CLUB LEABHAR 1916: ‘Dé Luain’ le Eoghan Ó Tuairisc

Tá áthas ar Tuairisc.ie an dara leabhar ó ‘Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie’ a fhógairt - Dé Luain le Eoghan Ó Tuairisc. Sa tsraith seo foilsítear sliocht as leabhar a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916

Club Leabhar

Dé Luain

le Eoghan Ó Tuairisc

(Sáirséal & Dill 1966, Sáirséal Ó Marcaigh 1991, 1998)

Luan Cásca, 1916, ó dhubh na hoíche go dtí Fógra na Poblachta ag nóin mhór an lae, sin is clár ama agus is cnámha don scéal seo. Ach ar chnámha loma na staire cruthaíonn an t-údar fuil agus feoil na beatha, lorgaíonn sé diamhair na pearsantachta, agus féachann sé le téama an Aiséirí a léiriú sa chiall is doimhne den fhocal. Tá na céadta carachtar ann, mór agus mion. Éiríonn siad chugainn as codladh na mblianta agus an Cháisc le gníomhú acu athuair. Dearcaimid an Lá trína súile, téimid leo ag siúl ar shráideanna an Luain, ag caint, ag argóint, ag ithe agus ag ól, ag snámh, ag brionglóideach, ag máirseáil, ag marú, ag díol is ag ceannach, ag fiach, ag breathnú i ndiaidh na gcailíní, ag bloghadh fuinneoga na Cathrach, ag éisteacht le banna ceoil, ag bearradh feasóige, ag dul in eangacha an bháis. Ba shuim leis an údar na fógraí ar na tramanna, na faisin sna siopaí ban, scríbhneoireacht na malrach ar na leaca, an cú ar an sliabh, an lon dubh faoi bhun a neide, an caisearbhán ag brúchtaíl ón bpluda aníos, an babún graosta ag gnúsachtach sa Zú.

Is Dún don údar an Baile seo cois Life, samhail de gach baile ar chlár an tsaoil. Mar a chéile dó an Dún, an Town, an Tumulus – tuama ina bhfuil sprid an duine sáinnithe agus an Luan le gníomhú arís is arís eile nó go mbí an tAiséirí curtha i gcrích.

Bhí Ó Tuairisc ina ildánaí liteartha. File, drámadóir, scéalaí, fealsamh, scripteoir, eolaí ar phéintéireacht na hEorpa: fágann gach aon dán acu a rian ar an saga seo. Caitheann sé na scórtha aghaidheanna fidil i gcaitheamh an Luain, ach nuair atá aghaidh fidil an Phiarsaigh á caitheamh aige tugtar faoi deara go labhraíonn sé sa chéad phearsa. Agus san aimsir láithreach.

Sliocht as Dé Luain le Eoghan Ó Tuairisc

An Oíche

AN INTINN mar a bheadh sí ar snámh ó mo cholainn, an lámh mar a bheadh sí neamhspleách ag scríobh, iontach an tuiscint atá i láimh an duine, tá an Ginearál sa chúinne sínte i dtoirchim suain.  Ritheann mo pheann leis thar an bpáipéar, beag m’airdeall air ach go bhfuil an dúch ag glioscarnach, éiríonn an monabhar as dríodar mo chuimhne: Macbeth hath murdered sleep.

An cloigín discréideach ar an matal, chling sé uair an mheán oíche. Spréigh an coinnleoir craobhach a sholas ar an mbord leathan, bhí an mahagaine mar a bheadh linn dhorcha uisce ann faoina gcuid tromshúl. Neadaigh an fear óg a smig ina bhois, dhearc sé an seisear a bhí thart ar an mbord, go feargach. Iad ag breathnú ar linn solais an bhoird rompu faoi mar a bheadh gach duine acu ag meabhrú ar a íomhá féin inti, go bómanta. Fís oíche. An aghaidh fidil feola crochta athuair thar na cnámha loma, diamhaireacht dho-inste na néaróg snaidhmthe arís ina gcloigeann-chása, an t-anam pearsanta ag stánadh amach as bléinte na súl amhail is dá mbeadh sé i ndán dóibh fanacht ar bhruach na linne seo go deo ag plé na ceiste.

Gach aon mhac máthar díobh a ghabháil roimh bhreacadh lae.

Ach an barántas?

DORA

Ach faoi DORA, ní mór don PhríomhRúnaí an barántas a shíniú.

Síneoidh mé féin an barántas!

