Cló Léann na Gaeilge – foilsitheoir acadúil Gaeilge ar an bhfód

Fógrófar anocht bunú Cló Léann na Gaeilge inphrionta acadúil nua a fhoilseoidh saothair acadúla i nGaeilge

Cló Léann na Gaeilge – foilsitheoir acadúil Gaeilge ar an bhfód

Iarsmalann Litríocht na hÉireann ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, mar a mbeidh Seoladh na Nollag Comhar ar siúl anocht

Is fada scoláirí na Gaeilge ag éagaoineadh easpa foilsitheoirí acadúla na teanga, ach tá fuascailt chucu ar deireadh agus inphrionta acadúil nua le bunú.

Cló Léann na Gaeilge is ainm don inphrionta nua, atá á bhunú ag Comhar, i bpáirt le meitheal tras-Ollscoile.

Tráthnóna inniu, ag Seoladh na Nollag Comhar in Iarsmalann Litríocht na hÉireann i mBaile Átha Cliath, a fhógróidh an tOllamh Máire Ní Annracháin, bunú an inphrionta nua a fhoilseoidh saothair acadúla i nGaeilge.

Foilseoidh Cló Léann na Gaeilge “taighde piarmheasta” ó gach réimse de léann na Gaeilge agus táthar ag súil go mbeidh sé “mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge”.

Tá súil ag lucht Cló Léann na Gaeilge ”an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne”.

Tá an uile ollscoil sa tír páirteach i meitheal Cló Léann na Gaeilge chomh maith le hOllscoil Notre Dame i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Níl aon fhoilsitheoir ann faoi láthair a dhíríonn ar ábhar acadúil amháin, cé go bhfuil mbíonn roinnt saothar dá leithéid á bhfoilsiú ag tithe foilsitheoireachta amhail Cois Life, Cló Iar-Chonnacht agus An Sagart.

Is beag dream atá fágtha anois a fhoilsíonn leabhair acadúla go rialta. Tá An Clóchomhar, teach foilsitheoireachta eile a mbíodh an-chúram á dhéanamh aige d’obair thaighde, ar marthain i gcónaí mar inphrionta de chuid Chló Iar-Chonnacht, ach is annamh a fhoilsítear aon leabhar nua faoi ceal maoinithe.

Anuas air sin, beidh Cois Life, a rinne cuid mhaith oibre i réimse an taighde agus an léinn, ag dúnadh ag deireadh na bliana seo.

Seolfar chomh maith tráthnóna ag Seoladh na Nollag Comhar eagrán na Nollag den iris Comhar agus dhá leabhar nua ó LeabhairComhar, Finanaise Bhreise le Micheál Ó Ruairc agus Neansaí ar an bhFeirm le hOrna Ní Coileáin.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, a sheolfaidh an iris agus na leabhair nua.

Fág freagra ar 'Cló Léann na Gaeilge – foilsitheoir acadúil Gaeilge ar an bhfód'

  • Irene Duffy Lynch

    Is iontach an nuacht ê seo agus ba mhaith liom bheith ar an eolas faoi na himeachtaí a bhaineann leis. Irene, a d’austrigh AMONGST WOMEN/ IDIR MNÁ agus THINGS FALL APART/TITEANN RUDAÍ AS A CHÉILE GO gaeilge