Tá an Rí Trump marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad…

Más duine gránna é Trump, is córas gránna an córas a thacóidh a Joe Biden leis

Tá an Rí Trump marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad…

Bua na maithe ar an olc a bhí i dtoradh thoghchán Mheiriceá i dtuairim mhóramh mór dínn, in Éirinn agus ar fud an domhain. Ach an amhlaidh atá, nó an bhfuil an scéal níos casta?

Gan dabht dá laghad is duine gránna é Trump. Breathnaigh ar an gcaoi go labhraíonn sé faoi mhná, an chaoi go mbíonn sé sásta freastal ar lucht mheon an chiníochais i Meiriceá, an guth bagrach a bhíonn aige ar an stáitse idirnáisiúnta, an tromaíocht agus an easpa béasa (agus sin lena chur go béasach).

Ach, ar shlite difriúla, is rud gránna é freisin, dearcadh saoil Joe Biden (agus Barack Obama agus Bill Clinton roimhe) a chaith na céadta míle buama le daoine i dtíortha thar lear, a labhair faoi Rúisigh, Cóiréigh agus Sínigh amhail is go raibh siad barbartha nó as a meabhair.

Is rud gránna é freisin gur fhág an dearcadh liobrálach a bhí ag na daoine seo an ciníochas beo bríomhar sa tseirbhís póilíneachta ar fud na Stát Aontaithe; is rud gránna é gur ligeadh do cheantracha iarthionsclaíocha sna Stáit dul i léig toisc go raibh brabús níos fearr le déanamh áit éicínt eile.

Ní freagra ceart é Trump ar na rudaí atá cearr le Meiriceá, nó leis an gcóras nua-liobrálach a chruthaigh Meiriceá ar fud an domhain. Ach is éileamh macánta é bheith ag iarraidh deireadh a chur leis an gcineál sin córais.

Ach tabhair faoi deara a luaithe is a bhí Biden istigh gur thosaigh an Páirtí Daonlathach ag cur an mhilleáin orthu siúd, ar nós Bernie Sanders is Alexandra Ocasio Cortez ar an eite chlé den pháirtí, toisc nár chuir na Daonlathaigh an ruaig ar na Poblachtánaigh i dtoghcháin an tSeanaid is na Comhdhála.

Mar a dúirt Joe Biden féin: tá muid ar ais!

Bhí sé ag caint go príomha leis na míleataigh i NATO, ag geallúint go bhfillfidh Meiriceá ar an seanpholasaí bagartha in aghaidh na Rúise; go mbeadh sé ag filleadh ar an tseanré nuair a bhí an Stáit Aontaithe i gceannas ar an dhomhan an rachmais agus in ann leas a bhaint as a gcumhacht le ceannas Mheiriceá a bhrú ar chuile dhuine – beag beann ar an gcostas a bheadh le híoc ag daoine bochta, thar lear agus i Meiriceá féin.

Sea, is fadhbanna dáiríre na fadhbanna a spreag daoine le vóta a thabhairt do Trump. Níor réitigh sé a gcuid fadhbanna ar ndóigh (cé gur mó an feabhas a tháinig ar ioncam na n-oibrithe ba bhoichte sna Stáit le linn a thréimhse ná mar a tharla i dtréimhse Obama is Biden).

Ach rinne sé gearán faoi na cúrsaí ba mhó a bhí ag cur as do chuid mhór den phobal. Ni raibh aon réiteach aige, ach leag sé méar ar an bhfadhb.

Go deimhin, ní féidir leis na nua-liobrálaigh é sin a admháil, is tugann siad cinígh, frithbheartaitheoirí nó fiú, faisistigh orthu siúd a raibh muinín níos mó acu as Trump ná as Biden – sin beagnach leath de vótóirí Mheiriceá, os cionn 70 milliún duine.

Ag deireadh thiar ní fiú fáil réidh le Trump má tá muid le filleadh ar an tseanré nua-liobrálach, ré ina labhraítear go deas béasach ach ina leantar leis an dúshaothrú, le cogaí, is le beag is fiú a dhéanamh d’aon iarracht sóisialachas de chineál ar bith a chur chun cinn.

