Ba í foireann na Gearmáine is mó a chuaigh i gcion ar dhaoine sa chéad bhabhta cluichí ag EURO 2022 agus cé go dtéann an fhoireann baile chun páirce arís inniu in aghaidh na hUngáire, is ag an dream ar bhuaigh na Gearmánaigh 5-1 orthu atá an cluiche is tábhachtaí.
Tá teipthe ar Albain an dara babhta a bhaint amach ag aon cheann den 11 mórchomórtas sacair ar ghlac siad páirt iontu roimhe seo agus má chliseann orthu arís anocht, tá gach seans go mbeidh imreoirí Steve Clarke ag dul abhaile luath ón nGearmáin arís.
Chun é sin a sheachaint, teastaíonn feabhas ollmhór ar thaispeántas na hAlban anocht i gcomparáid leis an gceann a thug siad Dé hAoine seo caite. Dúshlán mór a bhí ann toradh maith a fháil in aghaidh na Gearmáine ach ghéill na hAlbanaigh i bhfad ró-éasca agus bhí an choimhlint nach mór thart théis 20 nóiméad. Má éiríonn le hAlbain iarracht amháin féin a thabhairt faoin gcúl anocht, is fearr a bheas déanta acu ná mar a rinne Dé hAoine seo caite (ba é Antonio Rüdiger na Gearmáine a scóráil an cúl d’Albain an tseachtain seo caite).
Is cinnte go bhfeicfear cúpla athrú ar an bhfoireann chomh maith. Caithfidh Steve Clarke ar a laghad ceann amháin a dhéanamh mar tá an cosantóir Ryan Porteous ar fionraí tar éis dó cárta dearg a fháil in aghaidh na Gearmáine. D’fhéadfaí Billy Gilmour a fheiceáil ag teacht isteach i lár na páirce chomh maith agus súil ag Albain seilbh níos mó a bheith acu ar an liathróid ná mar a bhí sa chéad chluiche.
Ní áirítear an Eilvéis i measc na mboc mór sa Ghearmáin ach toradh iontach a bheadh ann dá mbeadh Albain in ann iad a bhualadh. Tá na babhtaí díbeartha bainte amach ag an Eilvéis ag cúig cinn de mhórchomórtais as a chéile, idir Euros agus Choirn an Domhain, agus bhí cuma láidir orthu sa bhua 3-1 a bhí acu in aghaidh na hUngáire Dé Sathairn.
Ba é iarimreoir Arsenal, Granit Xhaka, laoch na himeartha sa chluiche sin agus é ag stiúradh na foirne ó lár páirce. Chruthaigh Xhaka ceithre cinn de deiseanna dá chéilí imeartha sa chluiche agus caithfidh Albain a chinntiú nach mbeidh an tionchar céanna aige ar an gcluiche anocht más leo seans ar bith a bheith acu.
An Chróit v An Albáin – 2.00in (Grúpa B)
An Ghearmáin v An Ungáir – 5.00in (Grúpa A)
Albain v An Eilvéis – 8.00in (Grúpa A)
Fág freagra ar 'Cluiche cinniúnach do na hAlbanaigh murar leo dul abhaile luath arís'