CLUASTUISCINT: ‘Ba Bhreá Liom a Bheith i Scannán Gaeilge’ – Paul Mescal

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cén t-ainmniúchán atá faighte ag Paul Mescal?
  2. Cá raibh sé aréir?
  3. Cad dúirt sé faoina chuid Gaeilge?
  4. Cad as dó ó dhúchas?
  5. Cén bhaint atá ag an scannán Aftersun leis an scéal?
  6. Cé hé Colm Bairéad?
  7. Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Nuair ar mhaith aon amhras air é féin ní raibh ach go mbeadh. a cuireadh ceist ar Phaul Mescal leis aisteoireacht i scannán Gaeilge

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite agus ainmfhocal baininscneach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. sna rannóga don scannán is fearr agus don stiúrthóir is fearr. An scannán cogaidh
  2. in 2021 ar Inis Mór agus Acaill. Bhuaigh All Quiet on the Western Front ar scannán McDonagh
  3. is fearr de chuid na Breataine chomh maith. Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú
  4. ón nGearmáin a fuair an ceann is fearr ar An Cailín Ciúin
  5. chomh maith sa dá rannóg inar ainmníodh an saothar Gaeilge.
  6. Bhuaigh Kerry Condon agus Barry Keoghan gradaim aisteoireachta agus bhuaigh McDonagh
  7. féin an BAFTA don script is fearr. Bhuaigh an scannán an gradam don scannán

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.

Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: ‘Ba Bhreá Liom a Bheith i Scannán Gaeilge’ – Paul Mescal'