Nóiméad amháin, a Thiarna

Níl nóiméad le spáráil. Má éiríonn an dream sin amach. –

Ní éireoidh. Dá mbeadh an fonn sin orthu, d’éireoidís amach chun Casement a shábháil oíche Shathairn nuair a bhí sé á thionlacan againn trí Bhaile Átha Cliath. Price a labhair. Reachtaire na Faisnéise Míleata. Sea maise, faisnéis mhíleata − Casement a theacht i dtír, an Aud ag sleamhnú béal Chuan Thrá Lí isteach agus í luchtaithe go clár béil le hairm chogaidh agus nár bhreá mar fhaisnéis mhíleata an scéal sin?

Sea, a Thiarna, thángthas aniar aduaidh orainn sa mhéid sin, ach −

Phreab an t-ógfhear ina sheasamh, bhí fuil uasal mhíleata ag coipeadh ina chuislí, ba dhual dó an gaisce, am an ghátair seo bhuailfeadh sé buille. Ivor Churchill. Cheangail sé a dhá láimh ina chéile faoi eireaball a chasóige, chuir a dhroim leis an tine, dhírigh a chuid cainte ar na cloigne crua. Ionradh Gearmánach. Nár thuig siad an focal, Gearmánach?

Cleitearnach a mhúscail é. Mar a bheadh an seomra timpeall arís air, an seanseomra cúng. Cleitearnach ina chluasa, ba chuimhin leis an bhratach, os a chionn, ar an ardán, an mórshlua ag líonadh na Faiche lena línte liathghlasa ag beannú dó, aisling a d’éirigh as dríodar agus tuirse a aigne, ní raibh aon bhratach ann, dallán fuinneoige a bhí ag cleitearnach faoi leoithne oíche. Ní bhogfadh a ghéaga calctha. Cnapán taobh leis i dteas na leapa, cnapán gan ghnéas gan phearsantacht, mar a bheadh cloch nó carraig ann, seanchuimhne ó shaol eile. Rinne sé tréaniarracht corraí as a shuan, d’éirigh leis lámh amháin a fhuascailt, ba strainséartha aige cnámha beaga dalba na méar, theagmhaigh siad le mothall fliuch féasóige. Thuig sé ar an toirt cén aghaidh fidil a bhí á caitheamh aige, cén sloinneadh saolta a bhain dá chinniúint, an t-ualach tuisceana, go raibh i ndán dó múscailt arís agus arís eile chun an cheist chéanna a phlé, nó go rachadh na gártha agus na guthanna timpeall agus thart timpeall air, na haghaidheanna chuige ón dorchadas agus an fhearg agus an cheist sna súile acu, gach aghaidh, gach guth, ag gníomhú a pháirte i dtraigéid athbheochan na huaire seo.

Tá daoine áirithe ann ar chóir go gcuirfí piléar iontu.

Ar son na Cúise. Tá daoine ann nach mbíonn amhras orthu, níl amhras ar Cheannt, aghaidh mhór shuaimhneach, sheinn sé na píobaí os comhair an Phápa, níl amhras air anois, ní raibh riamh. Cuardaím a hainm, teachtaire, ach is iad mo mhéara amháin atá á chuardach tríd an leabhar, cuardaímse an chúis. Arís agus arís eile. Causas memora.

Ní bhogfaidís. Ceann trom Choimisinéir na bPóilíní, na clúdaigh chraicinn druidte thar na súile aige, Johnson, ní bhogfadh sé. Agus an Coirnéal, saighdiúir cúramach an chroiméil shlim, an Coirnéal Cowan, Leas-Cheannasaí na bhFórsaí Míleata i mBaile Átha Cliath, ní thógfadh Churchill airsean bheith cúramach agus a Cheannasaí ar laethanta saoire i Londain. A thiarcais, laethanta saoire. Agus, ar ndóigh, an cloigeann ba dhalba orthu ar fad. Nathan. An píopa cruiteach ar sileadh thar a smig – ní chaithfeadh sé tudóga fiú faoi na frathacha seo−Sir Matthew stuacánta Nathan, athghobarnóir Hong Kong, measann sé gur i measc na Síneach atá sé an t-am go léir, Leas-Rúnaí Seasta na hÉireann. Agus d’fhéadfá a rá seasta. Gach rud de réir bhail an Achta−

− Nach bhfuil na hainmneacha agus na seoltaí go léir againn? Ceannairí na ceannairce seo, na hÓglaigh armtha agus an Lucht Oibre? Cén fáth nach ngabhfaimis amach láithreach−

