CLUASTUISCINT: Camógaíocht

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Camógaíocht

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Céard a tharlóidh i bPáirc an Chrócaigh inniu?
  • Cén fáth a luaitear an focal ‘cammock’?
  • “Níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an gCumann Camanachda faoi sin, nó go deimhin ag Cumann Camógaíochta na nGael.” Céard atá i gceist ag an údar leis an abairt sin, meas tú?
  • Cad deirtear faoi shuíomh gréasáin An Cumann Camógaíochta?
  • Cad é an rud nach gcuireann iontas ar an údar?
  • “Bheifeá ag súil le níos mó ná sin.” Céard atá i gceist ag an údar leis an líne sin, meas tú?
  • Cuir an abairt seo san ord ceart:

          sin a hainm an eagraíocht ó shin cúpla Dála gur athraigh bliain an scéil, tugaim faoi deara

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist le cúpla abairt go randamach sa mhír agus déan iarracht sampla d’ainmfhocal firinscneach agus ainmfhocal baininscneach a aimsiú.
  • Déan iarracht teacht ar trí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

Seo thíos an chuid eile san alt:

  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht iad a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. Chomh maith leis sin d’uireasa na camóige ní bheifí in ann an ‘tiomáint’ a dhéanamh!
  2. B’fhéidir ach ní móide. Chinn orm aon tagairt a fháil don sliotar céanna in Webster ná san Oxford, ach dar m’anam ach
  3. Deir na húdair liom gur as an mbriathar ‘tiomáin’ a tháinig ainm chluiche na bhfear agus diabhal cailleadh a bhí ar an té a chum sin ach an oiread. Ach ar chuma éicint is do
  4. cheapadóir na ‘camógaíochta’ a thabharfainn an duais. Is iomaí rud seachas an sliotar is féidir a ‘thiomáint’ – tairní, beithígh agus gluaisteáin ar chuid acu.
  5. Ós ag caint air sin mé, bheadh an-suim agam tuilleadh eolais a fháil ar an tsanasaíocht a bhaineann leis an liathróidín bheag chruinn a ndéantar an ‘tiomáint’ uirthi.
  6. Chonaic mé ráite in áit éicint é go mba é Cú Chulainn féin ba chionsiocair leis an bhfocal ‘sliotar’ agus go mbaineann sé le hócáid inar thiomáin sé a leithéid thar bhinn sléibhe – ‘sliabh-thar’.
  7. go bhfuil sé ag foclóir Cambridge. Déantar í a thiomáint, a deir siad, le ‘wooden, axe-shaped sticks called hurleys’!

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Camógaíocht'