‘Cloch mhór ar phaidrín na meabhairshláinte’ – an Ghaeilge agus na cimí poblachtánacha

Tá Gaeil agus Géibheann ar an gcéad leabhar a fhéachann le dáimh na gcimí poblachtánacha leis an nGaeilge a mheas thar thréimhse fhada

‘Cloch mhór ar phaidrín na meabhairshláinte’ – an Ghaeilge agus na cimí poblachtánacha

Gaeil agus Géibheann: Cimí Poblachtánacha agus an Ghaeilge

Eoghan Mac Cormaic

Foilsithe ag Coiscéim

€20

Ó na 1860idí anuas go dtí an bhliain 2000, bhí an Ghaeilge mar ‘chloch mhór ar phaidrín na meabhairshláinte’ ag cimí poblachtánacha a bhí i ngéibheann i bpríosúin éagsúla in Éirinn agus i gcéin. Sin a deir Eoghan Mac Cormaic sa leabhar nua, Gaeil agus Géibheann: Cimí Poblachtánacha agus an Ghaeilge a seoladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Gaeil agus Géibheann i measc dornán maith leabhar atá curtha amach ag Mac Cormaic le blianta beaga anuas. Bhain a dhírbheathaisnéis, Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976–81 (Coiscéim), duais Oireachtas na Gaeilge don saothar do dhaoine fásta in 2021.

Sa bhliain 2023, d’fhoilsigh sé dhá chnuasach de dhánta a scríobh sé i ngéibheann: Macallaí Cillín: Dánta príosúin 1982–91 (Coiscéim) agus The Pen behind the Wire: A Decade of Prison Poems (Verlag). D’fhoilsigh sé Captive Columns: An Underground Prison Press 1865–2000 (Island Press) sa bhliain 2024, leabhar a chuireann síos ar os cionn 60 sampla d’irisí, nuachtáin agus tréimhseacháin a foilsíodh – nó a scríobhadh de láimh – sa phríosún.

Agus taithí Mhic Cormaic mar chime á spíonadh amach aige sa phrós agus san fhilíocht, cuireann a shaothar leis an gcorpas suntasach de litríocht phríosúin atá againn sa Ghaeilge. Ní hé Mac Cormaic an t-aon údar Gaeilge a ndearna an géibheann scríbhneoir de. Smaoineofá ar Bhreandán Ó Beacháin nó ar Liam Mac Reachtain a bhí ar bheagán Gaeilge nuair a gabhadh ar dtús iad, gan trácht ar Mháirtín Ó Cadhain a dúirt gurbh iad na laethanta a chaith sé i gcampa an Churraigh ‘na laethantaí dháiríre ar thosaigh mé ag scríobh’.

Níl Mac Cormaic dall ar a ról féin mar chuid den oidhreacht sin agus tugann Gaeil agus Géibheann comhthéacs stairiúil, b’fhéidir, do scéal an údair féin agus scéal a chomhphríosúnach a chrom isteach ar an nGaeilge agus iad ar agóid na pluide.

Tá roinnt taighde déanta le blianta beaga anuas ar thábhacht na Gaeilge mar ghléas frithbheartaíochta i bpríosún na Ceise Fada agus sna Blocanna H, ina measc saothar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, Dhoiminic Mhic Giolla Chríost agus taighde Eibhlín Nic Cormaic ar fhoghlaim na Gaeilge i measc na mbanchimí. Tá Gaeil agus Géibheann ar an gcéad leabhar, áfach, a fhéachann le dáimh na gcimí poblachtánacha leis an nGaeilge a mheas thar thréimhse fhada– tréimhse150 bliain ó aimsir na bhFíníní go tréimhse na réabhlóide, ó bhlianta na hÉigeandála go dtí Dúnadh na mBlocanna H sa bhliain 2000.

Má bhí an Ghaeilge mar a bheadh ‘uirlis leis an intinn a spreagadh’, i bhfocail an iarchime Laurence McKeown, léirítear sa leabhar seo go ndearnadh iarracht chórasach bac a chur ar an teanga sna príosúin. Cuireadh cosc ar ranganna Gaeilge Sheáin Chaomhánaigh (Seán a’ Chóta) i mBaile Stáin mar phionós in aghaidh mhórstailc ocrais na bpoblachtánach ag deireadh na bliana 1923, agus labhair Conradh na Gaeilge amach sa bhliain 1982 mar gheall ar an gcosc iomlán a bhí curtha ar áiseanna foghlama Gaeilge sna Blocanna H agus i bpríosún Ard Mhacha.

Níorbh iad na húdaráis amháin a bhí drogallach i leith na Gaeilge, áfach. Bhí go leor príosúnach nár chuir spéis ar bith sa teanga agus bhí aighneas ann nuair a foilsíodh alt magúil in An Drithleog – páipéar beag a cuireadh le chéile i gcarcair Dhoire sna 1940idí – faoin dream a fuair an Fáinne ach nach raibh sásta an Ghaeilge a labhairt.

Ba léir freisin go raibh na téacsleabhair Ghaeilge (má d’éirigh leis na príosúnaigh aon leabhair a thabhairt isteach) as alt le gnáthshaol an phríosúin. Bhí sé de ghearán ag an gCuntaois Markievicz go raibh sí ag foghlaim téarmaí ar nós ‘eorna’ agus ‘seabhac’ ach nach raibh aon treoir sna leabhair ghramadaí maidir le cén chaoi le pluid bhreise nó pláta glan a iarraidh.

Mar sin féin, d’éirigh leis na cimí an Ghaeilge a chur chun cinn i spásanna plúchta na gcampaí géibhinn ar bhealach níos éifeachtaí, b’fhéidir, ná mar a d’fhéadfaí a dhéanamh taobh amuigh. Ar na pointí is suimiúla sa leabhar tá an plé a dhéantar ar an leas a bhain na cimí as coincheap na Gaeltachta chun seilbh shamhlaíoch a ghlacadh ar spásanna fuara coincréiteacha na bpríosún.

D’áitigh Earnán de Blaghd gur cruthaíodh ‘Gaeltacht’ i bhFrongoch nuair a cuireadh cúpla tábla i leataobh sa bhialann do lucht na Gaeilge agus feictear ina dhiaidh sin gur minic a bhíodh cillíní, botháin nó sciatháin á n-athshamhlú mar ‘Ghaeltachtaí’. I bhfianaise bhrúidiúlacht agus shalachar na bpríosún, d’fhéadfaí a rá gur modh éalaithe de chineál éigin a bhí sna Gaeltachtaí útóipeacha seo dóibh siúd a bhí faoi ghlas.

Caitheann an leabhar seo – mar aon le saothar Mhic Cormaic ar fad – solas ar ghné ar leith d’athbheochan na Gaeilge agus tugtar foinsí cartlainne agus ábhair phearsanta le chéile den chéad uair chun cuid den stair chasta seo a ríomh. Ardaíonn Mac Cormaic ceisteanna tábhachtacha faoi na snátha a théann ó ghlúin cimí go glúin eile, agus is cinnte go spreagfaidh an leabhar seo tuilleadh taighde agus machnaimh ar oidhreacht na bpríosún ar mhórscéal na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Cloch mhór ar phaidrín na meabhairshláinte’ – an Ghaeilge agus na cimí poblachtánacha'

  • Pádraig

    An Ghaeilge – Eochair na Saoirse – mar a d’aithin na cimí sa Jailteacht.
    Gabhaim comhghairdeas agus buíochas l’Eoghan Mac Cormaic as an saothar seo a chur ar fáil dúinn