Chuaigh sé ag céimniú anonn is anall thar an gcairpéad, leiceann na hóige á lasadh ann le fearg. Bhraith sé, agus ní den chéad uair é, go raibh sé féin gan éifeacht, fear bréige sa ríchathaoir, na huaisle agus bantracht na meánaicme saibhre ag umhlú dó ó dhoras a siopaí agus a charráiste ag dul thar bráid, a bhean lena thaobh, an MarcShlua Ríoga á dtionlacan thar chéanna leathana na mórchathrach Impiriúla seo a bhí chomh hársa, chomh hálainn agus chomh Breataineach le Londain féin. Ach bhraith sé go raibh sé gan tionchar ar an triúr seo agus an dearcadh cúng cúramach sráidbhailteach a bhí ag gabháil dóibh, iad mar a bheadh balla cloiche sa bhealach roimhe, an Ceannasaí Míleata, Coimisinéir na bPóilíní, agus, ar ndóigh, Nathan Hong Kong. Rialtas de facto na hÉireann.

Lasc sé na focail ina dtreo. An léargas Impiriúil. Nár thuig siad an léargas Impiriúil? Cad a b’fhiú dlíthe beaga logánta agus foirmeacha státseirbhíse i gcomparáid le riachtanais na hImpireachta? Nár thuig siad gurb é féin Fear Ionad a Mhórgachta Impiriúla, agus go raibh sé de dhualgas air tailte na hImpireachta a chosaint, agus dá mbeadh foirmeacha logánta rialtais le sárú aige chun an chosaint sin a dhéanamh go sáródh sé iad? Nár thuig siad cad é ba chiall le hImpireacht? – na léigiúin ar na teorainneacha thar lear, san India, san Afraic, san Aigéan Ciúin, loingeas troda agus trádála na hImpireachta ar na farraigí ó Mhol go Mol, an marcshlua Impiriúil á raideach i gcoinne na barbarachta sa bhearna bhaoil, ag Hyderbad, ag Spion Kop, ag Kut; agus an Impireacht anois i ngleic báis le sluaite liatha bharbaracht na Gearmáine ar pháirceanna Fhlóndrais. Agus féach go raibh an bharbaracht sin ag séideadh ceilge in Éirinn, chun an bealach a réiteach dóibh féin nó go dtiocfadh na sluaite liatha de ruathar isteach ar an oileán seo, bonn agus baile na Breataine Móire féin, talamh shinseartha na Ríochta Aontaithe, óna bhfuair sí tromlach a cuid bia agus cuid mhór chalma dá saighdiúirí. Phleanc sé é féin sa chathaoir, bhuail bog a dhoirn den bhord.

−Dar fia, a dhaoine uaisle, ní ligfidh mé daoibh an feall seo a dhéanamh ar thalamh an Rí.

A choiscéim throm ar an urlár a mhúscail í. Bhí an choinneal ina ghlaic aige, an ghlaséide air, a aghaidh leathan lasta, bhí an croiméal ar sileadh go dubhach ar an dá thaobh dá bhéal.

−Nach bhfuil tú chun dreas codlata a dhéanamh, a Éamoinn?

−B’fhéidir, a chroí, b’fhéidir. 

Conas atá agaibh?

−Féach, a Áine, tá daoine ann ar chóir go gcuirfí piléar iontu.

Fág freagra ar 'CLUB LEABHAR 1916: ‘Dé Luain’ le Eoghan Ó Tuairisc'

  • Seán Ó Floinn

    Murach an Briotanaigh agus an réabhlóid thionsclaíoch a thionscain siad, bheimis fós inár gcónaí i mbotháin láibe in Éirinn is dócha. Is seafóideach an rud é a bheith ag éirí amach i gcoinne dream a chuir an teicneolaíocht, oideachas, leigheas, srl. ar fáil dúinn chun caighdeán saoil níos airde a bhaint amach, chun rátaí báis a ísliú, srl. Thabharfaidís saoirse dúinn luath nó mall ar aon nós – bhí coincheap na gcearta daonna tagtha chun cinn cheana féin agus bhí na Briotanaigh sásta iad sin a thabhairt do phobail i gcóilíneachtaí eile a bhí acu san Ind agus san Afraic.

    Tá meas agam don dream a bhí i mbun athbheochan na Gaeilge ach ní dóigh liom go bhfuil mórán measa tuillte ag lucht 1916.

    https://www.youtube.com/watch?v=9foi342LXQE

  • Joe Walsh

    An fhadhb atá le d’argóint, a Sheán, ná nach raibh na Briotanaigh sásta saoire agus cearta daonn a a thabhairt de an Ind agus tíortha san Aifric ag an am sin. De gealadar fein rialtais don Ind agus iad a lorg cabhair ar feadh an Chéad Chogadh Domhanda ach thug said isteach réim brúidiúil mileata. Agus féach cad a deanadar tar éis antoghchán I 1918.