Go deimhin, ní dóigh liom gur féidir filleadh mar tá athrú tagtha ar an domhan, is ní fheicim go bhfuil de chumas i Meiriceá dul i gceannas ar an domhan mór arís.

Tugann an lucht ceannais ‘pobalachas’ ar aon chur i gcoinne an chórais nua-liobrálaigh. Ach má tá col agat le pobalachas na heite deise, a chuireann an milleán ar inimircigh, ar eachtrannaigh, ar dhuine ar bith seachas ar lucht an rachmais, ní fiú géilleadh don seanchóras. B’fhearr pobalachas den eite chlé a bheith ann, a dhíreoidh aird ar na ceisteanna céanna faoi shaibhreas is bochtaineacht, faoi shíocháin is cogaíocht, faoin riachtanas go mbainfí leas as saibhreas an domhain le freastal ar mhuintir an domhain ar fad.

Cuireann an dearcadh sin faitíos an domhain ar leithéidí Biden. Agus sin é an fáth go bhfuil ionsaí níos nimhní déanta aige ar Sanders is Alexandria Ocasio-Cortez, ná mar a rinne sé i gcoinne Trump.

Ar ndóigh, tá dóchas láidir anseo go seasfaidh Biden linne i dtaobh an Tuaiscirt. Agus seans maith go seasfaidh. Ach beidh praghas le híoc as géilleadh don nua-liobrálachas agus do riail an rachmais ar fud an domhain, is do na cogaí nua atá le troid mar chuid den Aisling Mheiriceánach.

Má tá an Rí (Trump) marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad, in ionad a bheith dílis do dhuine atá dílis do chóras atá i bpóca na n-ollchomhlachtaí.

Fág freagra ar 'Tá an Rí Trump marbh, anois an t-am le fáil réidh leis an Ríocht ar fad…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tú ag iarraidh fáil réidh leis an Aontas Eorpach agus iarraidh fáil réidh leis an Stáit Aontaithe ach síor chosaint na Rúise! Ar ndóigh níl an Aontas Eorpach ná na Stáit Aontaithe gan locht, go deimhin tá neart lochtanna ar an dá chóras ACH ar a laghad tá prionsabail an daonlathais á leanacht acu, rud nach bhféadfaí a rá faoi aon dream a mholann nó a mhol Eoin!

  • Séamus

    An ceart agat ansin a Dhonncha. Níl aon utopia le fáil sa saol seo agus is féidir linn ar fad lochtanna a fháil ar Mheiriceá ach ní dóigh liom go bhfuil na freagraí ag an údar seo. Chuala mé lá amháin é ar RnaG, ag rá gur thug sé cuairt ar Pyonyang agus gur cheap sé go raibh muintir na cathrach sin sona go leor leis an gcóras atá ann – sin a dúirt siad leis nuair a chuir sé an cheist orthu, is cosúil. Ní rabhadar chun a mhalairt a rá!

  • S. Mac Muirí

    Tá an Trumpach gránna stromptha a Eoin 7 is maith a léigh tú an beachtú a rinne an Bidíneach Sanders. Is geall le hathimirt eachtraí Lawd Kinnockais agus Bliar a bhíodh sa mullach ar Labor Left sular loisceadar an Iaráic. Ní miste a aithint gur aicme chos ar bolg iad ‘clé’ tuathail an iarthair, áirím ceardchumainn ina measc a mbeidh teideal Sir (Ken Jackson) mar cheannaire orthu. Ní fios an biseach a rinne scaireanna Amicus i mBritish Aerospace nuair a rinne siad réidh an achair do Bliar labhairt ag Comhdháil na gCeardchumann roimh Ionradh na hIaráice. Is tíortha übermenschen iad státaí an Aontais a bhfuil na milliúin faoi chois acu in achan chearn. Ní fhanfaidh siad le taobh a chéile i bhfad eile – fiche bliain nó mar sin – le tréan sotail. An Fhrainc an chéad dream eile is dóigh, a imeofas. Mar eolas, tá an Fhrainc idir an Bhriotáin 7 Tír na mBascach. ?

  • S. Mac Muirí

    .. ar Sanders …

  • micheal

    Is dócha , dar leat, go mbéadh sé níos fear dá ma rud é go raibh Sanders i gcumhacht !
    Tá tú ag magadh.