Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
Cén dá imirce a tharla le seachtain anuas?
Céard é Mastodon?
Cén bhaint atá ag Elon Musk leis an scéal?
Cén táille mhíosúil a luaitear?
Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 468 leis an scéal?
Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
“Bhí rás Twitter rite.” Céard is brí leis an nath cainte sin.
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
Éist leis na habairtí arís más gá.
Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus aidiacht bhriathartha.
An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord
Tú féin agus tú féin amháin a chuireann d’amlíne i dtoll a chéile. Chuir mé ceist ar Ghaeil Mastodon.ie céard
fhíorshaol, ná sa saol fíorúil – agus bhí oideas do thae déanta as craiceann anainn a chroch mé féin suas á roinnt go tréan. An rud is
fearr faoi Mastodon le hais Twitter, dar liom féin, ná nach bhfuil algartam uilechumhachtach i gceannas ar an rud.
é an rud is fearr leo féin faoin ardán nua agus seo roinnt de na freagraí a fuair mé:
‘Cosúil le Pop-up Gaeltacht!’ a dúirt @SiobhainGrogan. ‘Cha mhothaím
go bhfuil mé ag doomscrolláil gach uair a fhosclaím an aip,’ a dúirt @gdonyos.
Bhí mé féin ar an gcaoi sin freisin. An rud deireanach a theastaigh uaim dáiríre ná cuntas ar líonra sóisialta nua .Ach an chéad rud eile bhí ‘subh déanta
as caora an draighin mhara’ á plé agam le @aonghusoha agus le @meabha as Tír Chonaill – duine nár casadh orm riamh roimhe sin san
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc'