CLUASTUISCINT: Lonnú sa Ghaeltacht

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cén fáth a luaitear €50,000 sa chéad líne?
  2. Céard atá i gceist leis an bhfrása “aisling bhréige,” meas tú?
  3. Cén bhaint atá ag oileáin na nAlban leis an scéal?
  4. Cé mhéad teaghlach atá i gceist?
  5. Cad atá i gceist le ‘Iosrael in Iarchonnacht’?
  6. Cén fáth a luaitear Diarmaid Ó Néill, Bob Quinn agus Donncha Ó hÉallaithe?
  7. Cén fáth nach raibh sé éasca an t-athrú a dhéanamh?

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gceithre abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla d’aidiacht agus sampla do bhriathar san aimsir ghnáthchaite.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. Ar an drochuair níl mórán páistí ina measc. Theastódh tuilleadh páistí leis na scoileanna a choinneáil oscailte.
  2. Earra nach mbeidh le fáil agat sa siopa áitiúil is furasta é a ordú ar líne. Tá feachtas ar bun i bparóiste seo Charna faoi láthair ag iarraidh daoine a thabhairt anoir chugainn.
  3. Inniu tá daoine in ann go leor cineálacha oibre a dhéanamh as an mbaile agus tá an córas idirlín ag feabhsú faoin tuath. Ní ‘seal ag tarraingt fheamainne,
  4. iarracht seo. Is fiú a lua mar sin féin go bhfuil thart ar thríocha comhluadar tar éis teacht chun cónaithe sa bparóiste le cúpla bliain anuas.
  5. ag cur fhataí is ag baint fhéir’ atá anseo ar chor ar bith anois. Tá na seirbhísí ag feabhsú faoin tuath ina theannta sin agus cé nach bhfuil na siopaí líonmhar níl siad go dona.
  6. Bainisteoir Fhorbairt Chonamara Láir, Máirín Ni Choisdealbha Seoige, atá i gceannas air. Is iontach go deo an lear poiblíochta atá tarraingthe aici ar an scéal. Labhair sí go cumasach faoi i nGaeilge agus i mBéarla ar chláracha raidió agus teilifíse.
  7. Foilsíodh altanna faoi sna nuachtáin náisiúnta. Ní cúis iontais ar bith go bhfuil an feachtas ar ghearrliosta cumarsáide an Oireachtais. Lá Fhéil’ Mhic Dara i mbliana a seoladh go hoifigiúil é.
  8. Chuaigh Teresa Mannion as RTÉ amach ar an oileán go ndearna sí tuairisc theilifíse a bhogfadh an croí is dúire. Tá sé róluath fós le breithiúnas a thabhairt ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. 
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Lonnú sa Ghaeltacht'