CLUASTUISCINT: Tá an Rí Trump marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad…

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Dar leat cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo?
  2. “Bua na maithe ar an olc a bhí i dtoradh thoghchán Mheiriceá,” a deir an t-údar ag tús an ailt. Cad atá i gceist aige leis sin?
  3. Cén tuairim atá ag an údar faoi Donald Trump?
  4. Cén fáth a luaitear Barack Obama agus Bill Clinton?
  5. Cad deirtear faoin tseirbhís póilíneachta i Meiriceá?
  6. Dar leat cad atá i gceist leis an bhfrása “ceantracha iarthionsclaíocha?”
  7. Cén bhaint atá ag Bernie Sanders leis an scéal? 

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh ainm briathartha agus sampla d’aidiacht agus ainmfhocal baininscneach. 
  • Déan iarracht teacht ar trí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann freagra a sheiceáil ar ball. 
  1. sna Stáit le linn a thréimhse ná mar a tharla i dtréimhse Obama is Biden).
  2. ar an tseanré nuair a bhí na Stáit Aontaithe i gceannas ar dhomhan an rachmais agus in ann leas a bhaint as a gcumhacht le ceannas Mheiriceá a bhrú ar chuile dhuine – beag beann ar an gcostas a bheadh le híoc ag daoine bochta, thar lear agus i Meiriceá féin.
  3. is tugann siad cinígh, frithbheartaitheoirí nó fiú, faisistigh orthu siúd a raibh muinín níos mó acu as Trump ná as Biden – sin beagnach leath de vótóirí Mheiriceá, os cionn 70 milliún duine.
  4. Bhí sé ag caint go príomha leis na míleataigh i NATO, ag geallúint go bhfillfidh Meiriceá ar an seanpholasaí bagartha in aghaidh na Rúise; go mbeadh sé ag filleadh 
  5. Sea, is fadhbanna dáiríre na fadhbanna a spreag daoine le vóta a thabhairt do Trump. Níor réitigh sé a gcuid fadhbanna ar ndóigh (cé gur mó an feabhas a tháinig ar ioncam na n-oibrithe ba bhoichte 
  6. Ach rinne sé gearán faoi na cúrsaí ba mhó a bhí ag cur as do chuid mhór den phobal. Ní raibh aon réiteach aige, ach leag sé méar ar an bhfadhb. Go deimhin, ní féidir leis na nua-liobrálaigh é sin a admháil, 

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. 
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Tá an Rí Trump marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad…'