CLUASTUISCINT: Dúléim na Guaise le Tabhairt ag an Late Late Show

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Dúléim na Guaise le Tabhairt ag an Late Late Show

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén uair a thosaigh Ryan Tubridy le The Late Late Show?
  • Cén fáth a luaitear Pat Kenny?
  • Cén curiarracht atá ag an gclár?
  • Cén fáth a ndeir an t-údar go bhfuil “meascán mearaí” sa chlár?
  • Cén fáth a luaitear 1.6m duine?
  • Meas tú céard atá i gceist ag an údar leis an alt seo: Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh i ngluaiseacht mhoillithe.
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

ag féachaint ar an gclár.
Cúpla seachtain le 376,000 ó duine ar an meán shin ní raibh ach suas

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad abairt arís.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha agus ainmfhocal baininscneach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. d’éirigh le clár na hAoine seo caite breis agus 555,000 a mhealladh. Lena chois sin is fathach i gcónaí é eagrán na mbréagán.
    2. Rud amháin a ritheann liom ná go bhféadfaí tabhairt faoi na cláir ar
    3. bhonn téamach seachas míreanna a bheith againn atá as alt lena chéile.
    4. Tá an clár róthábhachtach le caitheamh faoi thóin cártaí. I ndóthair ní haon dóithín an figiúr thuas agus bíonn fospeach uaidh anois is arís;
    5. Tá lucht Montrose ag tochas a gcinn. Cá mbeidh a dtriall? Ba rud ait é ó thús an meascán ait de throm agus éadrom.
    6. D’éirigh le Gay Byrne an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba mhinic Pat Kenny ag streachailt leis an ábhar
    7. éadrom agus Ryan Tubridy i gcruachás agus ábhar sollúnta idir chamáin aige. An bhfuil rás an mhúnla sin rite?

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Dúléim na Guaise le Tabhairt ag an Late Late Show'