheadair…

AN FHRAINC v AN BHEILG: Tabharfaidh na cosantóirí is fearr ag Corn an Domhain aghaidh ar na tosaithe is fearr sa chomórtas i gcluiche leathcheannais na hoíche anocht

CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Is beag a bheidh idir na comharsana anocht i gCathair Pheadair…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tabharfaidh na tosaithe is fearr sa chomórtas go dtí seo aghaidh ar na cosantóirí is láidre nuair a chasfaidh An Bheilg agus An Fhrainc ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain anocht.

Tá ceithre chúl déag scóráilte ag an mBeilg go dtí seo sa Rúis agus bhí siad ar fheabhas i gcoinne na Brasaíle sa chluiche ceathrú ceannais, sa chéad leath ach go háirithe.

D’athraigh Roberto Martinez córas imeartha na Beilge don chluiche sin, ó chóras 3-4-3 go dtí 4-3-3. Chuir sé Romelu Lukaku ag imirt amuigh ar an gcliathán, rud a thug níos mó spáis do Kevin de Bruyne sa lár, rud ar bhain fear Manchester City leas as chun an chéad chúl a scóráil.

Tá cinneadh mór le déanamh ag Martinez anois, áfach.  An bhfanfaidh leis an gcóras nua sin nó an iompóidh sé ar an seanchóras?

Tá cosantóir na Beilge, Thomas Meunier, ar fionraí don chluiche anocht. Cé nach é an cosantóir is fearr é, tá an-luas aige agus beidh an t-ionadaí a chuirfidh Martinez ina áit an-tábhachtach, go háirithe agus tosaithe na Fraince, Kylian Mbappé agus Antoine Griezmann, chomh tapa sin.

Beidh Olivier Giroud ag imirt i measc na dtosaithe don Fhrainc anocht chomh maith ach is é an cúram is mó a bheidh air siúd ná deiseanna a chruthú don bheirt eile. Níor aimsigh Giroud an sprioc uair amháin féin sa Rúis go dtí seo ach tá déanta go maith aige maidir le seilbh na liathróide a choinneáil agus spás a chruthú do Mbappé agus Griezmann.

Beidh bainisteoir na Fraince, Didier Deschamps, buíoch go bhfuil Blaise Matuidi, a bhí ar fionraí don chluiche i gcoinne Uragua, ar fáil arís dó. Tá taithí iontach ag Matuidi agus nuair a bhíonn sé ar an bpáirc bíonn níos mó saoirse ag Paul Pogba dul ar an ionsaí.

Is iad cosantóirí na Fraince an chuid is láidre den fhoireann go dtí seo sa chomórtas, áfach. Cé gur ghéill siad trí chúl i gcoinne na hAirgintíne, níl mórán déanta as bealach acu sna cluichí eile. Tá Raphael Varane agus Samuel Umtiti an-láidir i lár slí agus an-chúnamh á thabhairt dóibh ag Benjamin Pavard agus Lucas Hernandez ar na cliatháin.

Cuir N’Golo Kanté san áireamh agus beidh sé deacair ag an mBeilg an ceann is fearr a fháil orthu. Ar an dea-uair don Bheilg, tá triúr tosaithe iontacha acu a d’fhéadfadh an beart sin a dhéanamh – de Bruyne, Lukaku agus Eden Hazard.

Is beag a bheidh idir na comharsana anocht i gCathair Pheadair ach seans gur i bhfoireann na Fraince is mó atá cothromaíocht idir cosantóirí stuama agus tosaithe dainséaracha.

TuarTuairisc.ie: An Fhrainc

Fág freagra ar 'CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Is beag a bheidh idir na comharsana anocht i gCathair Pheadair…'