Clár Gaeilge le craoladh faoin gclub CLG a bhfuil ‘steiréitíopaí a scrios’ aige

Inseoidh clár nua scéal an chlub nua CLG in oirthear Bhéal Feirste atá ag mealladh daoine ó gach cúlra

Clár Gaeilge le craoladh faoin gclub CLG a bhfuil ‘steiréitíopaí a scrios’ aige

Cé go bhfuil iomrá ar oirthear Bhéal Feirste le fada an lá mar phríomhcheantar aontachtach shocraigh buíon bheag daoine sa bhliain 2020 club úrnua a bhunú, CLG Oirthear Bhéal Feirste. A gcuspóir? Cúrsaí a athrú trí dhaoine a thabhairt le chéile agus steiréitíopaí a scrios.  

“In 2020 nuair a chuala muid gur bunaíodh club úr CLG in oirthear Bhéal Feirste, bhí a fhios againn láithreach gur scéal suntasach a bhí ann,” a deir Antaine Ó Donnaile ó Macha Media, stiúrthóir an chláir nua atá déanta faoi CLG Oirthear Bhéal Feirste, Le Chéile 

“Ní raibh club CLG sa chuid sin de Bhéal Feirste le fada. Thaitin éiteas an chlub go mór linn fosta, iad ag iarraidh daoine ó gach creideamh agus ó gach cúlra polaitiúil a mhealladh chucu.” 

Bhain an spéis a chuir daoine sa chlub nua siar as a lucht a bhunaithe féin. 

“In 2020 chuir David McGreevy agus Richard Maguire tvuít amach ag iarraidh ar dhaoine páirt a ghlacadh i gclub CLG in oirthear Bhéal Feirste. Chuir an spéis a léiríodh sa smaoineamh an dubhiontas orthu agus ag deireadh an chéad lae sin féin bhí go leor daoine acu le ceithre fhoireann a líonadh,” ar sé. 

Tá breis is míle ball ag an chlub faoi láthair ó gach cúlra agus aicme.  

Ar chuir an scéal seo iontas air féin?  

“Chuir an scéal iontas orm, cinnte. Rud mór é dúshlán mar sin a chur i gcrích. Chuir sé iontas orm fosta an oiread daoine nár imir cluichí Gaelacha ariamh a bheith ag glacadh páirte.” ar sé. 

Ba é an rud ba shuimiúla faoin gclár seo a stiúradh ná go bhfuair sé éachtaint ar fhorbairt club. 

“Thaitin sé go mór linn a bheith ag bualadh isteach chuig an chlub seachtain i ndiaidh seachtaine thar thréimhse sé mhí chun iad a scannánú agus a bheith ag amharc ar an fhorbairt a bhí ar bun acu, ó thaobh cairdis agus ó thaobh scileanna de. Sa chéad bhliain acu níor bhain siad oiread agus cluiche iomaíoch amháin, ach sa dara bliain… bhuel, beidh oraibh amharc ar na cláir!” a deir sé. 

Deir Antaine Ó Donnaile gur clár faisnéise breathnaitheach atá ann a leanann an club ina chéad bhliain i ndiaidh na dianghlasála. 

Beidh réimse leathan daoine le feiceáil ar na tsraith. 

Irial Ó Ceallaigh agus Andrew McCammon

Tá iarshaighdiúir, Andrew McCammon, ar dhuine acu seo. Bhí McCammon ina dhara leifteanant in Arm na Breataine agus is Críostaí go smior é. Nuair a d’éirigh sé as an arm, chláraigh sé do ranganna Gaeilge sa tionscadal Turas. Chuala sé faoi CLG Oirthear Bhéal Feirste sa rang Gaeilge agus chuir sé suim láithreach ann. Tá paisean nua aige do na cluichí Gaelacha agus tá grúpa cairde nua aige mar gheall ar an chlub.  

