Clár faisnéise le craoladh anocht ar TG4 faoin gceoltóir aitheanta as Béal Feirste David Hammond

Tugtar léargas in ‘Hammond:Duais an Dorais’ ar an lorg a d’fhág David Hammond ar shaol an cheoil agus na n-ealaíon

Clár faisnéise le craoladh anocht ar TG4 faoin gceoltóir aitheanta as Béal Feirste David Hammond

Craolfar clár faisnéise anocht faoin amhránaí, scríbhneoir, scannánóir agus Feirsteach aitheanta.

Ba dhuine de mhórphearsana ceoil Bhéal Feirste é David Hammond, a bhásaigh deich mbliana ó shin, agus inseofar a scéal ag 9.30pm anocht ar Hammond: Duais an Dorais ar TG4.

Tugtar léargas sa chlár, ar comhléiriú de chuid BBC Gaeilge agus TG4 é, ar an lorg a d’fhág Hammond ar shaol an cheoil agus na n-ealaíon.

Is é Neil Martin, ceoltóir agus dlúthchara le Hammond, láithreoir an chláir agus cuirtear faoi agallamh ann ealaíontóirí agus ceoltóirí a raibh tionchar ag Hammond orthu, ina measc Dónal Lunny, Mairéad Ní Dhomhnaill agus Cathal Goan.

Ba stiúrthóir scannáin cumasach é Hammond freisin agus taispeánfar míreanna le linn an chláir de chuid den saothar a rinne sé agus é ag obair leis an BBC, ina measc The Magic Fiddle, Dusty Bluebells agus Sarah Makem.

Ba chara mór é David Hammond leis an mhórfhile Séamus Heaney agus déanann Mick Heaney, mac an fhile, cur síos sa chlár ar an chairdeas a bhí idir an bheirt.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Neil Martin gurbh fhear ar leith David Hammond “a shaibhrigh saol an cheoil agus a chuir go mór le saol a chairde”.

Déanann Neil Martin féin cur síos sa chlár ar an chuairt dheireanach a thug sé ar David Hammond roimh bhás dó. Bhronn Hammond ceithre leabhar air an uair sin a raibh na céadta amhrán traidisiúnta iontu a bhailigh Sam Henry go luath sa 20ú haois i gCúige Uladh.

“Is cartlann an-luachmhar na leabhair de na hamhráin áitiúla a bhí coinnithe ag Davey agus é ag iarraidh go gcaomhnófaí iad do na glúnta amach romhainn.

“Bhronn Davey a lán rudaí ar a lán daoine lena bheo, ach ba é seo ‘duais an dorais’ a bhronn sé ormsa,” arsa Neil Martin. 

Fág freagra ar 'Clár faisnéise le craoladh anocht ar TG4 faoin gceoltóir aitheanta as Béal Feirste David Hammond'