Ciste cúitimh €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha

Fógraíodh níos túisce an mhí seo cúiteamh €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh, ach níl aon fhógra déanta go fóill faoi chúiteamh a íoc leis na coláistí samhraidh féin

Ciste cúitimh €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers tráthnóna go bhfuil €240,000 le híoc mar chúiteamh le hallaí pobail sa Ghaeltacht toisc na coláistí samhraidh a bheith curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

6,750 a bheidh ar fáil do hallaí pobail Gaeltachta a chuireann trí chúrsa ar fáil le linn an tsamhraidh de ghnáth.

Is ionann sin agus €750 in aghaidh gach seachtain a mbeadh na cúrsaí ar siúl.

Bhí na hallaí pobail thíos leis an chinneadh nach bhféadfaí na cúrsaí Gaeilge a reáchtáil I mbliana mar bíonn sna hallaí sin ag brath ar chíos na gcoláistí samhraidh do chuid dá dteacht isteach gach bliain.

Bhí díomá ar lucht na hallaí pobail anuraidh nuair nár cuireadh san áireamh iad agus cúiteamh á íoc leis na coláistí samhraidh agus na mná agus fir tí.

Fógraíodh níos túisce an mhí seo cúiteamh €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge.

Níl aon fhógra déanta go fóill faoi chúiteamh a íoc leis na coláistí samhraidh féin.

Íocadh €3.1 milliún den chiste cúitimh €4.7 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh anuraidh ach bhí plé níos casta ann i mbliana maidir le cúiteamh na gcoláistí samhraidh.

Nuair a fógraíodh an cúiteamh anuraidh dúradh gur le héarlaisí a aisíoc a bhí sé ach dúirt Roinn na Gaeltachta mí Eanáir na bliana seo gan glacadh le héarlaisí do chúrsaí an samhradh seo.

Deir lucht na gcoláistí samhraidh gur ródhéanach a tháinig an rabhadh faoi na héarlaisí agus chomh maith leis sin go raibh go leor costais reatha orthu fad is a bhí siad ag fanacht ar scéala faoi reáchtáil chúrsaí na bliana seo.

I mí na Bealtaine a d’fhógair Roinn na Gaeltachta nach mbeadh na coláistí samhraidh á reáchtáil don dara bliain as a chéile.

Agus an ciste do na hallaí pobail á fhógairt inniu aige, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur “údar sásaimh” dó an scéal.

Dúirt sé gur “céim eile” a bhí ann chun “cabhrú” le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ciste cúitimh €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha'