CLUASTUISCINT: Tá sé in am Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú…

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Tá sé in am Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú…

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Dar leat cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo?
  2. Cén dearcadh atá ag an údar i leith Chonradh na Gaeilge?
  3. Cén polasaí a foilsíodh le déanaí?
  4. Cén fáth a luaitear tithe sóisialta?
  5. Cén fáth a luaitear Carna? Cad a deirtear faoin áit?
  6. Cén bhaint atá ag obair ó bhaile leis an scéal?
  7. Caith do hata leis an smaoineamh sin,” a deir an t-údar ag pointe amháin. Cén smaoineamh atá i gceist aige? 
  8. Cén fáth a luaitear Nuacht an Iarthair?

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh sampla den tuiseal ginideach agus ainmfhocal baininscneach.  
  • Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball. 
  1. ab fheiliúnaí sa domhan é. B’fhearr le daoine go leor nach samhlófaí muid le polasaithe Iosrael agus cheap daoine eile gurbh fhearr dhúinn díriú
  2. darbh ainm ‘Iosrael in Iarchonnacht’ agus muid ag iarraidh Gaeilgeoirí a mhealladh chun na Gaeltachta. Níorbh é an teideal 
  3. Sílim féin go bhfuil sé in am Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú anois. Ní gluaiseacht pholaitíochta ná agóidíochta 
  4. i gcónaí ar ár muintir féin a choinneáil sa mbaile.Is beag toradh a bhí ar na hiarrachtaí a rinne muid an uair sin. Beirt a tháinig sílim: 
  5. a bheadh inti. Is é an aidhm a bheadh léi pobal láidir Gaeilgeoirí ón taobh istigh agus ón taobh amuigh a lonnú sa nGaeltacht Leathchéad bliain ó shin bhí eagraíocht againn 
  6. Bob Quinn agus fear darbh ainm Diarmaid Ó Néill. Tá Bob Quinn in éineacht linn i gcónaí agus toradh céadtach ar a chuid oibre. Thóg Diarmaid Ó Néill agus a bhean clann bhreá sa bparóiste seo.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna. 

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Tá sé in am Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú…'

  • Scoláire

    Ar fheabhas! Go raibh míle maith agaibh faoi seo. Bhí mé in ann na foghraíochta dúchasach a chloisteáil go brea soiléir agus an taifead a chur le mo thaisce ‘comprehensible input, tá rudaí mar seo an-chabhrach domsa