Ar dhuine de chomhimreoirí nua Andrew McCammon, tá an t-iománaí ó Ghaeltacht Phort Láirge, Irial Ó Ceallaigh. Bhog Ó Ceallaigh go Béal Feirste, cathair dhúchais a mháthar, in 2020 agus tá ról lárnach aige sa chlub ón am ar bunaíodh é. Is é Ó Ceallaigh oifigeach forbartha an chlub le dhá bhliain anuas, ach is maith a thuigeann sé an dúshlán a bhaineann le club a fhorbairt in oirthear Bhéal Feirste. 

“Tá sé éasca do Chaitlicigh agus náisiúnaithe teacht ag imirt peile agus iománaíochta, ach nílimid anseo díreach do dhream amháin ón cheantar, tá muid anseo don dream uilig.  

“Tá an-chuid le déanamh. Tá daoine áirithe in oirthear na cathrach amhrasach faoi CLG, agus tuigimid é sin. Ní fhaca siad cluiche iomána ná peile riamh, ach na leaids atá tar éis tosnú linn faoi aois, is breá leo an spórt,” ar sé. 

Is í na t-aontachtóir agus an gníomhaí teanga, Linda Ervine atá mar chéad uachtarán an chlub.  

Cuireann Linda Ervine, atá ina stiúrthóir ar an tionscadal Gaeilge ‘Turas’, fáilte roimh chur chun cinn gach aon chultúr sa chlub.  

“Ar ndóigh tá roinnt daoine diúltacha ann, ach tríd is tríd, tá daoine iontach sásta. Sílim gur siombail é d’áit roinnte. Is é an rud a léiríonn sé, má tá baint agat le rud amháin, ní chiallaíonn sé sin nach dtig leat baint a bheith agat le rud eile.  

“Mar gheall ar an chúlra a bhí agam féin, níor chuala mé faoi CLG ariamh, ní raibh eolas ar bith agam air, ach tá sin athraithe anois,” ar sí. 

Is as Boston, Massachusetts í Kimberly Robertson agus deir sí go bhfuil sí i ndiaidh titim i ngrá leis na cluichí Gaelacha. Chláraigh sí le CLG Oirthear Bhéal Feirste chun cultúr na hÉireann a bhlaiseadh agus chun cairde nua a dhéanamh,” a deir sé. 

“Ní raibh an deis agam riamh dul isteach i gclub CLG nó bheith ag imirt camógaíochta. Ní raibh fonn orm dul isteach i gclub seanbhunaithe mar tá sé an-deacair do bhealach a dhéanamh isteach i gclub ina bhfuil aithne ag gach duine ar a chéile.  

“Mar sin nuair a tháinig an tvuít seo amach i mí na Bealtaine seo caite, tuairim is bliain ó shin anois, go raibh club úrnua ar an fhód in oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil mé féin i mo chónaí, dúirt mé liom féin, ‘Ó, d’fhéadfadh sé seo a bheith spraíúil’.”  

Kimberley Robertson agus Niamh Daly

Chuaigh na daoine seo go léir a chláraigh leis an gclub nua i bhfeidhm go mór ar an stiúrthóir Antaine Ó Donnaile. 

“Thógfadh sé do chroí a bheith ag plé le daoine flaithiúla spórtúla a bhíonn ag obair go deonach dá chéile agus don phobal,” ar sé. 

Deir sé gur léiriú é Le Chéile ar phobal úr a thugann tacaíocht dá chéile agus a ghlacann go fonnmhar le héagsúlacht agus le dearcaí difriúla.    

Beidh “cuid mhór Gaeilge: le cloisteáil sa chlár. 

“Tá breis agus 70% den chlár i nGaeilge, mar tá go leor leor Gaeilgeoirí sa chlub,” ar sé.  

Craolfar Le Chéile ar RTÉ One ag a 8i.n. Dé Luain 13 Meitheamh agus Dé Luain 20 Meitheamh, agus ar an RTÉ Player. Craolfar freisin é ar BBC2 ar an 6 Meitheamh ar a 10i.n. 

Fág freagra ar 'Clár Gaeilge le craoladh faoin gclub CLG a bhfuil ‘steiréitíopaí a scrios’ aige'