‘Cloch mhíle’ bainte amach agus pleananna teanga ceadaithe do na limistéir Ghaeltachta ar fad

D’fhógair Airí na Gaeltachta ar maidin go bhfuil €300,000 sa bhliain le cur ar fáil do phlean teanga Oileáin Árann, an ceann deireanach a bhí le faomhadh faoin bpróiseas

‘Cloch mhíle’ bainte amach agus pleananna teanga ceadaithe do na limistéir Ghaeltachta ar fad

Tá “cloch mhíle shuntasach” bainte amach sa phróiseas pleanála teanga agus plean ceadaithe ag an Rialtas do gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta sa tír.

D’fhógair Airí na Gaeltachta ar maidin go bhfuil plean teanga Oileáin Árann ceadaithe, an ceann deireanach a bhí fós le faomhadh faoin bpróiseas.

Cuirfear €300,000 in aghaidh na bliana ar fáil d’Oileáin Árann le cabhrú le feidhmiú phlean teanga na n-oileán. D’fhéadfadh breis is €2.1 milliún a bheith i gceist sna seacht mbliana a mhairfidh an plean.

“Tá cloch mhíle shuntasach bainte amach gan amhras le ceadú an phlean teanga seo, ós rud é gurb ionann é a bheith ceadaithe agus gach ceantar Gaeltachta a bheith i mbun pleananna a fheidhmiú nó iad faoi réir le tosú,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, inniu.

“Leis an gcistíocht atá curtha ar fáil don phróiseas pleanála teanga ag méadú dé réir a chéile ó cuireadh tús leis, tá forfheidhmiú an phróisis ag dul ó neart go neart agus is le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta é sin.”

Cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht in 2014. Cheadaigh Roinn na Gaeltachta na chéad phleananna teanga in 2017 agus tá tús le cur le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm na bpleananna níos deireanaí i mbliana.

Fógraíodh ceadú an phlean d’Oileáin Árann ag ócáid ar ar fhreastail Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers ar Inis Oírr ar maidin agus thréaslaigh sé leo siúd a raibh páirt acu in ullmhú an phlean.

“Is údar ceiliúrtha agus suntais é go bhfuil gach plean a bhaineann leis na ceantair Ghaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas anois, le ceadú an phlean seo,” a dúirt an tAire Stáit Chambers. “Fágann sé seo go mbeidh na trí oileán Árann in ann treabhadh ar aghaidh i gcomhar lena chéile agus le hÚdarás na Gaeltachta leis na chéad chéimeanna eile gan a thuilleadh moille agus tús a chur le feidhmiú an phlean le cúnamh mo Roinne.”

Dúirt Chambers go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Inis Mór agus Inis Meáin “chomh luath agus is féidir” agus go bhfillfeadh sé freisin ar Inis Oírr.

Tá ciste iomlán ar fiú €5.8 milliún á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann sin agus ardú de €800,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2021.

Tá cúig Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe go dtí seo –  Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí – agus tá pleananna do phéire eile, Caisleán an Bharraigh agus Dún Garbhán, á meas faoi láthair. Tá pleananna á n-ullmhú freisin do Chathair Saidhbhín agus Cathair Chorcaigh.

Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Cúnta fostaithe go dtí seo faoin bpróiseas.

Fág freagra ar '‘Cloch mhíle’ bainte amach agus pleananna teanga ceadaithe do na limistéir Ghaeltachta ar fad'

  • 🙄

    Níorbh fhiú d’aon duine ón Údarás a bheith i láthair in Inis Oírr. Ach má sheoltar litir i nDún na nGall caithfidh an Príomhfheidhmeannach, Stiúrthóir na bPleananna Teanga, Margaíochta & Ócáidí Ilghnéitheacha agus leathchéad peata pleanála teanga a bheith i láthair. Meastú cén fáth?

  • Máire Uí Dhufaigh

    Níl a fhios agam cé scríobh an teachtaireacht seo thuas seo ach ba mhaith liom a shoiléiriú go raibh triúr ón Údarás i láthair in Inis Oirr nuair a d’fhógair an tAire go raibh Plean Teanga Oileáin Árann á cheadú. Chomh maith leis sin bhí cruinniú acu le Coiste PT Oileáin Árann i ndiaidh na hócáide le comhairle a chur orainn maidir leis an gcéad chéim eile den phróiséas.
    Is é an trua nach gcinntíonn daoine a gcuid fírící sula dtéann siad i mbun pinn.
    Máire Uí Dhufaigh (ball de Choiste PT Oileáin Árann)
    triúr d’oifigigh an Údaráis i láthair in Inis Oirr nuair a cheadaigh an tAire Plean Teanga Oileáin Árann.

  • Pól Ó Braoin

    Is maith an rud é pleananna teanga a fheiceáil á gceadú do chuile limistéar gaeltachta. Caithfear aire na huibhe a thabhairt dár ngaeltachtaí má bhíonn muid ag iarraidh iad a fheiceáil ag fanacht beo beathach sna blianta atá amach romhainn. Níl mórán blianta amach romham féin, ach tá roimh an ngarchlann agus tá súil le Dia go mbeidh gaeltacht mar Oileáin Árann ann a mbeidh siad in ann cuairt a thabhairt orthu agus deis a fháil ár dteanga a chloisteáil sa mbaile.
    Comhghairdeas mór libh ar na hoileáin agus leis na gaeltachtaí eile agus an “…“cloch mhíle shuntasach” bainte amach sa phróiseas pleanála teanga agus plean ceadaithe ag an Rialtas do gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta sa tír.”
    Nár lagaí Dia thú, a Mháire, agus Coiste Pleanála Teanga Oileáin Árann. Ní thuigeann muid don dianobair a dhéanann bhur leithéidse agus rud mar sin á chur i gcrích.
    Tá súil le Dia agam féin cuairt a thabhairt ar ais ar na hoileáin amach anseo faoina bheith slán. Seans ann go mbeidh deis agam an obair a dhéanann sibh a fheiceáil dom féin…