Clár suaite, cráite, cumhachtach ab ea ‘Tocht na Máthar’ ar TG4

Labhair máthair Chormaic McAnallen go deisbhéalach macánta faoi bhás a mic sa chéad chlár i sraith nua ar TG4

Clár suaite, cráite, cumhachtach ab ea ‘Tocht na Máthar’ ar TG4

I dtosach na bliana 2004 bhí Cormac McAnallen ag bisiú sa saol. Bhí sé ag treabhadh leis go socair sásta mar mhúinteoir i Scoil Naomh Caitríona in Ard Mhacha agus é geallta lena ghrá geal.

Lena chois sin bhí a ghaiscí ar pháirc na caide le Tír Eoghain tar éis cáil náisiúnta a ghnóthú dó. É sin ar fad agus gan na ceithre bliana ar fhichid ach díreach slánaithe aige.

Dhein foireann na láimhe deirge file caoch do Chiarraí sa chluiche leathcheannais in 2003 agus Cormac mar lánchúlaí teanntásach. Nuair a thugadar an svae leo i gcoinne lucht an úlloird, curaidh na bliana roimhe sin, sa chluiche ceannais, bhíothas ag tuar go raibh ré órga ar na bacáin; tháinig an tuar faoin tairngreacht sin.

Ach ní raibh aon choinne leis an iliomad tragóidí a bhain den bhfoireann i rith na tréimhse céanna sin. Ar an 2 Márta 2004 bhásaigh Cormac de bharr laige chroí a dtugtar SADS air.

Bhain bás obann an fhir óig aclaí seo stangadh as an tír agus d’fhág a theaghlach, mar aon le teaghlach an CLG, faoi dhaolbhrat bróin.

Sa chlár Tocht na Máthar (TG4 aréir) déanann máthair Chormaic, Bridget, a cuimhní cinn a roinnt linn mar aon le léargas a thabhairt dúinn ar conas a mar a chuaigh sí i ngleic leis an mbuille tubaisteach sin.

Is scéalta na máithreacha agus iad ag cruachan in aghaidh na hanachaine a bheidh faoin chaibidil sa tsraith chúig clár seo.

Sna gálaí atá le teacht beifear ag éisteacht  le Bríd Hynes as Leitir Móir, ar dúnmharaíodh a hiníon Siobhán i 1998 agus tabharfar cluas do Mary Logue ó Ghaeltacht Thír Chonaill ar cailleadh a mac de bharr meall ailseach a bhí ina inchinn.

Ba chlár suaite cráite cumhachtach é seo. Ní nach ionadh bhí sé ag brath go mór ar ionchur na máthar. Labhair Bridget go deisbhéalach macánta agus go mothúchánach. Deineadh paistí cainte as Gaeilge le Mark Harte, le Príomhoide Scoil Naomh Caitríona agus le deartháir Chormaic, Dónal. Thug na rannpháirtithe ar fad cuntas ar fhear óg dúthrachtach stuama.

In ainneoin a óige bhí nach mór gach gradam gur fiú trácht air sa CLG gnóthaithe aige.

Ar na saolta seo tá dífhibrileoirí i bhfad Éireann níos coitianta ná mar a bhíodh siad. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é bás Chormaic agus an t-iontaobhas a cuireadh ar bun ina chuimhne is cúis leis seo.

Ag tarrac i dtreo dheireadh an chláir, agus é meabhraithe dúinn cúpla babhta nach raibh deis ag Cormac clann a bheith aige, cloisimid ó Sheaghan Kearney.

Is dífhibrileoir a shábháil ón mbás Seaghan aguss saolaíodh a pháiste le déanaí.

Fág freagra ar 'Clár suaite, cráite, cumhachtach ab ea ‘Tocht na Máthar’ ar TG4'