Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén tréimhse den bhliain atá i gceist?
- Cén uair a briseadh an ciúnas?
- Cén fáth a raibh cuntas ríomphoist an údair plúchta?
- Céard a bhí aisteach faoi eispéireas ollscoile údair?
- Céard a bhí iontach faoin seimeastar Gaeltachta?
- Cén fáth a raibh orthu seachtain nó dhó den seimeastar Gaeltachta a dhéanamh ar líne?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
Bhíomar i gConamara agus seomra i dtaithí ar a bheith sa ranga arís agus muid thiar ag cleachtadh ár gcuid Gaeilge.uilig in ann dul ag foghlaim
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad dhá abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis an abairt arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla den tuiseal ginideach agus ainmfhocal firinscneach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos píosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- agus muid ar an gCeathrú Rua. Creid é nó ná creid, athraíonn
- Chun é sin a dhéanamh, táim ag ól caife, mé ar snámh ann chun an fhírinne a rá.
- Mic léinn níos óige ná mé féin atá ag siúl thart, daoine a rinne an Ardteist le linn srianta Covid-19
- agus atá ag iarraidh saol nua na hollscoile a bhlaiseadh. Mise? Tá mise ar mo mhíle dícheall ag iarraidh coinneáil suas.
- saol na hollscoile go mór in dhá bhliain. Níl aithne agam ar na haghaidheanna atá le feiceáil timpeall orm níos mó.
- Saoráideach go maith a bhí an t-athrú ón seomra ranga chuig an scáileán, a
- bhuíochas leis an obair dhian a rinne foireann an Acadaimh, agus iad ullamh i gcomhair gach athrú. Buíochas le Dia,
- bhí gach duine slán agus sásta agus níor chuir na deacrachtaí sin isteach ná amach ar an spraoi a bhí againn
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. https://tuairisc.ie/nil-aithne-agam-nios-mo-ar-na-haghaidheanna-ata-le-feiceail-timpeall-orm-saol-an-mhic-leinn-in-aimsir-na-paindeime/
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
bláithín
an bhfuil script agat as an cluastuiscint saol na hollscoile?