Cluiche crua ag Bhulf Tón agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhoic mhóra Bhaile Átha Cliath

Imreoidh Bhulf Tón in aghaidh sheaimpíní Bhaile Átha Cliath, Cill Mochuda na Crócaigh sa gcluiche ceathrú ceannais i gCraobh Laighean inniu

Cluiche crua ag Bhulf Tón agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhoic mhóra Bhaile Átha Cliath

Dé Domhnaigh, an 5 Nollaig
Craobh Shinsir Peile Laighean
Bhulf Tón v Cill Mochuda na Crócaigh – Páirc Tailteann, 2pm

Imreoidh peileadóirí Bhulf Tón i gCraobh Shinsir Laighean den dara huair riamh tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chill Mochuda Na Crócaigh sna babhtaí ceathrú ceannais.

Is in aghaidh sheaimpíní Bhaile Átha Cliath a bhí fir Bhaile Ghib an t-aon chluiche amháin eile a d’imir siad sa chúige roimhe seo. Tar éis dóibh Craobh Shinsir na Mi a bhuachan den chéad uair in 2006, thug Bhulf Tón aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ach ag na mic léinn a bhí an bua le cúl amháin, 1-11 in aghaidh 0-11.

Bhí beirt a bhí ar an bpáirc an lá sin cúig bliana déag ó shin, Cian Ward agus Stephen Sheppard, ag imirt nuair a bhuaigh Bhulf Tón Craobh Shinsir na Mí den dara huair an mhí seo caite agus Ward go háirithe fós ina imreoir fíorthábhachtach ag an bhfoireann. Dhá phointe a scóráil sé sa chluiche ceannais in aghaidh Naomh Peadar, Dún Búinne agus é fós cruinn ó na ciceanna saora.

Beidh an-taispeántas ag teastáil ó Ward agus ó imreoirí eile na Mí más leo cluiche an lae inniu a bhuachan.

Ní raibh Cill Mochuda iontach sa chluiche a bhuaigh siad ar Naomh Jude i gcluiche ceannais Bhaile Átha Cliath ach tá an mianach iontu. Bhí na Crócaigh cúig phointe chun deiridh tráth sa dara leath sa chluiche ceannais sin, coimhlint ghéar ar bheagán scór, ach d’éirigh le Cill Mochuda teacht aniar a dhéanamh.

Is é Paul Mannion an t-imreoir is fearr ar an bhfoireann sin agus bhí sé ar fheabhas i gCraobh Bhaile Átha Cliath ach tá an fhoireann láidir ar fud na páirce agus beidh an-mhuinín acu go n-éireoidh leo Craobh Shinsir Peile Laighean 2021 a bhaint den chúigiú huair riamh.

Fág freagra ar 'Cluiche crua ag Bhulf Tón agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhoic mhóra Bhaile Átha Cliath'